Tuesday, September 27, 2011

Fógra Aontaobhach na bPalaistíneach

Mar gheall ar laige agus míthreoir Obama, agus nimh bhuan na nArabach is a gcairde, tá na hArabaigh Phalaistíneacha (bhuel, roinnt díobh - an bhfuil duine amháin i mbun ansin in aon chor?) ag fógairt sna Náisiúin Aontaithe go bhfuil tír acu, agus ag iarraidh aitheantas oifigiúil a fháil. Ba mhaith leo bheith ina mball de na NA. An rud ciallmhar sin? Cén fáth anois?

Ba mhaith leis na Palaistínigh a stát féin, deir siad. Ach tá a leithéid sin ar fáil dóibh ó 1947 ar aghaidh. Dhiúltaigh siad í gach aon seans a tugadh dóibh. Cén difear atá ann anois? Ba mhaith leo fáil réidh leis an uile chaint faoin síocháin le hIosrael. Níor mhaith leo fiú admháil go bhfuil tír Ghiúdach Iosrael ann. Cé go bhfuil Iosrael ina ball de na NA óna tosach. Agus cé go seasann an dearcadh sin in éadan gach cuspóir na NA. Sea, níl sé dleathach, fiú, tír nach bhfuil sásta meas a thabhairt do bhaill eile na NA mar thíortha lena gcearta féin a bheith ina ball de na NA dár lena gcairt féin. An dtiocfadh aon mhaith as? Thiocfadh a mhalairt, mar atá.

Níl aon cheart acu bheith ina dtír ná ina mball de na NA gan glacadh le hIosrael. Seachas sin, ní bheadh ann ach spreagadh eile do na sceimhlitheoirí chun ionsaithe eile a dhéanamh ar Iosrael. Agus má tharlaíonn sin ó thír go hoifigiúil, bheadh cogadh ann gan srian.

Blianta ó shin, bhí Iosrael ag déanamh a macnaimh ar chúrsa cosúil leis - chun fáil réidh leis an gcóras síochána (mar dhea) agus na Palaistínigh. Mura mbíonn réiteach ann, cheap siad, ní bheidh aon fheabhas ar chúrsaí, agus níl ann le déanamh ach scarúint óna chéile agus a dtír fhéin a chosaint. Bhí siadsan chun éirí as lorg an réitigh, mar bhí siad gan dóchas. Ach ní dhearna siad amhlaidh, cé go ndearna na Palaistínigh a ndícheall chun a ndóchas a mhúchadh. Bhí seans ann (agus tá, ar éigean), go nglacfadh na Palaistínigh le hIosrael mar chomharsa, agus go mbeidís ábalta bheith ina dtír neamhspleách neamhurchóideach. An bhfuil aon dóchas ann fós? Ní fheadar.

Táim cinnte, ámh, má thugtar aitheantas don Phalaistín mar thír go díreach in aghaidh chuspóir na NA agus mar thír nach n-aithníonn Iosrael, ní bheidh ann ach cogadh agus beidh cúrsaí i bhfad níos measa do na hArabaigh Phalaistíneacha, agus do mhuintir Iosrael. Agus pé maith atá ann sna NA (agus is beag an mhaith sin, dar liomsa), bheadh sé scriosta gan leigheas.

B'fhéidir go bhfuil sé in am fáil réidh leis an NA faoi dheireadh. An ndearna siad aon mhaith riamh?

Ní bhíonn aon mhaith sa chogadh, ach minic go leor bíonn deireadh leis an dtroid, ar ball, mar gheall air (go dtí an chéad troid eile). Ní bhíonn ann i bpróiseas na síochána minic go leor ach cogadh mall. Ach go háirithe sa chás seo, bheadh sé rí-dheacair cogadh a bheith ann idir an Phalaistín agus Iosrael gan gach tír mórthimpeall orthu a spreagadh chun cogaidh, agus b'fhéidir a lán tíortha eile. Bheadh sé go dona ar fad, pé scéal.

Dá mbeadh éinne i ndáiríre faoin síocháin, ba chóir dóibh brú ar na Palaistínigh is a gcairde aitheantas ceart a thabhairt do Iosrael agus comhréiteach a ghlacadh léi. Faraor, bíonn lucht na síochána (mar dhea) ag spreagadh a mhalairt. Go díreach mar a b'áil leis na hArabaigh tír Phalaistíneach gan Iosrael, ba mhaith lena gcairde síocháin gan Iosrael. Ní bheidh Iosrael Judenrein go deo, ámh, agus ba chóir dóibh sin a thuiscint.

Cur i gcéill nó olcas níos measa atá i gceist sna NA faoi láthair. Ach, mo léan, nach é sin mar a bhíonn?


"Weakness and ambivalence lead to war."
GEORGE H.W. BUSH, RNC acceptance
speech, August 18, 1988

5 comments:

Fearn said...

"Weakness and ambivalence lead to war."
GEORGE H.W. BUSH, RNC acceptance
speech, August 18, 1988



"Mission accomplished."
GEORGE W. BUSH,
speech, 2003
Trí mhí i ndiaidh dó ceann a bhaint den Dhara Cogadh Iaraiceach
Tá an cogadh ina hochtú bliain go nuige seo

Séamas Poncán said...

Briseadh Saddam agus a arm - ba é sin an misean a bhí i gceist aige. Chun a bheith ar an ábhar i gceart, cén fáth nach ceistíonn tú nár chríochnaigh GHWB an jab den chéad uair agus gur fhágadh dá mhac é sin a dhéanamh? Rinneadh gach iarracht GAN an cogadh a dhéanamh...

Anonymous said...

"cén fáth nach ceistíonn tú"?

Ceistím.

Colm Ó Broin said...

A leithéid de ráiméis, thairg na tíortha Arabacha aitheantas bunaithe ar teorainn 1967 d'Iosrael in 2002 - dhiúltaigh Iosrael é sin. Aithníonn Fatah Iosrael agus aithneoidh Hamas é chomh maith má tá conradh cothrom ann. Dála an scéil ní ghlacann Iosrael le cearta na bPailistíneach chun stát dá gcuid féin a bheith acu mar sin níl leithscéal acu a bheith ag gearán faoi aitheantas d'Iosrael. Tá rogha ag Iosrael idir síochán nó cóilínechas sa Bhruach Thiar, faraor géar tá an dara rogha tógtha acu.

Séamas Poncán said...

Níl aon raiméis mar do raiméis féin...