Monday, June 22, 2009

Tá Dia Mór! Bás don Deachtóir!

Cé a cheapfadh go mbeadh an móramh i Meiriceá ag seasamh leo siúd a ghlaonn 'Allahu Akbar!' óna ndíonta? Ach is laochra iad atá á dhéanamh san Iaráin. Is é uair na cinniúna san Iaráin, agus guím gach rath ar na réabhlóidí. Sea, is réabhlóidí iad anois!

Seo tuairiscí is tuairimí (as Béarla) faoina bhfuil ar siúl ansin.

Gach lá, bíonn sé níos léire cé chomh huafásach agus atá an rialtas, agus nach bhfuil ann ach deachtóireacht mhíleata, seachas rialtas na ndaoine. Tuigeann an domhain seo. Tuigeann muintir na hIaráine seo anois. Tuigeann sliocht na hIaráine anseo i Meiriceá, cinnte. Tharla tubaiste ansin 30 bliain ó shin. Seo chugainn an réiteach, le cúnamh Dé.

Pé rud a tharlóidh, tá an saol athraithe sa tír sin. An réabhóid abú!

Agus pé rud a deir an fear lag atá ina uachtarán faoi láthair, bíonn na Stáit Aontaithe ar thaobh na saoirse.

Thursday, June 11, 2009

Et tu, a Dhubhglais De hÍde?

Ní fhaca mé an scéal seo ceithre bliana ó shin. Ní thuigim an neodracht. Níl sé ceart a bheith neodrach agus cairdiúil le haintiarnaí agus coirpigh, dar liomsa. Tharla na rudaí náireacha seo fadó, ach is ábhar machnaimh iad don lá atá inniu ann.

Má phléascann an Iaráin buama adamhach in Iosrael, slán mar a n-insítear é, an mbeidh Éire cairdiúil leis an Iaráin fós? An mbeidh Éire neodrach go deo? Nó an seasfaidh sí leis an gceart ar ball? Bhí sé casta go leor sa dara cogadh domhanda, mar ní bheadh Éire sásta troid ar son Sasana. Ach bhí i bhfad ní ba mhó ná sin i gceist, fós féin, go háirithe ag deireadh an chogaidh. Bheadh siad ábalta a rá go raibh siad ag seasamh leis an mBeilg, nó tíortha eile. Níor mhaith le Meiriceá Stalin, ach sheasamar leis i gcoinne Hitler.

Is ionann domsa an neodracht agus a bheith ar nós cuma liom maidir leis an gceart - agus mar sin, ag ceadú an mhíchirt. As ciúnas tuigtear tacaíocht. Agus bhí a fhios ag Dev féin nach raibh aon chosaint ann sa neodracht.

Tá beartas de neodracht mhíleata ag Éirinn agus ní ball d'aon chomhghuaillíocht mhíleata í. Mar sin féin, ar feadh caoga bliain, tá sí ag glacadh páirte gníomhaí in oibríochtaí coinneála síochána na NA agus údaraithe ag na NA agus tá páirt ghníomhach aici i bhforbairt Bheartas Slándála agus Cosanta na hEorpa.

Rinne an tAire tagairt freisin do neodracht na hÉireann, ag rá nach gcuirfeadh an Conradh Éire faoi aon chomhcheangal míleata ná cosanta d'aon saghas.


Ba mhaith leo an cáca agus é a bheith ite acu freisin, an ea? Cén fáth go bhfuil suim ag Éire i mBeartas Slándála agus Cosanta na hÉorpa nuair nach mbeidh siad sásta aon bheart mhíleata a dhénamh ar a shon? Nach leor an neodracht di?

An bhfuil níos mó i dtír neodrach ná tír lag le béal mór? Tiománaí an chúlshuíocháin i gcarr an domhain? Tír a bhraitheann ar thíortha móra as a slándáil, nach mbeidh sásta cabhair ar bith a thabhairt do na tíortha sin má bhíonn gá leis? Sin fadhb mhór na hEorpa, freisin. Ní féidir leis an Eoraip í féin a chosaint gan na Stáit Aontaithe. Níl aon chogadh domhanda eile le fada, agus an Eoraip lag, agus mar sin, tá na Stáit sásta íoc as a slándáil. Fiú na tíortha neodracha. Ní fheadar an dtiocfaidh an lá nach mbeidh na Stáit chomh flaithiúil, go háirithe nuair a bhíonn na hEorpaigh ag clamhsán faoi. B'fhéidir ba chóir dúinn a bheith neodrach?

Monday, June 08, 2009

Bua sa Liobáin

Tugadh droim lámha do na sceimhlitheoirí Hezboladh sa Liobáin - buíochas mór le Dia. Freagra don Iaráin sin, cinnte. Chaith an Iaráin agus an tSiria mórán airgid agus bhí brú nach beag ar an Liobáin chun níos mó cumhachta a thabhairt do Hezboladh - ach ní dhearna! Seo cur síos suimiúil air. Le cúnamh Dé, beidh athrú scéil san Iaráin féin, sula scriosfar a dtír (agus cá bhfios cén dochar eile a dhéanfaidís). Beidh a dtoghchán féin acu ar an 12ú. Ní bheidh ach rogha an dá dhíogha acu, acu b'fhéidir an duine is fearr de na drochdhaoine a roghnú, mar sin féin (agus fáil réidh le Ahmadinijad).

Ach ná bímis ró-dhóchasach faoin Iaráin.

Thursday, June 04, 2009

Obam Alechem

Fearadh fáilte Uí Cheallaigh roimh Obama i gCaireo, agus thug sé seó breá dóibh. Seo cúpla tuairim ar a ndúirt sé. Bhí sé an-hopeychangey, ach ní dóigh liomsa go ndéanfaidh sé níos mó maithe ná dochar.

Max Boot
www.jihadwatch.org
Mark Thiessen

Is mór an trua nár éist éinne le Bush. Bhí sé i bhfad ní b'fhearr (cé nach raibh sé ionraic maidir leis na fadhbanna bunúsacha in Ioslam ach oiread).

I also want to speak tonight directly to Muslims throughout the world. We respect your faith. It's practiced freely by many millions of Americans and by millions more in countries that America counts as friends. Its teachings are good and peaceful, and those who commit evil in the name of Allah blaspheme the name of Allah.

(APPLAUSE)

The terrorists are traitors to their own faith, trying, in effect, to hijack Islam itself.

The enemy of America is not our many Muslim friends. It is not our many Arab friends. Our enemy is a radical network of terrorists and every government that supports them.
- George W. Bush, 20 Meán Fómhair, 2001

Tiananmen Fiche Bliain ar Aghaidh

Fiche bliain ó shin sa tSín, bhí dóchas ann. Bhí an cumannachas ag fáil bháis in Aontas na Sóivéadach agus san Eoraip, agus ceapadh go raibh seans ann saoirse a bhaint amach sa tSín, freisin. Chonaic an domhan mór brúidiúlacht rialtas na Síne sna laethanta sin, ach chonaiceamar laochra a sheas ina haghaidh, freisin.

Seo mórán grianghraif de na leathanta siúd.

Ó shin, cé nach bhfuil aon athrú ar an rialtas úd, tugtar níos mó measa dóibh, níos mó cumhachta. Bhí na cluichí Oilimpeacha ann. Déantar i bhfad níos mó gnó leo. Ní luaítear eachtraí Tiananmen. Ní luaítear an Laogai. Ceannaímid earraí ón tSín, agus ar ball, úsáidfear an t-airgead sin chun ár gcomhlachtaí a cheannach uainn. Faightear airgead ar iasacht ón tSín, agus tá cumhacht as cuimse acu ar chúrsaí airgeadais sa lá atá inniu ann. Ní thugann siad aon chabhair don domhan chun smacht ar bith a choimeád ar an gCóiré Thuaidh, cé gur féidir leo. Bíonn siad ag bagairt ar an Téaváin i gcónaí. Ach ní féidir linn olc a chur orthu, mar gheall ar an airgead. Déantar gearáin faoin Tibéid uaireanta, ach níl rialtas ar bith an-dáiríre faoi. Tá an Sínigh ag déanamh a rogha ruda ann fós, ag scriosadh bailte agus a brú a gcultúr féin ar na daoine sin (iad siúd nach maraíonn siad).

Oscaíodh súile an domhain beagán in 1989, ach thiteamar inár gcodladh arís ó shin, maidir leis an Sín. Ní mór scéal Tiananmen a choimeád beo, a chuimhniú is ag múineadh don aos óg. Ní mór rialtas na Síne a thuiscint i gceart, mar deachtóireacht bhrúidiúil, pé íomhá dheas a chonaiceamar ó na cluichí Oilimpeacha. Pé rud a deir daoine amaideacha clúiteacha.

Táthar ag súil (le fada) go dtiocfaidh feabhas ar chúrsai agus go mbeidh saoirse ann ar ball, mar a éiríonn na Sínigh níos saibhre. Ní dóigh liom go dtarlóidh mura mbeidh laochra mar laochra Tiananmen ann. Go n-éirí siad arís.

Saturday, May 23, 2009

Fógra

Níl baint ar bith ag an bhfógra seo ná ag an iris seo le cúrsaí polaitiúla ('Buíochas le Dia' a chloisim?)! Ach tá sé an-tábhachtach domsa (mise an t-eagarthóir):

Tá An Gael ag Teacht!

Blag eile is ea Philo's Little Helper atá ann chun cabhrú leis an bhfoghlaimeoir a léann An Gael (irisleabhar atá as Gaeilge amháin). Pléifear a bhfuil san iris ansin, freisin, lcD.

Monday, May 18, 2009

Idir Dhá Chomhar

Fuair mé litir an-deas sa phost an tseachtain seo caite, ó bhord stiúrtha Comhar. Bhíodh síntiús agam, ach níor athnuaigh mé é, tar éis na gconspóidí is uile. Seoladh an dá chóip ba dhéanaí chugam i dteannta leis an litir. Bhí ceann díobh agam cheana, mar bhí scéal agam ann. An ceann eile, ceiliúrann sé Ó Bama. Tá a phictiúr ar an gclúdach, agus ar a laghad ceithre alt á mholadh. B'ionadh liom nach raibh 'centerfold' nocht de ann. Táim á léamh fós (cé nár léigh mé gach a bhfuil ann), agus idir dhá chomhairle maidir le síntiús a ghlacadh arís.

Níl an t-eagarthóir nua ann ach le seal, ach sna cinn a rinne sé go fóill, ní raibh mórán den tseanchaighdeán ann, agus cheap mé go raibh siad lag agus leamh.

Bhíodh ailt amaideacha ann i gcónaí maidir leis an bpolaitíocht, agus maslaí do Mheiriceá srl. ann, ach bhíodh siad sásta mo fhreagraí a fhoilsiú, freisin. Níor mhiste liom ábhar a sholáthair dóibh, agus b'iadsan amháin a d'íoc as ar shlí go bhfuair mé an t-airgead gan fadhb ar bith. Ar an lámh eile, níor iarr siad orm riamh aon rud a scríobh roimh ré. Ba chara do Comhar mé, ach ní bhíodh sé éasca i gcónaí. Bhí deis ann é a fheabhsú, ach ní dóigh liom go dtapaíodh an deis sin.

Tá ár n-iris féin againn anois, agus ní gá dom scríobh d'éinne eile, is dócha, cé go ndéanaim fós. Níl aon droch-ghuí agam do Comhar. Guím gach rath air. Ach níl a fhios agam an bhfuil mé sásta íoc as. Bíonn an iomarca de adhradh BHO le feiscint anseo cheana, agus a leithéid. Beidh ábhar i bhfad níos fearr in An Gael - ficsean agus filíocht, den chuid is mó - agus níl mórán de sin fós in Comhar. Níl na húdair ab fhearr liom ann níos mó, ach oiread.

Ní dhearna mé socrú go fóill, ach táim ag smaoineamh nach bhfaighfidh mé é. Tá an iomarca le léamh agam, agus níl sé tarraingteach go leor, dar liom.

Tuesday, May 12, 2009

Aon Uair a Cheaptar Nach Féidir le Daoine a Bheith Níos Measa...

Tarlaíonn a leithéid seo chun cur in iúl gur féidir. Cheapfaí go ndéanfadh gach éinne trócaire ar mharthanóirí an uileloiscthe. Ach tá daoine ann fós gurb fhearr leo iad a mhárú.

Ní bhaineann an saghas seo barbarthachta leis na Giúdaigh amháin, dar ndóigh.

San Ostair, níl ann sa lá atá inniu ann ach buíon bheag dá leithéid sin. Níl sé amhlaidh i dtíortha eile.

Nuair a ciontaíodh Adolf Eichman in 1962, bhí ceannteidil i nuachtán san Araib Shádach a dúirt "Ciontaíodh Eichman, a raibh sé d'onóir aige sé mhilliún Giúdach a mhárú"*. Ní fhoilsítear aon rud sa tír sin gan cead ón rialtas.

Tá a leithéid ann i Meiriceá, freisin. Mar a deitear sa scannán The Blues Brothers, "I hate Illinois Nazis." Faraor, ní scéal grinn amháin a leithéid de amadáin. Tá a leithéid fós ann (cé go bhfuil feabhas ar Skokie).




*nó sin an scéal - ní raibh mé ábalta sin a chinntiú.

Thursday, May 07, 2009

An Fhimíneacht

Is suntasach an difear idir dearcadh na heite clé agus dearcadh na heite deis maidir le cad is fimíneacht ann. Le fírinne, ní scoilt idir an dá thaobh polaitiúla é, ach scoilt idir iad a thuigeann cad is Críostaíocht ann, agus iad nach dtuigeann.

Ar an taobh Críostaí, tuigtear gur peacaí gach duine. Bhí mórán le rá ag Naomh Eoin ar an ábhar seo. Ní féidir a rá gur Críostaí tú agus a mhalairt saoil agat. Má mhaíonn duine go bhfuil sé ag leanúint Críost, ach nach ngránn sé daoine eile, is fimíneach é. Ach níl éinne foirfe. Má mhaíonn duine nach peacach é, tá sé ag insint bréige (1 Eoin, 1:6 - 2:12 srl.). Bíonn gá againn le maithúnas agus le cábhair Dé. Pé locht atá orainn, déanaimid ár ndícheall chun an rud ceart a dhéanamh, má táimid i ndáiríre. Ach dar ndóigh, is iomaí fimíneach a bhíonn ann san Eaglais, mar a sagairt a mholann do gach éinne bheith gan cúrsaí gnéis mhíchearta, a bhualann craiceann le buachaillí. Ní ionann sin agus nach fíor an moladh a rinne an sagairt sin, mar sin féin.

"L'hypocrisie est un hommage que le vice rend à la vertu." - La Rochefoucauld

An Críostaí a dhéanann rud mícheart, tuigeann sé gur mícheart é, de ghnáth. Nó tá sé ag cur i gcéill gur Críostaí é.

An té nach dtuigeann an Chríostaíocht, ceapann sé nach bhfeiceann Críostaí peaca ach i ndaoine eile. Tá daoine mar sin ann, ach ní hé sin teachtaireacht Chríost (féach Maitiú 7:3-5). Is féidir le Críostaí botúin a dhéanamh agus fós bheith ina Chríostaí.

Is fíochmhar na hionsaithe a dhéantar ar aon duine a sheasann le teagasc Críostaíochta, minic go leor. Cúpla sampla le déanaí ná na hionsaithe a dhéantar ar Carrie Prejean agus Bristol Palin (mar ionadaí dá máthair). Creidtear nach féidir le Críostaí a mhaíomh nach ceart gnéas lasmuigh den phósadh, nuair a rinne a hiníon botúin agus níor lean sí an teagasc sin. Agus creidtear nach féidir a bheith ar son an phósta mar a thuigtear é leis na cianta, agus bheith i do dhuine maith (go háirithe má dhearna tú botúin nuair a bhí tú óg). Ach mar a thuigimidne é, is fearr a bheith ag seasamh leis an bhfírinne agus gan a bheith foirfe, ná bheith i gcoinne an fhírinne agus ag maíomh gur foirfe tú. Nó fiú bheith i gcoinne teagasc Dé mar a thuigimid é mar gheall ar locht ar bith ionainn féin.

Is iomaí duine frith-Chríostaí a mhaíonn nach bhfuil ann ach an fhírinne mar a thuigeann siadsan í. Sin an t-aon rud a cheapann Críostaithe. Cuireann Críostaithe a gcás i láthair, agus mura n-aontaíonn tú leis, ní Críostaí tú. Aon duine nach n-aontaíonn leis na frithChríostaithe, is anathema é dóibh, cé nach raibh an duine sin ina bhall sa chreideamh gan Dia sin. Is sampla den éadúlaingt an duine nach n-aontíonn leo, agus níl cead ag éinne tuairim mar sin a nochtadh. Is fuath leo aon duine mar sin, agus déanann siad gach iarracht chun an duine sin a scriosadh os comhair an tsaoil. Mar is iadsan lucht na caoinfhualaingthe, dar ndóigh, na Daoine Maithe. Ní cheadaítear aon easaontas.

Tráth dá raibh, nuair a bhí gach duine i dtír áirithe in ainm is a bheith ina Chríostaí, nó (mar an t-aon rogha eile) a bheith i gcoinne an rialtais, bhí an éadualaingt chéanna ann. Ach ní raibh sé ann ar son na caoinfhualaingthe! Mar a tharlaíonn, tá saoirse coinsiais ann sa lá atá inniu ann. Tá saoirse creidimh ann (sna tíortha sibhialta, mar na Stáit Aontaithe agus Éire). Foghlaimíodh narbh aon toradh maith ar an éadualaingt sin. Ach tá siad ann anois ar mhaith leo a gcreideamh gan Dia a bhrú orainn go léir, ar son na caoinfhualaingthe, mar dhea. Nach í sin an fhimíneacht?

“Where there is no religion, hypocrisy becomes good taste” - George Bernard Shaw

Nó an é go bhfuil daoine ann ar an dá thaobh a thuigeann cad is fimíneacht ann, agus níl ann ach easaontas maidir le cad is fírinne ann? Ceist mhaith a bhí ag Píoláid (Eoin 18:38). Is tábhachtach an freagra.

Wednesday, May 06, 2009

Bó Bheag i gCló Mór

Bó Bheag
(i gcló mór)

Bíonn saol seo an idirlín trína chéile, gan amhras. Maidir le hinscne, tuiseal agus cúrsaí polaitiúla, go háirithe.

Cúpla sampla:


Ní nach ionadh go mbíonn dallamullóg ar dhaoine. Ní gá gur ionann sin agus go bhfuil siad dallaigeanta, cinnte, ach go háirithe. Cé go dtarlaíonn...

Ó bhó go deo! (Ba!)

Friday, May 01, 2009

An Fhírinne Maidir le Sarah Palin

Tá sé chomh deacair rud maith faoi Sarah Palin a fháil ar an idirlín agus atá sé chun rud maith a fháil faoi Iosrael nó George W. Bush - níos deacra, fiú. Níl mórán daoine ann agus an eite chlé ar buile fúthu níos mó ná í. Is uafásach an nimh a bhíonn ann, agus an mí-thuiscint agus an t-aineolas forleathan dá bharr. Cén fáth?

Bean ar éirigh léi ina saol, bean dea-chuma, chumhachtach, ábalta, dhea-mhúinte is dheaslabhartha. Ba bhreá leis an eite chlé í, cheapfá - ach is Poblachtach í, agus, och, an t-uamhan - Críostaí! Agus tá sí ar son beatha gach duine, fiú i mbroinn a máithreacha. Dar ndóigh, is fuath leis an eite chlé aon duine mar sin. Mar sin, rinne siad gach iarracht chun í a scriosadh. Bíonn siad á maslú agus ag tabhairt gach droch-ainm gur féidir leo uirthi. Tá an t-idirlíon lán le nimh is bréaga. Cé go bhfuil an feachtas uachtaránach thart, níl siad ag stadadh - mar tá imní orthu go roghnófar í mar iarrthóir ar oifig an uachtaráin an chéad uair eile. Ní mór dóibh í a scriosadh. Tá eagla orthu roimpi (fiú an bheirt nó triúir a chreideann aon rud fíor fúithi).

Gobharnóir Alaska í. Bhí sí ina méara roimhe sin. Roghnaigh John McCain í mar leas-uachtarán, ach níor éirigh leo san fheachtas. Ní raibh a páirtí féin cúramach chun í a ullmhú do gach ocáid, mar a céad agallamh ar an teilifís le duine den eite chlé, Katie Couric. Agus b'éasca do Tina Fey aithris a dhéanamh uirthi ar Saturday Night Live, agus mar ní bhíonn mórán daoine (óga?) sásta chun an fhírinne a lorg, cheaptar gur ionann an magadh sin agus an duine féin - cé go raibh sí sásta páirt a ghlacadh sa spraoi, agus an-mhisneach aici chun sin a dhéanamh. Ní fiú mórán an clár sin gan í, mar a tharlaíonn...cé go raibh sé greannmhar tráth dá raibh.

Tá daoine ann a sheasann léi, dar ndóigh. Is breá leis an móramh í in Alaska, agus is iomaí duine sa phartaí Poblachtach a bheadh sásta í a chur suas chun bheith ina huachtarán. Má tá naimhde agat mar atá aicise, is léir go bhfuil tú ar an taobh ceart. Is maith liom í, agus is maith liom í níos mó gach uair a dhéantar ionsaí amaideach nimhneach eile uirthi.

Seo alt eile a chuireann síos ar an bhfáth gur fuath leo í. Sílim féin go bhfuil gach rud is fearr faoi Mheiriceá le feiscint inti. Dar ndóigh, is fuath leo siúd gur fuath leo Meiriceá í go háirithe...

Seo a beathaisnéis oifigiúil, má tá suim ag éinne sa bhfíordhuine...

Agus cad é sin a dúirt sí faoin Rúis? Níl aon fhios agat, táim a ghealladh (mura léigh tú an nasc sin).

Wednesday, April 29, 2009

Céad Lá na hAoise Nuaí

Molaim an t-alt seo faoi BHO (as Béarla): Céad Lá agus Céad Botún. Níl gach botún san áireamh, dar ndóigh, ach is liosta le háireamh é mar sin féin.

Gach lá feicim pictiúir de BHO ar fud na háite agus 'Dóchas' agus 'Athrú' orthu. Creideamh atá ann, agus déanaim iontais caitheann a bhfeicfear nach dia é ach amadán sotalach. Bhí (agus tá fós, is dócha) 'Bush Derangement Syndrome' ann ar feadh i bhfad. Tá sé iompaithe go "Obama Delusion Syndrome," sílim. Nó cá bhfios nach ionann an dá ghalar. Is eisean an tAin-Bush, An Té a Bhí le Teacht.

creideamh eile ag roinnt dínn sna Stáit, dar ndóigh. Tiocfaidh ár lá (le cúnamh Dé). Idir an dá linn, go sábhála Dia sinn.

Monday, April 27, 2009

An Fhírinne agus Comhaontú na nEolaithe

Is iomaí uair go gcreideann mórmhór na n-eolaithe go bhfuil a fhios acu cad a tharla, conas a tharlíonn, agus cén fáth go dtarlaíonn rudaí éagsúla, agus tar éis tamaill eile, foghlaimítear nach fíor an rud a cheapadh ar chor ar bith, nó go bhfuil an scéal níos casta ná mar a cheapadh. Curtear i gcás nuacht a tháinig chun solais le déanaí faoi bhás na ndíneasár.

Go mion minic, bíonn easaontóirí ann i measc na n-eolaithe, agus teoiricí eile acu. Ní raibh gach eolaí ar aon fhocal maidir leis na díneasáir riamh, déarfainn, cé nach gceaptar sin go minic. Is iomaí rud "cinnte" nach bhfuil cinnte ar chor ar bith, cé go mbeadh an saol ní ba éasca a thuiscint dá mb'amhlaidh. Agus go mbíonn sé i bhfad níos éasca cuspóirí polaitiúla a bhaint amach má chreidtear nach bhfuil ach fíricí i gceist, seachas teoiricí.

Cuirtear i gcás an téamh domhanda. Le fírinne, níl aon chomhaontú ann ar chor ar bith, cé nach mbeadh a fhios sin ag éinne atá ar scoil nó ag léamh nuachtán agus ag éisteacht leis na meáin. Is fíricí dar leis na "húdaráis" go bhfuil sé ag tarlú, agus go bhfuil an cine daonna ciontach as (go háirithe na tíortha saibhre). Ach ní féidir le héinne aon chruthúnas a thabhairt faoi cheachtar "fíric" sin. Ach nach bhfuil Al Gore go hiontach ar fad? Is trua gur chaill sé an toghchán sin...mar dhea.

Tá an Téamh Domhanda mar cheideamh na laethanta seo. Níl baint ag an eolaíocht leis an gcreideamh sin níos mó. Seans chun airgead a fháil ó rialtais shaibhre, agus cosc a chur ar dhul chun cinn an iarthair, ar an gcaipitlicheas, agus ar an saoirse, sin iad na fíorchuspóirí, dar liom. Agus nach bhfuilimid go léir go breá, ag sábháil an phláinéid? Bualadh bas dúinn! Ach bheimis i bhfad ní b'fhearr dá gcuirfimis lámh inár mbás féin...

Stad sin! Tá tú ag déanamh CO2!

Friday, April 24, 2009

An bhFuil an Saormhargadh Ciontach?

Is iomaí duine atá an-tógtha leis an sóisialachas le déanaí, mar gheall ar an ngéarchéim eacnamaíochta. Na boic mhóra a ghoid ár gcuid airgid uainn, srl. Tá sóisialaí ina uachtarán sna Stáit, fiú, ar mhaith leis maoin na ndaoine a leathadh timpeall... Uaireanta cuirtear an milleán ar an saormhargadh agus easpa smacht rialtais as an drochstaid ina bhfuilimid. Ach cad a tharla le fírinne? An bhfuil aon bhunús leis an dearcadh sin?

Nuair a chéad thosaigh na fadhbanna ag teacht chun solais, Bear Stearns a bhí i dtrioblóid. An cúlra leis sin, Countrywide Mortgage, Fannie Mae agus Freddie Mac, agus na hiarrachtaí fophríomha. A rinneadh mar gheall ar an saint, dar ndóigh? Nó an ndearnadh? Cuid de sin, cinnte, agus na modhanna nua infheistiachta a cumadh orthu, bhí fadhbanna ann mar gheall orthu sin. Ach ní raibh aon chuid de sin thar fóir, thar chumas an mhargaidh, cé nach mbeadh gach rud éasca. Cuireadh síolra na bhfadhbanna roimhe seo.

