Friday, September 25, 2009

Admhaím é - Is Duine Gorm é!

An Té a bhí le teacht, an rí-uasal Barack H. Ó Bama, uachtarán an domhain... Sea, is fuath leis na coimeádaithe é. Ní aontaímid leis faoi rud ar bith.
Mar go bhfuil sé gorm.
Go díreach mar na daoine seo.
Agus na daoine seo.
Agus daoine mar an duine seo.
Mar is ionann iad go léir, tá a fhios agat. Dar leis an eite chlé, dar ndóigh, a bhíonn ag trácht ar chine BHO i gcónaí. Ní féidir le haon duine cur ina choinne gan a bheith i gcoinne gach duine gorm, dar leo.
Agus tá daoine ann (fiú i dtír na saonta is na scoláirí) a chreideann a leithéid!

1 comment:

aonghus said...

Chonaic mé an argóint is fearr in aghaidh an líomháin áiféiseach seo ar pictiúr de phóstaer ag agóid in aghaidh an athrú Cúram Sláinte. (Ní cuimhin liom cá háit ar líne a chonac)

"Níl mé ciníoch. Ní maith liom Biden, Pelosi ná Clinton ach oiread!"

Modh leisciúil gan dul i ngleic le argóintí atá ann - cinsireacht faoi bhrat na moráltachta.

Súil agam go dteipeann ar an mhodh argóna seo, ach...