Tuesday, January 27, 2009

Tús na Ré Nuaí

Bliain a hAon atá ann, dar ndóigh, agus an Slánaitheoir i réim. Cad tá sé ag déanamh go fóill?

Tá sé chun Guantanamó a dhúnadh. Níl tuairim dá laghad ag éinne cad a dhéanfar leis na sceimhlitheoirí sin, ach ní bheidh siad i gCúba. Seolfar go hÉirinn iad, b'fhéidir? Stad sé na trialacha míleata, freisin. Tá 10 Meán Fómhar 2001 ann arís. Bhí mé in íoctar Mhanhattan inniu, agus is cuimhin liomsa cad a tharla, agus cén fáth nár tharla a leithéid arís le hocht mbliana. Tá súil agam nach mbeidh an seandearcadh ann arís, ach tá an dealramh sin ar an scéal, mo léan.

Tá rialtas na Stáit Aontaithe chun íoc as an nginmhilleadh thar sáile arís. Agus tabhairfimid airgead don UN Population Fund, chun an ginmhilealladh a mhol is a spreagadh do na bochtáin ar fud an domhain, agus chun cabhair a thabhairt do na Sínigh é a bhrú ar shaoránaigh a dtíre. Sea, is sacraimint don eite chlé é an ginmhilleadh. Tá Nancy Pelosi chun mórán airgid a chaitheamh ar a leithéid mar chuid den phacáiste chun an geilleagar a spreagadh. Mar chuid den phacáiste ón nDáil Mheiriceánach chun breis is ocht gcéad billiún dollar a chaitheamh (a dhéanamh agus ansin a chaitheamh)....go sábhála Dia sinn. Ní íocfar an bille sin go deo, agus ní dhéanfaidh an chuid is mó dé difear ar bith chun an geilleagar a fheabhsú. Muicfheoil agus coiscíní atá i gceist. Ach is breá le Ó Bama é.

Tá an t-uachtarán Ó Bama ag rá gur mhaith leis an Defense of Marriage Act a aisghairm. Sin chun an homaighnéasachas a chur chun cinn, agus an pósadh traidisiúnta a scriosadh.

Tá fadhbanna leis na daoine a roghnaigh sé mar chomhairleoirí, ach sin scéal eile. An chuid is mó díobh, is lucht Clinton iad (fiú Bean Uí Chlinton féin!), agus tuigimid na fadhbanna ansin.

Níl cead ag an CIA rudaí áirithe a dhéanamh níos mó. Tá baol ann mar gheall air sin. Ach tharlódh sin agus McCain ina uachtarán, freisin.

Sin samplaí. Agus níl ann go fóill ach a chéad sheachtain. Muise.

No comments: