Friday, September 16, 2011

Méim Mhaslach (Eile)

méim ag dul timpeall i láthair na huaire, i measc luchta gan smaointe, a deir rud cosúil leis an méid seo leanas:

Is mór an trua gur tharla 9/11, ach is níos measa fós gur mharaigh na Stáit Aontaithe cúpla céad míle duine mar dhíoltas fola air.
Cé acu is measa? Go bhfuil daoine ann a chreideann a leithéid, nó go bhfuil daoine ann ar mhian leo a leithéid a chreidiúint? Níl ann ach nimh in aghaidh na Stát. Ní féidir go bhfuil aineolas i gceist. Nimh ar dtús, leisce ina dhiaidh sin. Sea, is iomaí duine a dhéanann athrá ar an méim seo nach smaoineann ar chor ar bith faoi, agus go hiondúil is daoine deasa iad. Chuala mé a leithéid ó shagart Dé Domhnaigh. Chonaic mé ar Facebook é (agus ba mhaith le mórán daoine é - nílim cinnte gur daoine deasa iadsan). Is smaoineamh réamh-smaointe é dóibh siúd nach bhfuil sásta a machnaimh féin a dhéanamh ar an domhain, agus a ghlacann (gan smaoineamh) gur olc an tír í na Stáit Aontaithe, agus bun agus barr gach fadhb ar domhain sinn (ach mar gheall ar Iosrael, dar ndoígh). Agus ní shíleann siad gur olc an dearca sin, mar (is dócha) gur chuala siad é ó lucht na ndea-smaointe (mar dhea).

Tá sé fíordheacair dom sin a thuiscint. Nach iadsan na daoine céanna a bhíonn ag rá nach smaoineann aon duine nach bhfuil liobrálach (sa chiall choitianta mhícheart)? Is deacair tús a dhéanamh le freagairt, mar is léir thar aon fhocail dom gur bréag nimhneach atá sa ráiteas sin nach bhfuil ciallmhar in aon chaoi. Ní fiú focail a chur amú ar dhaoine a ghlacann le bréag chomh holc is chomh hamaideach sin, ach seo cúpla focal ar aon nós, ar eagla na heagla.

Dá mbeadh sé in a chuspóir ag SAM mórán daoine a mharú mar chúiteamh ar ionsaí a rinneadh orainn, tá na hairm is cumhachtaí ar domhain againn, agus b'fhéidir linn céad míle duine a mharú i nóiméad amháin. Ach ní dhéanann SAM amhlaidh.

Dá mbeadh sé ar nós cuma liom ag SAM maidir le marú sibhialtach, bheadh i bhfád ní ba mhó daoine marbh ná mar atá. Ach a mhalairt atá fíor, dar ndóigh. An bac is mó atá ar arm na Stát ná go mbíonn siad rí-chúramach i gcónaí gan sibhialtaigh a mharú. Mar a tharlaíonn, sin an buntáiste is mó atá ag sceimhlitheoirí. Sin an fáth go bhfuil aon chumhacht ar bith sa sceimhlitheoireacht. Tá a fhios acu nach mbeidh sé éasca iad a mharú agus iad i bhfolach i measc na ngnáthdhaoine, agus tá a lán fhios acu nach ndéanann tíortha sibhialta slad ar an uile dhuine má tá rogha ar bith ann. A mhalairt scéil leosan, dar ndóigh. Sin an rud is fearr leo.

Tá an ceart ann mar rud, agus maraítear daoine mar Osama agus Saddam mar gheall ar an gceart. Tá cogadh ann mar rud, agus maraítear daoine a dhéanann ionsaí orainn agus a throideann chun tacú leis na daoine sin. Níl aon aiféala orainn gur maraíodh a leithéid, agus níl aon rud mícheart ann. Go maraítear gach uile sceimhlitheor, go stadann siad. Sin an cuspóir: cosc a chur ar an sceimhlitheoireacht, agus sinn féin (agus ár gcairde) a chosaint. Sin uile.

An chuid is mó de na daoine a fhaigheann bás san Afghanastáin agus san Iaráic, maraíonn sceimhlitheoirí iad. Is iadsan an namhaid. Ach ní ghlacann iad siúd ar fuath leo Meiriceá sin, mar gheall ar an nimh atá iontu. Agus sin an trua is mó.

