Tuesday, April 14, 2009

Cad é an Difear idir 'Ireland' agus 'Iceland?'

Sin an cheist ghrinn atá ag dul timpeall. An freagra? Litir amháin, agus sé mhí. Greannmhar? Ní dóigh liom, más Éireannach thú! Ach tá an dearcadh sin forleathan, faraor. Tá droch-chlú ar gheilleagar na hÉireann le tamall anuas. Tá ísliú céime ar fhiacha na tíre, ó AAA go AA+, fiú.

Tá an Íoslainn as gnó. Tubaiste uafásach a bhí ann. Bhí cúrsaí as smacht go huile is go hiomlán. Ní féidir go bhfuil Éire chomh holc. Ach tá mórán daoine amhrasach, fiú a cairde san AE.

Seo roinnt alt faoi gheilleagar na hÉireann agus an tochchaí. An tíogar íogair atá ann, b'fhéidir! Luaitear cúpla rud suimiúil sna hailt sin, go háirithe ceisteanna a bhaineann leis an AE céanna agus an Euro. An bhfuil cúrsaí níos measa in Éirinn (agus san Eoraip) mar gheall ar an Euro? Nach mbeadh sé ní b'fhearr dá mb'fhéidir le hÉirinn a cúrsa féin a stiúradh maidir lena cúrsaí airgeadais?

Tá baol ann go mbeidh tíortha eile na hEorpa chun Éire a 'shábháil,' agus go mbeidh a gcos ar bholg na hÉireann dá bharr. Is iomaí rud atá ag teacht salach ar a chéile i ngeilleagar na hEorpa. Ach tá daoine ann agus an tuairim acu go mbeadh cúrsaí i bhfad ní ba mheasa mura mbeadh Éire san AE agus ball an Euro. Síleann siadsan gur cuid de fhadhbanna na hÉireann ná gur dhiúltaigh sí Conradh Liospóin! Is iomaí léamh ar ghéarchéim - agus iomaí úsáid le baint aisti!

Tá cúrsaí go dona, sin rud cinnte, agus níl gach éinne (mórán, fiú) dearfach.

Go dtaga sibh slán as! Agus tiocfaidh, cinnte, ar ball. Ach faraor, de réir dealraimh, beidh cúrsaí níos measa sula mbeidh siad níos fearr.

3 comments:

aonghus said...

Ar an mórgóir, is dóigh liom go bhfuil muid níos fearr as go bhfuil smacht ag Frankfurt ar chúrsaí airgidís, seachas an dream mí fhreagrach is cúis linn a bheith sa bhfaopach ina bhfuilimid.

Tá roinnt d'imeachtaí an chiorcal órga de bhaincéirí, polaiteoraí cama agus speicléirí abhus dochreidte.

Séamas Poncán said...

Ar chuala tú an t-amhrán seo riamh? Oiriúnach dár linne, déarfainn!

Seán Mór said...

Tá Iceland saor agus aontaithe, tá Ireland deighilte agus cuid de faoi riail Shasana.