Cad iad Fannie Mae agus Freddie Mac? Comhlachtaí Meiriceánacha a dhéanann gnó mar chomhlachtaí poiblí iad, ach seasann an rialtas taobh thiar díobh mar ráthoir. Mar sin, faigheann siad aon bhrabús, agus faigheann an rialtas aon chailliúint! Guais mhorálta a thugtar ar chás mar sin, agus is é sin is bunsiocair na bhfadhbanna go léir seo.
Maraon leis an nguais mhorálta sin, spreag dlithe na tíre na comhlachtaí seo chun iasachtaí a sholáthair do dhaoine (mar gheall ar a gcine) nach raibh ábalta iad a íoc ar ais. Thosaigh na bainc go léir chun a leithéid a dhéanamh, ar eagla nach mbeadh an rialtas sásta lena n-iompar. An iomarca riosca a bhí ann, mar sin.

Bhí airgead ró-shaor ón Federal Reserve, banc lárnach na Stát, mar gheall ar shocruithe a rinne siadsan. Cheannaigh i bhfad ní ba mhó daoine tithe mar bhí airgead ar fáil ó na bainc, gan costas mór, gan scrúdú géar. Bhí luach an dollar ró-íseal mar gheall ar a gcuid polasaithe, agus na cinntí a rinne i dtíortha eile, an Eoraip go háirithe. Infheistíocht sna tithe i Meiriceá, bhí sé sin an-tarraingteach do dhaoine ar fud an domhain - agus bhí brabús maith le déanamh ann ar feadh i bhfad. Bhí praghas an ola ag éirí as smacht, mar gheall ar droch-réamhfhaisnéis ó rialtais an domhain. Agus araile. Bheadh fadhbanna ann sa mhargadh, pé scéal. Ach bhí rudaí tábhachtacha eile mícheart, freisin, agus bhí an tubaiste i bhfad ní ba mheasa mar gheall airsean.

Bhrú an rialtas córas cuntasóireachta nua ar na comhlachtaí móra, ar a dtugtar 'mark to market.' Tá ar chomlachtaí pé luach dá bhfuil acu a chur síos de réir praghasanna an mhargaidh, seachas an luach a cheapann siad a bheith ceart agus cóir. Mar sin, tá sé i bhfad níos éasca brú a chur ar chomlacht leis an nganndíol agus a leithéid. Is féidir 'rith' a thosú ar chomhlacht.

Sin an rud a tharla do Bear Stearns.

Ach leis sin, chuir an rialtas a ladar isteach sa scéal arís. Bhrú siad margadh uafásach ar Bear Stearns, agus fuair JP Morgan iad ar phraghas an-íseal. Níor lig an rialtas cúrsaí an mhargaidh a oibriú sa chás sin (ach oiread).

Ceapadh gurb é sin a tharlóidh le gach comhlacht mhór as sin amach. Ansin, theip ar Lehman Brothers. Agus ní dhearna a rialtas faic sa chás sin, mar níor ghlac siad droch-mhargadh. Ach ceapadh go ndéanfadh an rialtas margadh éigin - agus mar sin, ní raibh éinne ullamh don bhuile sin, ar fud an domhain. Reo an margadh creidmheasa. Bhí rith ar chistí an mhargaidh airgid - an infheistíocht is sábhálta dá bhfuil ann, beagnach! Bhí ar an rialtas anois an phraiseach seo a ghlanadh den mhias, agus tá sé sin ar siúl fós - agus botúin eile á ndéanamh acu a dhéafaidh dochar eile, faraor. Tá an ghuais mhorálta i bhfad níos measa anois ná riamh, mar gheall ar na bailouts agus a leithéid sin. Tá airgead beagnach saor. Tá gach rud trína chéile fós, agus níl a fhios ag éinne cad eile a dhéanfaidh an rialtas faoi BHO. Ní aon mhuinín ag an margadh in Tim Geithner.

An é seo an saormhargadh?

Más mian leat cac a dhéanamh d'aon rud, cuir an rialtas ina bhun.

Tuesday, April 14, 2009

Cad é an Difear idir 'Ireland' agus 'Iceland?'

Sin an cheist ghrinn atá ag dul timpeall. An freagra? Litir amháin, agus sé mhí. Greannmhar? Ní dóigh liom, más Éireannach thú! Ach tá an dearcadh sin forleathan, faraor. Tá droch-chlú ar gheilleagar na hÉireann le tamall anuas. Tá ísliú céime ar fhiacha na tíre, ó AAA go AA+, fiú.

Tá an Íoslainn as gnó. Tubaiste uafásach a bhí ann. Bhí cúrsaí as smacht go huile is go hiomlán. Ní féidir go bhfuil Éire chomh holc. Ach tá mórán daoine amhrasach, fiú a cairde san AE.

Seo roinnt alt faoi gheilleagar na hÉireann agus an tochchaí. An tíogar íogair atá ann, b'fhéidir! Luaitear cúpla rud suimiúil sna hailt sin, go háirithe ceisteanna a bhaineann leis an AE céanna agus an Euro. An bhfuil cúrsaí níos measa in Éirinn (agus san Eoraip) mar gheall ar an Euro? Nach mbeadh sé ní b'fhearr dá mb'fhéidir le hÉirinn a cúrsa féin a stiúradh maidir lena cúrsaí airgeadais?

Tá baol ann go mbeidh tíortha eile na hEorpa chun Éire a 'shábháil,' agus go mbeidh a gcos ar bholg na hÉireann dá bharr. Is iomaí rud atá ag teacht salach ar a chéile i ngeilleagar na hEorpa. Ach tá daoine ann agus an tuairim acu go mbeadh cúrsaí i bhfad ní ba mheasa mura mbeadh Éire san AE agus ball an Euro. Síleann siadsan gur cuid de fhadhbanna na hÉireann ná gur dhiúltaigh sí Conradh Liospóin! Is iomaí léamh ar ghéarchéim - agus iomaí úsáid le baint aisti!