Tarlaíonn rudaí mar gheall ar fhocail, agus is olc an rud é athrá a dhéanamh ar fhocail olca. Faigheann daoine bás mar gheall ar a leithéid, mar tugann sé misneach don namhaid. Níl aon leithscéal ann. Ná déantar.

6 comments:

aonghus said...

Píosa fiúntach.

ormondo said...

A Shéamais, is é mo thuairim go bhfuil na hEorpaigh, na Meiriceánaigh agus na hIsraelaigh go stairiúil sa champa céanna.

Ach nach é gur féidir le cairde a bheith ar mhalairt tuairime ó am go chéile?

Nach bhfuil an díospóireacht ina dlúthchuid den tsofaisticiúlacht? Agus nach bhfuil an tsofaisticiúlacht ina dlúthchuid dár dtraidisiún nach n-éireoidh le sceimhlitheoir ar bith í a thógaint uainn? Agus nach bhfuil an meon criticiúil ina dhlúthchuid de shaol éigse an Ghiúdachais a bhfuil tairbhe baint as ag an Iarthar leis na céadta anuas?

An é go mbíonn tú ró-bhuartha faoi chúrsaí ar uairibh, a Shéamais.

coc said...

Seafóid.

Séamas Poncán said...

Ormondo, a chara, nach bhfeiceann tú nach bhfuil aon rud le plé anseo? Tá an traidisiún a luann tú bunaithe ar an réasún. Níl aon ábhar do dhíospóireacht chiallmhar sa ráiteas atá i gceist sa bhlagmhír seo. Níl aon duine a dearfadh a leithéid dáiríre faoi phlé réasúnta.

coc said...

I dtaobh na méama a luaitear, déarfainn gur fírinne searbh atá ann, seachas méim mhaslach. Pé slí a bhreathnaítear air, is measa ar fad an slad a rinneadh ar mhuintir na hIaráice ná uafás an ionsaí ar Mheiriceá deich mbliain ó shin. Má airítear líon na marbháin, ní féidir trí mhíle nó mar sin i Mheiriceá i gcoinne céad mhíle de mhuintir na hIaráice ach amháin i gcuntas ciníoch nach n-aithníonn daonnacht eachtrannaigh.

Má tá na Poncáin chun a mhaíomh gur sceimhlitheoirí triomlach de charnán na gcorp atá fós ag fás sa bhfásach de bharr an ionsaí ar réimneas Shaddam ar a laghad tá ciall éigin ag baint le teideal an ailt. Cad eile is féidir a ghlaoch ar an ionsú seo? Ní raibh faic na ngrást le déanamh ag an Iaráic le slad Osama an lá úd, ach de réir dealramh, chinn an Sceach an fásach a fhliuchadh le fuil mhuintir na hIaráice, agus mura ar shon Plandóirí na Palaistíne a rinneadar é, is dócha gur ar mhaithe a leithéidí de Haliburton srl a bhíodar ag smaoineamh.

Má maraítear daoine de bharr ceart tá piléar i ndán don Sceach agus go dtaga sé chuige is luaithe is fearr. Ach is ar éigin go gcreideann éinne seachas déagóirí leathfhorbartha i gceart mar seo. Níor maraíodh Saddam de bharr aon ceart. Maraíodh Saddam mar nár ghlac sé le treoracha na Meiriceánach a thuilleadh. Ba bhastún dubh é ón lá ar ghlac sé cumhacht san Iaráic agus 'siad a chairde ag barr rialtas Mheiriceá a choimeád ann é ar feadh na mblianta.

Cinnte, tá sé ar cumas na sceimhlitheoirí Mheiricéanacha na milliúin agus na billiúin a mharú le brú chnaipe ach an cóir dúinn a bheith buíoch as an mhadra nach mbaineann greim asainn?

Seafóid.

Séamas Poncán said...

Go raibh maith agat as an dea-drochshampla sin, coc. Tráchtas ar do chuid tuairimí frithMheiriceánacha atá ann, agus is beag an bhaint atá aige leis an ábhar atá idir lámhaibh agam sa bhlagmhír áirithe seo, ach amháin gur thaispeán tú d'aon duine nach bhfuil eolasach cheana faoi, an fáth nach mbíonn a lán dóchais agam go n-éisteodh le m'iarrachtaí chun solas a dhíriú isteach i ndorchadas na heite clé. Is trua liom do cheann.