Monday, January 05, 2009

An bhFuil Cead Agaibh Fós?

Tá an lucht frithMheiriceánach idir dhá chomhairle le déanaí. An bhfuil cead acu fós fuath a thabhairt do Mheiriceá, agus Ó Bama ina uachtarán (beagnach)? I Meiriceá, na daoine ar fuath leo Meiriceá agus an tIarthar i gcoitinne, is iadsan is mó atá trína chéile. Le bliain anuas, tá siad agus a gcairde ag insint dúinn go mbeidh gach rud i gceart nuair a thágann a slánaitheoir, Barak. Ach dúirt Barak gur cara d'Iosrael fós Meiriceá, agus tá amhras ar a chairde thar sáile (agus sa bhaile) ó shin i leith. Nach cuimhin leo gur fuath leo Meiriceá i gcoitinne, seachas George W. Bush amháin? Tá siad dóchasach go fóill go ndéanfaidh Barak toil na hEorpa nuair a bheidh sé i gcumhacht, agus nílim féin cinnte faoi sin. Ach ní dóigh liom go mbeidh fiú Barak H. Ó Bama ag tacú le Hamas agus a gcairde.

Seo sampla dá bhfuil le teacht

Agus maraon lena sheasamh le polasaithe seanbhunaithe Mheiriceá, níos measa ná sin, tá Giúdach ag Ó Bama mar chomhairleoir! Agus is iomaí frithGhiúdach atá ann i measc na bhfrithMheiriceánach. Muise, nach údar dóchais é in aon chor?

Caveat empor, a lucht na heite clé! Is Meiriceánach fós é. Agus tá cead agaibh fós, go dtí an uair go mbeidmid go léir ag canadh an Internationale...

Go sábhála Dia Stáit Aontaithe Mheiriceá. Agus go n-éirí le hIosrael na sceimhlitheoirí a chosc, is a scriosadh, más gá, ionas go mbeidh síochán ann lá éigin.

(Ach maidir le foireann Uí Bhama agus an tsíocháin, nílimid ró-dhóchasach...féach deireadh an ailt iontaigh seo.)

8 comments:

Concubhar said...

Diúltaim go h-iomlán don lipéad 'frith Iúdach' a bhaist tú orm gan chúis. Clúmhilleadh atá ann gan amhras.

Creidim gur íonsaí barbartha é íonsaí na nIosraelach ar phobal na Palaistíne i nGása ach, chomh maith le sin, cháin me na h-ionsuithe roicéid a bhí á dhéanamh ag Palaistínigh aintoisceacha ar chosmhuintir Iosrael.

Dúirt mé go gcreidim go bhfuil sé deacair a shamhlú go seasfadh an Teach Bhán le linn réimeas Obama leis na Palaistínigh agus Rahm Emanuel, ar de shlíocht Síónach creidim, ina cheann foirne ann. Ach dúirt mé freisin gur feidir go mbeadh an ceangal seo á úsáid ag Obama chun tionchar a imirt ar na hIosraeiligh. Is féidir go dtabharfadh Iosrael cluas do theachtaireacht níos crua ó Washington dá mba ó bhéal duine ar nós Emanuel a tháinig sé - ach níl a fhios agam. Beidh le feiceáil.

Tuairim é seo nach bhfuil frith Iúdach ach níl aon amhras orm go bhfuilim i gcoinne foreigean, foreigean na nIosraelach agus na bPalaistíneach cé go gcreidim go bhfuil ionsuithe Iosrael níos barbarthaí de bharr na h-armlóin atá acu. Coimhlint 'David agus Goliath' atá ann -an iarraidh seo is Palaistíneach é David seachas rí ar na Iúdaigh.

Murar feidir le duine tuairim atá réasúnta agus tomhaiste a nochtadh gan canncráin idirlíne bheith ag baisteadh 'frith Iúdaigh' air, is olc an lá é.

Séamas Poncán said...

"Ar ndóigh is léir gur beag seans a bheidh ann go mbeidh Obama ag íonsaí Iosrael go h-oscailte agus fear de shliocht Síónach, Rahm Emanuel, mar cheann foirne aige sa Teach Bhán. Ach b’fheidir gur fear é an tUasal Emanuel a bheidh úsáid leis chun labhairt go réasúnta le hIosrael ar son na siochána." a scríobh C. Cad eile is brí de 'se shliocht Síónach' ach go bhfuil tú amhrasach faoi mar gur Ghiúdach é? Baineann
'sliocht' le cine. Tá áthas orm nach frithGhiúdach thú, ach tá an dealramh sin ar a bhfuil scríofa agat.