Tá cúrsaí go dona, sin rud cinnte, agus níl gach éinne (mórán, fiú) dearfach.

Go dtaga sibh slán as! Agus tiocfaidh, cinnte, ar ball. Ach faraor, de réir dealraimh, beidh cúrsaí níos measa sula mbeidh siad níos fearr.

Friday, April 10, 2009

Níor Thosaíomarne É

Mar is iondúil, nuair a bhíonn fadhb ar bith ann, cuirtear an milleán ar na Stáit Aontaithe. Sa chás is déanaí, táthar ag tagairt don mheath eacnamaíoch domhanda. Sílim go nglacann BHO féin leis an teoiric seo. Ceaptar go coitianta gur thosaigh an fhadhb le morgáistí agus baincéirí lena gcuid díorthach. Fadhbanna a bhí ann, cinnte, ach níorbh iad ba chionsiocair leis an bhfadhb ollmhór atá ann - a thosaigh i dtíortha eile sular thosaigh i Meiriceá, agus a bhí is atá níos measa iontusan ná atá sna Stáit.

Cad a tharla, mar sin? Seo míniú an-mhaith ar an scéal (as Béarla). Praghas na hola, i gcúpla focal. Cén fáth go raibh sin chomh hard? Tá teoiricí éagsúla ann. Pé rud a smaointear, is léir nár éirigh go maith leis na bainc is na comhlachtaí airgeadais. Dá mbeadh margadh saor ann, seachas OPEC is a leithéid, ní bheadh cúrsaí chomh holc, dar liomsa.

Ach is féidir an milleán a chur ar na Giúdaigh, más mian leat.

Wednesday, April 08, 2009

Comhcheilg na nGiúdach

Féachaint go mbíonn an-suim ag lucht léite na Gaeilge (de réir mar a sholáthraíonn na heagarthóirí é mar ábhar) i gcomhcheilg idirnáisiúnta na nGiúdach, seo radharc eile ar an scéal. Scríobh Giúdach é (as Béarla - teanga idirnáisiúnta na nGiúdach), agus mar sin, níl sé iontaofa, is dócha. Ach má tá suim ag éinne fós sa loighic agus san fhírinne, b'fhiú é a léamh.

Mar obair bhaile, léigh alt nó leabhar ar bith mar an ceann a scríobh Ó Cathain, agus cuir 'Críostaí' ann in áit 'Giúdach,' agus 'An Róimh' ann in áit 'Iosrael,' 'Caitliceach' in áit 'Síónach' agus sloinne Éireannach in áit gach sloinne Giúdach, agus déan do mhachnamh an frithChaitliceach é. (Ach más Caitliceach thú, níorbh fhéidir leat sin a mheas, is dócha, mar is ball den chomhcheilg thú...)

Maidir le Giúdaigh ar fuath leo Giúdaigh, daoine a cheapann daoine áirithe nach féidir a bheith ann ("Theip ar an frith-Sheimiteachas nua mar straitéis, dar le Gates, óir is deacair míchlú 'frith-Sheimiteach' a chur ar raibithe!" Cliste!), bhuel, is léir ó Chomsky agus a leithéid go bhfuil siad ann, agus an-úsáideach do na frithGhiúdaigh i gcoitinne. "The fact that they are Jews – however nominally – gives a free pass to the non-Jewish Jew-haters to dress up their bigotry as high-minded conscience, while still others of good will are led to believe the hateful lies and libels about Israel in the misguided belief that, since Jews are giving voice to them, they cannot be an expression of prejudice."

Thursday, April 02, 2009

Léigh Maidhc Ó Cathail leabhar!

Gach uair a smaoiním nach féidir leis na meáin Ghaeilge a bheith níos measa maidir le hIosrael agus na Stáit Aontaithe, faighim sampla níos measa fós. Cheap mé go ndearna an t-eagarthóir nua ar Beo! droch-chinneadh an mhí seo caite. Ach is léir gur polasaí é anois, alt maslach amaideach maidir le hIosrael a fhoilsiú gach mí le mo dhuine thuas. Mo náire iad.

Tá an t-alt seo lán de leithéid Noam Chomsky, Daily Kos agus uisce faoi thalamh na nGiúdach srl. Ní fiú mórán a rá faoin gcacamas atá ann ach gur náireach é go gceaptar gur iriseoireacht a leithéid. An nuacht is déanaí ó chorcracha an fhiabhrais (the fever swamps) atá ann. Ach má tá sé i gcló, ní hamhlaidh nach fíor é! Go díreach mar an Davinci Code, Protocols of the Elders of Zion, Mein Kampf agus Das Kapital!

Leabhar a scríobhach i gcoinne John McCain i rith an fheachtais uachtaránaigh is ea an píosa caca seo, agus ionsaítear McCain tríd síos, de réir dealraimh. Ach ní leor sin. Ní mór dó a insint do gach éinne conas a tharlaíonn go bhfuil sindeacáit choiriúil Shíónach taobh thiar de gach polasaí Meiriceánach, srl. Níl a fhios agam an séanann sé gur tharla an tUileloscadh, ach ní chuireadh sin aon ionadh orm, mar is ón dream siúd atá mo dhuine. Ach ní frith-Ghiúdach é, an dtuigeann tú.

"Noam Chomsky says: Breathless Just Reading It" Muise, sin "guilt by association."
Nach leor sin ina aghaidh, d'aon duine ciallmhar? An bhfuil aon daoine ciallmhara ann fós?

Céad Míle Fáilte?

