Monday, June 08, 2009

Bua sa Liobáin

Tugadh droim lámha do na sceimhlitheoirí Hezboladh sa Liobáin - buíochas mór le Dia. Freagra don Iaráin sin, cinnte. Chaith an Iaráin agus an tSiria mórán airgid agus bhí brú nach beag ar an Liobáin chun níos mó cumhachta a thabhairt do Hezboladh - ach ní dhearna! Seo cur síos suimiúil air. Le cúnamh Dé, beidh athrú scéil san Iaráin féin, sula scriosfar a dtír (agus cá bhfios cén dochar eile a dhéanfaidís). Beidh a dtoghchán féin acu ar an 12ú. Ní bheidh ach rogha an dá dhíogha acu, acu b'fhéidir an duine is fearr de na drochdhaoine a roghnú, mar sin féin (agus fáil réidh le Ahmadinijad).

Ach ná bímis ró-dhóchasach faoin Iaráin.

2 comments:

Unknown said...

Is é do bheatha, a Dhaithí. Tá ardmheas agam ar do cuid barúlacha ach sílim go bhfuil tú róchua ar Hezb’Allah. Tá comhghuaillithe acu ar Críostaithe iad, tá siad ag glacadh páirte i dtoghchán agus ag glacadh páirte sa rialtas, à la Sinn Féin. Tá dul chun cinn déanta.
Ceist eile, cad chuige an teideal ‘Caomhach?. Ar chaill mé an íoróin?
ciaranop@gmail.com

Séamas Poncán said...

Cén fáth go bhfuil tú ag caint le Daithí ar mo shuíomhsa? Chaill tú do bhealach, is dócah.
Is uafásach ar fad go seasann roinnt de na Críostaithe le Hiosboladh. Cúis náire dóibh.