Thursday, December 31, 2009

Slán leat, a 2009

Seo sracfhéachaint siar ar an mbliain a chuaigh thart.

  • Tá uachtarán againn sna stáit an-difiriúil ón duine roimhe, gan amhras. Is fíor faoisean gach a deirtí (mar bhréag) faoi GWB, faraor. Gheall sé nach raibh sé claonta mar gheall ar pháirtí, agus mar a tharlaíonn, scoilt níos mó ná riamh a rinne sé is a chomhphártaithe ar an eite chlé idir an dá pháirtí. Dúirt sé go mbeadh rialtas glan oscailte aige, ach a mhalairt atá fíor. Dúirt sé nach ndéanfadh sé aon rud a rinne GWB, ach tá an chuid is mó dá raibh ar siúl aige maidir le sláinte na tíre fós i réim, cé go mbíonn BHO ag iarraidh iad a lagú. Dúirt sé go mbeadh caidreamh ní b'fhearr aige leis an saol lasmuigh, agus chuaigh sé ó áit go háit ag gabháil a leithscéil as Meiriceá agus ag gealladh gach ab fhéidir leis dár naimhde (agus uaireanta ag maslú is ag déanamh fill ar ár gcairde). De réir dealraimh, ní maith le héinne níos mó sinn mar gheall air. Is cinnte nach bhfuil meas dá laghad ag ár naimhde orainn. Dúirt sé go gcaithimid sléibhte airgid a chaitheamh chun cúrsaí eacnamaíochta a chur in a gceart. Bíonn siad á gcaitheamh, ach is beag an feabhas atá ann, agus an méad atá ann, is ina aithneoin é. Níl mórán daoine sásta le BHO agus a chomhghleacaithe. Ach ní bheith seans againn fáil réidh leis go ceann trí bliana eile, faraor.
  • Tá an domhan níos teo! Mar dhea. Ach tá an coimhlint idir na daoine ceartchreidmheacha agus sinne nach bhfuil den chreideamh sin níos teo. Sílim mar sin féin nach bhfuil Al Gore ina dhia ag an méid céanna daoine agus a bhíodh. Tá dóchas ann, cé go mbítear ag caitheamh airgid go leor amú agus go mbíonn lámh láidir ag na teolaithe fós.
  • Tá an Iaráin faoi smacht ag na haintiarnaithe fós, ach tá muintir na hIaráine fós ag léirsiú is ag seasamh ina n-aghaidh. Go ndéana Dia trócaire orthu. Go raibh ciall is crógacht mar atá acusan ag an lucht féachana lasmuigh, BHO agus ceannairí na dtíortha Eorpacha go háirithe. Is náireach nach bhfuilimid go léir ag seasamh leis na daoine sin ar son na saoirse is na gcearta daonna. Ach is cuma le lucht agóide na gcearta daonna mura mbíonn siad ábalta gearán faoi Iosrael nó na Stáit Aontaithe....
  • Tá an géarchéim eacnamaíochta fós orainn, agus níos measa in Éirinn in 2009. Agus níl aon rialtas á réiteach i gceart (dá mb'fhéidir leo...). De réir dealraimh, tá an Eoraip ag iarraidh níos lú airgid a chaitheamh agus cúpla rud ciallmhar a dhéanamh. A mhalairt leis na Stáit.
  • Ghlac Éire le rialtas na nEorpach (An Conradh/Bunreacht). Feicfear an mbeidh níos lú le rá acu faoi chúrsaí as seo amach. Ar chúis éigin, ceapann na daoine a bhí ar son an chonartha go mbeidh níos mó cumhachta ag Éirinn. Más amhlaidh, cá bhfios nach mbeidh Éire ábalta diúltú leis an gcéad rud eile a bhrúnn na Eorpaigh mór le rá uirthi...
  • Tá cogadh agus sceimhlitheoireacht fós i mbarr a réime, faraor. Guímis go mbeidh síocháin againn san athbhliain. Ní bheidh gan mhíorúilt, faraor. Tá seans i mbfadh níos mó ann go mbeidh buama adamhach ag an Iaráin. Ní raibh éinne i ndáiríre faoin síocháin in 2009.
  • Scriosadh tréimhseacháin thábhachtaí na Gaeilge agus rinne rialtas na hÉireann praiseach de arís eile. Ach ar an lámh eile, ath-thosaíodh An Gael, agus tá dóchas ann fós. Tá Nós* agus An Druma Mór/Nuacht 24 ann, freisin. Daoine neamhspleácha i mbun gach cinn díobh. Dá mbeadh lucht a léite ní ba mhó....
  • Bhí deachrachtaí pearsanta agus fadhbanna go leor ag roinnt dínn. Chailleamar cairde is gaolta. Ach rugadh agus pósadh daoine, agus bhí buananna againn freisin. Tosaíodh blaganna agus chuaigh blaganna ina dtost. Bliain mar aon bhliain eile. Go raibh bliain bhreá againn go léir in 2010. Agus bímis buíoch as a chéile.

Táim buíoch de gach duine a léann an blag seo, a éisteann le mo phodchraoladh agus a fhéachainn ar mo fhíschraoladh, agus táim buíoch de Dhia as mo chairde Gaelacha go léir. Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise daoibh, a chairde. Slán, go dtí an chéad bhliain eile.

Séamas 'cé nach n-aontaím leis' Ó Neachtain.

3 comments:

aonghus said...

An bail chéanna ortsa.

John M O Donoghue said...

leat féin freisean.

Séamas Poncán said...

Ach nílimse ag imeacht...