Sunday, September 11, 2011

Deich mBliana

Ar dheis Dé go raibh siad, an uile dhuine a maraíodh cothrom an lae seo deich mbliana ó shin.

Deirtear i gcónaí gur athraíodh an saol ar an lá sin, agus is fíor sin. Ar dtús, cheapamar gur thángamar le chéile mar aon. Ach sul i bhfad, d'fhoghlaim mé an ceacht ceart. Scaradh atá ann, faraor. Tá daoine ann ar fuath leo Meiriceá, ar fuath leo mo chomharsana is mo chairde gaol, ar fuath leo mise. Ar ball, is oth liom a rá, d'fhoghlaim mé go raibh a lán daoine a cheap mé orthu mar chairde ina measc. Níor mharaigh siad mo chomharsana, ach ba é an fuath céanna a chonaiceamar iontu. Ón uair sin, thosaigh mé ar mo thír a chosaint ón nimh sin, agus ón raiméis a deirtear i gcónaí fuithi. Ní féidir liom mórán a dhéanamh, ach is cuma sin. Ní bheidh mé i mo thost riamh arís.

Níor thosaigh an fuath ar an lá úd. Níor múchadh é, ach an oiread. Guím go mbeidh deireadh leis lá éigin. Idir an dá linn, déanfaidh mé mo dhícheall an fhírinne a scaipeadh, agus céim ar chéim, má dhéanaimid go léir ár ndícheall, lá éigin b'fhéidir, tiocfaimid le chéile agus beidh deireadh leis an bhfuath. Le cúnamh Dé.

Rinneadh dochar uafásach ar an lá sin. Ach cuireadh maitheas ar bun, freisin. D'fhoghlaimíomar cé chomh hiontach is atá na fir dhóiteann, na póilíní, srl. Agus ina dhiaidh sin, na saighdiúirí. Thánaig an mhaith is mó chun solais i ndaoine áirithe. Agus an t-olc is measa i ndaoine eile. Tá cúrsaí níos soiléire. Níos dáiríre.

Tarlaíonn eachtraí mar 9/11 mar gheall ar fhocail is smaointe olca. Níl a leithéid inghlactha gan troid ina gcoinne níos mó. Tá an saol difriúil.

2 comments:

Mise Áine said...

@ má dhéanaimid go léir ár ndícheall, lá éigin b'fhéidir, tiocfaimid le chéile agus beidh deireadh leis an bhfuath.

Áiméan, a Shéamais.

aonghus said...

Aontaím leat. Ach maidir leis an dóigh chun cogadh ina gcoinne go héifeachtach - táimid fós ag foghlaim, sílim.