Anonymous said...

Éist a chroí is fearr i bhfad duit gan a bheith ag tabhairt ainmneacha cosúil le 'frith Iúdach' ar dhaoine, ní maith le mórán daoine go dtabhairfidh ainmneacha orthu, maidir le bheith fith Meiriceánach, bheul is lá geal an lá úd nuair a thiocfaidh Ó Bama (sic) le cuidiú Dé i réim...

Anonymous said...

Bhí athair Rahm Emanuel san Irgun, sin atá i gceist ag Conchubhair go bhfios dom, anois a mhac, cá bhfuil do leithscéal?

Concubhar said...

Is léir gur mí thuiscint atá anseo. Deirim gur de shliocht Shíonach é - is éard atá i gceist agam gur Zionist abea a athair, Benjamin. Ball den Irgun a bhí ann -agus an trachtaireacht atá ar an eagras sin ar Wikipedia gur eagras 'militant zionist' abea an Irgun.

Seo níos mó eolais faoin Irgun -

The Irgun was the armed expression of the nascent ideology of Revisionist Zionism founded by Ze'ev Jabotinsky. He expressed this ideology as "every Jew had the right to enter Palestine; only active retaliation would deter the Arabs and the British; only Jewish armed force would ensure the Jewish state".[1] Over time the focus of their actions shifted from the Palestinian Arabs to the British.[citation needed]
Some of the better-known attacks by Irgun were the bombing of the King David Hotel in Jerusalem on 22 July 1946 and the Deir Yassin massacre (accomplished together with the Stern Gang) on 9 April 1948. In the West, Irgun was described as a terrorist organization by The New York Times newspaper,[2][3], The Times (of London) [4][5], the British Broadcasting Corporation [6], the Anglo-American Committee of Enquiry[7], and prominent world and Jewish figures, such as Winston Churchill[8], Hannah Arendt, Albert Einstein, and many others.[9] Irgun attacks prompted a formal declaration from the World Zionist Congress in 1946, which strongly condemned "the shedding of innocent blood as a means of political warfare".[10]
Irgun was a political predecessor to Israel's right-wing Herut (or "Freedom") party, which led to today's Likud party. Likud has led or been part of most Israeli governments since 1977.


Sílim go bhfuil leithscéal tuillte agam, a Shéamuis.

Séamas Poncán said...

Agus cad a rinne tuismitheoirí na ndaoine nach Giúdaigh iad?
Seo rud eile ó bheathaisnéis Rahm Emmanuel:

'One of his proudest moments during the Clinton administration "was an event that touched his political sensibilities and his personal ties to Israel: the 1993 Rose Garden signing ceremony after the Oslo Accords between Israel and the Palestine Liberation Organization ("PLO"). Emanuel directed the details of the ceremony, down to the choreography of the famous handshake between Israeli Prime Minister Yitzhak Rabin and PLO leader Yasser Arafat."'

Concubhar said...

Leithscéal ar bith go fóill.

Maidir le do ráiteas faoi Rahm Emanuel agus comhaontú Oslo - is é sin go deimhin an pointe atáim ag tagairt do. Gur féidir go mbeadh duine dá chúlra an oiriúnach chun siocháin a bhrú ar Iosrael mar go n-eistfeadh siad leis nuair nach n-eistfeadh siad le Blair nó na NA nó Sarkozy.

Tuigim tost Obama faoi láthair cé nach n-aontaím leis. Tá daoine á marú gach lá, a bhfurmhór acu sibhialaigh gan urchóid.

Anonymous said...

Ní chuirfinn am ar bith amú ag plé na ceiste seo lena leithéid a Chonchubhair, baintear úsáid go minic as an lipéad sin 'frith-Iúdach' ag lucht an eite dheis sna stáit, agus in Iosrael, gach aon uair a cheistíonn éinne polasaithe cogaidh Iosrael i leith na bPalaistíneach.

Tá muid ag an bpointe uafásach anois go bhfuil an-drogall ar Aontas na hEorpa labhairt amach le chéile, in aon ghuth, in aghaidh Iosrael ar an bhfíor-eagla go dtabharfadh éinne "frith-Ghiúdach" orthu nó a chuirfeadh "frith-Ghiúdachas" ina leith.

D'admhaigh Proinsias de Rossa féin an méid sin go hoscailte ar an nGlór Anoir inné.