Wednesday, January 14, 2009

Nílim i m'Aonar

Ar 14 Eanáir 2009 thug Rónán Mac Aodha Bhuí deisín dom agus do dhuine eile nach spalpann líne an pháirtí, duine darb ainm Tom Carew, cás Iosrael a mhíniú ar a chlár. Bhí a lán eolais agus tuiscint ar na fíricí ag mo dhuine, agus treisim leis.

Ag tús an chláir, d'iarr Rónán ar Sheosamh Mac Muirí stair na Palaistíne a ríomh, agus rinne sé jab réasúnta maith, ach amháin nach raibh gach dáta i gceart aige (réim na Muslamach) agus go háirithe nach raibh sé ag caint faoin bPalaistín, ach go raibh sé ag caint faoi Iosrael amháin. Is féidir nach cuimhin liom i gceart, mar níl an clár ar fáil fós ar an idirlín - is féidir gur iarr Rónán air stair Iosrael a ríomh. Pé scéal, ní leor an stair sin gan comhthéacs. Thug sé roinnt de, ach is ábhar rómhór sin. Táim den tuairim nach bhfuil Seosamh claonta, as an méad a dúirt sé ar an gclár. Sílim go dtuigeann sé castacht an scéil, ar aon nós. Tá súil agam.

Agus mé ar an gclár seo, rinne mé botún - is í an Iordáin an leath eile de sheanlimistéir na Palaistíne. Dúirt mise an Liobáin. Ar aon chuma, tá a dtír féin ag na hArabaigh cheana féin - tír atá níos mó na Iosrael. Rinneadh an Iordáin den chuid is mó den limistéir seo in 1922. Ceist agam oraibh, a shaineolaithe:
Cén fáth nach dtugtar Palaistínigh ar mhuintir na hIordáine?

Ach níl sé sin i gceist i ndáiríre. Níl sé ceart ar chor ar bith stair tíre a phlé chun cead a thabhairt don stát sin a bheith ann tar éis seasca bliain. Níl éinne ag iarraidh an stát sin a thabhairt ar ais go na Sasanaigh, ná do na Tuircigh, ná do na Rómhánaigh... Níl suim ag éinne sa stair mar a tharla, le fírinne, agus ní féidir linn dul ar ais agus an stair sin a athrú (cé go n-athraítear í go minic nuair a insítear í). Beatha nó bás Iosrael atá i gceist.

Dúirt duine ar an gclár raidió inné nach bhfuil sé de cheart ag éinne taobhú le hIosrael agus an feachtas atá ar bun faoi láthair, go bhfuilimid a dhéanann amhlaidh dall agus araile. Sin tús agus deireadh aon phlé lena leithéid. Nós na liobrálach (sa tuiscint nua-aimseartha) sin, gan cead cainte a thabhairt d'éinne nach n-aontaíonn leis na daoine ceartchreidmheacha. Faisistí iad, le fírinne, ach sin scéal eile...

Ah, lucht na síochána... Is póilíní na smaointe roinnt mhór díobh, le fírinne, agus níos measa. Nach bhfuil sé ceart náire a bheith ar na hÉireannaigh as a leithéid sin d'iompar?

Is léir nach mbíonn na frithIosralaigh ag obair ar son na síocháine ar chor ar bith. Tá siad ar thaobh iadsan a deir nach bhfuil cead ag Giúdach a bheith ann, agus nach bhfuil tír darb ainm Iosrael ann. Tá siad ag taobhú leis na sceimhlitheoirí, sin uile. Agus is é sin is cionsiocair an bháis a bhíonn á imirt sa Mheánoirthear. Iadsan.

(DAS, cén fáth nach mbíonn lucht tacaíochta Iosrael ag iarraidh tairge na bPalaistíneach a cnagadh ó sheilfeanna sna siopaí? a) Níl sé ceart. b) Níl aon tairgí mar sin ann.)

Bíonn lucht tacaíochta Hamas ag rá nach bhfuil sé ceart go bhfuil arm cumhachtach ag Iosrael nuair nach bhfuil ach cúpla diúracán ón Iaráin ag Hamas. Ansin, maíonn siad go bhfuil Iosrael ag iarraidh sibhialtaigh a mhárú, páistí srl. Mar a dúirt mé ar an gclár:
Dá mbeadh cuspóir ag Iosrael sibhialtaigh a mhárú, bheadh i bhfad ní ba mhó daoine marbh! Sin a thuigtear as a ráitis féin (dá mbeadh suim sa loighic acu)! Ach is cinnte gur cuspóir Hamas é sibhialtaigh a mhárú - sin an t-aon rud a bhíonn siad ag iarraidh a dhéanamh lena gcuid diúracán. Ach is cuma leis na daoine céanna sin, muise. Lucht na síochána agus na gcearta daonna. Mo thóin.

Ní raibh deis againn freagra a thabhairt do gach rud mícheart a dúirt na daoine eile ar an gclár sin, agus ní dóigh liom go ndéanfadh sé aon mhaith. Ach tá súil agam go léighfidh cúpla duine an stuif a chuirim anseo, mar is beag foinse eile atá ann don Éireannach, go háirithe as Gaeilge. Bualadh bos do Rónán as an dá thaobh a léiriú, cé go bhfuil sé féin ar thaobh Hamas.

4 comments:

Anonymous said...

Is dearg-amadán amach is amach thú a mhac má chreideann tú go bhfuil éinne "ar thaobh Hamas" toisc go bhfuil siad ag cáineadh an tsléachta á dhéanamh ag Iosrael ar mhuintir Gaza.
Bíodh ciall agat.

aonghus said...

Chuala mé deiridh an chlár ar maidin - athchraoltar é idir 5:30 agus 6:30

Táim díreach á íoslódáil ó

http://www.rnag.ie/radio1/podcast/podcast_ronanbeo.xml

aonghus said...

A Chú,

Nílim cinnte faoi sin. Cinnte, bíonn Séamas beagán géar.

Ach tá daoine san Iarthar a thacaíonn le Hamas, agus ar mhaith le Iosrael a fheiscint scuabtha isteach sa bhfarraige. Táid ar son Hamas, chomh fada agus nach mbíonn orthu féin maireachtáil faoina réimeas!

Bhí a leitheidí ann le linn Stalin agus Hilter freisin.

Tá, mar a dúirt mé thall ar mo bhlagsa, an t-uafás de líne an pháirtí bainteach leis an bplé seo uilig.

Anonymous said...

Aonghuis, níl san argóint sin faoi dhaoine ar son Hama ach fear soip.