Cé mhéad ball na Náisiúin Aontaithe a chaithfeadh vóta chun áit a aithint mar thír nuair
- Bhí dhá ghrúpa ag maíomh go raibh siad i gceannas ansin go dtí tamall ó shin agus ní léir go bhfuil siad ag feidmhiú go maith fós lena chéile. Rialtas an-amhrasach atá ann.
- Tá dhá phíosa talún éagsúla acu, gan cheangal
- Níl teorainneacha socraithe acu
- Níl siad i gceannas ar aon teoreannacha, ná a n-aerspás, ná aon phort
- Is sceimhlitheoirí gan náire iad
- Bíonn a dtreoraithe ag insint bréige, agus ní aithníonn siad an stair mar a tharla
- Tá éillitheacht fhorleathan ansin
- Briseann siad dlíthe idirnáisiúnta i gcónaí - níl meas dá laghad acu ar a leithéid
- Ní aithníonn siad ball na NA mar thír
- Ní dhearna siad aon dul chun cinn mar phobal le chomh fada agus a chuir siad pobal orthu féin
- Ní pobal stairiúil iad.
- Níl aon chultúr, teanga ná creideamh dá gcuid féin acu
- Dóbair go bhfuil geilleagar ar bith i bhfeidmh ansin
- Tá baint acu le coireanna ar fud an domhain
- Tá droch-chlú acu maidir le cearta daonna
- Chuirfeadh an t-aitheantas seo isteach ar chonarthaí atá acu (gheall siad nach n-iarrfadh siad an t-aitheantas a fháil gan socruithe eile a dhénamh lena gcomarsa)
- Ní bhfaighidh siad a lán airgid atá ar fáil dóibh ag an am seo, má iarrann siad stádas mar thír a fháil (déanfaidh sé dochar dá bpobal)
- Chuirfeadh an t-aitheantas seo isteach ar aon dul chun cinn maidir le síocháin idir iadsan agus a gcomharsa
- Nóiméad ó shin, bhí siad ag pléascadh busanna, agus seoladh cúpla céad diúracán chuig a gcomharsa, agus mar sin de. Cheapfaí ar an aitheantas seo mar luaíocht ar an saghas seo droch-iompair
- Ní dhéanfadh an vóta seo aon mhaith
O, fan nóiméad - is fuath leo na Giúdaigh agus ba mhaith leo Iosrael a scriosadh!
Céad tríocha a haon.
11 comments:
Grrrr! - Frith-Phailistíneachas! - Grrr!
Grrr.
Grrrr!
Ní cheadmhach comhbhá!!!
Tá difear ann idir comhbhá agus maoithneachas amaideach. Is trua liom gach anam in Ifrinn, mar shampla - tá comhbhá agam dóibh. Ach ní ionann sin agus gur daoine deasa iad.
@Tá difear ann idir comhbhá agus maoithneachas amaideach. Is trua liom gach anam in Ifrinn, mar shampla - tá comhbhá agam dóibh. Ach ní ionann sin agus gur daoine deasa iad.
Fíor bréagach sin, ní chuireann sé leis nó ní bhaineann sé leis an Fhrith-Phailistíneachas thuas.
Tusa a tá freagrach as.
- Grrr!
Níl siad cáilithe bheith ina náisiún, sin a bhfuil le rá agam fúthu. Tá na fíricí in aghaidh a leithéid, ach ba chuma sin leo siúd ar fuath leo Iosrael. Measaim daoine as a ndéanann siad, agus ní dhéanann na Palaistínigh ach dochar. Is féidir, dar ndóigh, nach bhfuil siad go léir i bhfábhar an dúnmharú agus an foréigin - tá súil agam go bhfuil a lán díobh in éadan sin. Ach ní léir go bhfuil. A mhalairt scéil, mar atá. Agus is mór an trua sin.
Tig liom an ráiteas seo a shamhlú ag gamal éigin fosta:
"Níl siad cáilithe bheith ina náisiún, sin a bhfuil le rá agam fúthu. Tá na fíricí in aghaidh a leithéid, ach ba chuma sin leo siúd ar fuath leo An Bhreatain. Measaim daoine as a ndéanann siad, agus ní dhéanann na hÉireannaigh ach dochar. Is féidir, dar ndóigh, nach bhfuil siad go léir i bhfábhar an dúnmharú agus an foréigin - tá súil agam go bhfuil a lán díobh in éadan sin. Ach ní léir go bhfuil. A mhalairt scéil, mar atá. Agus is mór an trua sin."
Tá tú frith-Phailistíneach. Sin a bhfuil le rá agam fút. Agus is mór an trua sin.
Comhrá ciorclach...
Bíonn comhrá ann nuair a bhíos seal cainte seal éisteachta ann.
Óráidí a bhíos agatsa, creidim!!
Dá mbéidir liom ciall a bhrú isteach id cheann, dhéanfainn. Agus is amhlaidh a bhfeiceann tú ormsa, is dócha. Murab fhéidir le daoine aontú ar na bunfhíricí, ní féidir aon dul chun cinn a dhéanamh, faraor. Agus mairimid i saolta éagsúla.
@Agus is amhlaidh a bhfeiceann tú ormsa, is dócha.
Ní hé go deimhin. Bím ag súil go léifinn rud éigin a chuireas ar bhealach mo leasa mé, rud éigin nár smaoinigh mé air, rud éigin a rachfadh i gcion orm, a nochtadh an fhirinne dom, rud éigin nach bhfuil freagra agam air, a scaoilteas mo chroí is m'aigne is a dhóirteas mo mhothúcháin.
Agus is amhlaidh a síleann tú, is dócha?
Post a Comment