Ní bhíonn gach blagadóir fáilteach romhamsa, is cosúil. Féach ar na blaganna Gaeilge agus na naisc atá luaite acu. Cé a bhíonn in easnamh? Blag lán-Ghaeilge é seo, agus podchraoladh agus físchraoladh Chumann Carad na Gaeilge, lán-Ghaeilge. Is cosúil gur Rodney Dangerfield na Gaeilge mé, muise.

iGaeilge? Gan aon cheann de mo bhlaganna.
An Druma Mór? Mar an gcéanna.
An Cainteoir Dóchais? Nílimse dóchasach go leor, is dócha.
Cumann Scríbhneoirí Úra na Gaeilge - Mise i mo bhall ansin, agus gan aon nasc!
Garraí Johnny Mhorgan? Sarraí!
Chetwynde Downs? Nílim ardnósach go leor, is dócha...
Seo Panu ag labhairt? Níl sé ag labhairt fúmsa - ach níl naisc go blaganna eile aige.
Hilary NY? Níor inis éinne di gan nasc a chur ann, is dócha! GRMA a Hilary.
Smaointe Fánacha Aonghusa? Muise, ceann eile! GMRA a Aonghus!
An tImeall? An chéad nasc! Is eipidéim é!
An Cnagaire? GRMA arís - cé go sríobhaimse níos minice...

Chun a bheith cothrom, ní raibh nasc agamsa go gach ceann díobh seo ach oiread. Is iomaí blag a d'imigh uainn feadh na mblianta. Cé eile atá ann a bhíonn ag scríobh as Gaeilge na laethanta seo? Sin a bhfuil? Nach uaigneach saol na Gaeilge, muise. An é seo an fáth go bhfuil duais na blagadóireachta ag an Oireachtas? Dosaen éigin blag?

Tuesday, March 31, 2009

Amaitéarach agus Sotalach

Gach rud a dúirt a naimhde faoi George Walker Bush, an chuid is mó de nach raibh fíor, is féidir an méad sin a rá le fírinne faoi Barack Hussein Obama. Seo liosta:

• “Tá sé sotalach.” Muise, ní fhaca mé riamh aon duine chomh lán le féinghrá ná BHO. Síleann sé go bhfuil sé in ann airgead as cuimse a chaitheamh AGUS gach fadhb eile, mar fhiacha na tire, a réiteach ag an am céanna, gan cabhair ar bith ó éinne nach n-aontaíonn leis.

• “Níl fios a ghnó aige.” Bhí Bush ina fhear gnó agus ina ghobharnóir sula raibh sé ina uachtarán. Níl aon chúlra mar sin ag an bhfear seo ach bheith ina pholaiteoir. Tá sé caillte.

• “Tá sé ina bhuachall bó ag déanamh a rogha ruda.” Rinne Bush iarrachtaí chun obair leis an bpáirtí eile ó am go chéile. Níl suim dá laghad ag BHO ina leithéid, pé rud a deir sé. “I won” deir sé, agus sin a bhfuil.

• “Ní meas ag éinne thar sáile air.” Is náireach é iompar lucht BHO maidir le cúrsaí idirnáisiúnta. Botún i ndiaidh botúin á ndéanamh acu, ag cur oilc ar Shasana, ag tabhairt bronntais náirigh don Rúis, srl.

• “Tá sé chun cogadh a fhearradh gan chúis gan chiall.” Maslaí don Phacastáin, bagairtí orthu, agus cogadh níos mó san Afganastáin. Cén plean atá aige chun éirí as sin? Agus caitheann a bheidh na trúpaí ag teacht abhaile ón Iaráic? Ón Eoraip?

• “Céasadh agus seachadadh urghnách agus Guantanamo…” In ainneoin gach a ndeir sé, tá na polasaithe céanna aige agus a bhí ag Bush. Ach amháin, ní thabharfar ‘war on terror’ ar an gcogadh seo. Athrú! Dóchas!

• “Caitheann an rialtas an iomarca faoina stiúir!” Bhuel, dúirt a pháirtí féin sin. Ní raibh Bush ach mar pháiste neamhurchóideach i gcomparáid leis an bpraiseach atá BHO le déanamh, fiacha ar bhfiacha leis na cianta!

• “Is dlúthchara na bhfir ghnó saibhre é.” Nuair nach mbíonn BHO ag glacadh seilbhe ar chomhlachtaí príomháideacha, bíonn sé ag fáil airgid óna n-úinéirí.

• “Is amadán é.” Ar chuala éinne BHO ag caint gan teleprompter?

• “Ní féidir leis caint.” Bhuel, tá teanga óir ag BHO, cinnte, ach ní bhíonn aon chiall sna focail ghalánta. Agus minic go leor, tá a chuid fadhbanna féin aige ag caint.

• “Bíonn sé ag iarraidh eagla a chur ar gach éinne chun a chlár oibre a chur chun cinn.” Beidh tubaiste ollmhór ann mura ndéantar gach rud ab áil le BHO!

• “Tá sé chun dialathas a dhéanamh de na SAM.” Deirtear gur Críostaí é BHO. Ach níos minice, ceaptar gur dia é féin!

• "Bíonn sé ag brú a chuid moráltachta orainn!" Nach maith leat an ginmhilleadh?

• “Ba mhaith leis easaontóirí a chur ina dtost agus faoi smacht.” B’fhearr le BHO Rush Limbaugh a throid ná a phost a dhéanamh i gceart.

• “Is faisistí é.” Ón eite chlé riamh a thagann an faisisticeas.

(srl.)