Saturday, August 01, 2009

Ché Guevara, Dúnmharfóir

Chonaic mé duine ag tagairt do scannán nua agus Ché ina laoch ann. Sea, bhí gluaisrothar aige! Agus mharaigh sé mórán daoine, mar a dhéanann gach fíor-chumannach. Is uafásach mar a dhéantar laoch de, nuair nach raibh ann ach duine olc. Mar is iondúil, bíonn daoine ag cur a gcuid fantaisíochta agus 'hope and change' ar dhuine nach dtuileann iad agus nach mbaineann leo. Is minic gurb iad na daoine céanna iad a chuireann 'aontaitheoir agus 'fear a tarraingíonn daoine le chéile' agus a lethéid ar Ó Bama.
Gan teagmháil ar bith leis an saol mar atá sé, mo léan.

1 comment:

aonghus said...

Is cinnte go bhfágann scéal úd Gates agus Crowley, agus ráiteas amscaí Obama drochbhlas.

Is mór an trua é, ach seans gur maith an rud é go bhfeicfear cosa cré a bheith aige.


Muna bhfuil dallamullóg curtha aige ar an saol mór le cúpla gloine beorach ar faiche an Tí Gheal.

Maidir le Ché, bhuel, bíonn an réabhlóidí a d'éag go hóg i gcónaí tarraingteach, rómánsúil.