Tuesday, March 16, 2010

Ó Bama vs. Iosrael

Ní cuimhin liom cén duine (Concubhair? Fearn?) a dúirt, ach nuair a thosaigh réim Uí Bhama, dúirt duine gurb é an t-aon rud nár mhaith leo ná nach raibh sé dian go leor ar Iosrael. Bhuel, mo léan, is dócha go bhfuil an duine sin sásta anois ar an ábhar sin (ach is iomaí rud eile a rinne BHO ó shin nár mhaith leis, is dócha, mar choimeád sé mórán de pholasaithe GWB, srl.).

Is iomaí rud a rinne agus a dúirt BHO le bliain anuas a bhí maslach do Iosrael, ach anois tá géirchéim ann. Mar is iondúil, is iadsan a bhíonn ag rá gur ar son na saoirse iad, na daoine céanna a bhíonn ag cothú na bhfadhbanna. Dá mbeadh siad i ndáiríre. Ach tá iompar na ndaoine seo cosúil le daoine eile rompu a chuaigh ar strae, agus a rinne dochar sula ndearna siad maith. Faraor, nílim dóchasach go ndéanfaidh an criú seo aon mhaith as seo amach ach oiread, ach a mhalairt.

Is nós le rialtas BHO maslaí a thabhairt dár gcairde agus focail mhilse a thabhair dár naimhde. Níl aon tír eile ann a fhaigheann droch-íde níos measa ná Iosrael, agus anois tá an criú seo ag iarraidh an tír seo a iompú go dtí an taobh dorcha (rud nach dtarlóidh riamh, más pobal na tíre atá i gceist). Tá siad ag déanamh neamhairde do dhlithe ár dtíre, do mheon na ndaoine anseo, agus do stair Iosrael. Is í Iarúsailéim an cnámh spáirne sa chonspóid is déanaí seo. Ach níl aon chúis leis sin, le fírinne. Ní mór stair Iarúsailéime a thuiscint, sin uile. Faraor - agus BHO is a chairde san áireamh - is iomaí duine gur cuma leo na fíricí. Pé rud a dhéanfadh Iosrael maidir le Iarúsaléim Thoir, is le hIosrael an rogha sin, mar is leosan an chathair.

Ní miste liom go ndearna Iosrael rud a thaispeán do lucht BHO go bhfuil siad neamhspleách ó na Stáit Aontaithe, agus go dtuigeann siad nach bhfuil an rialtas seo iontaofa nó measúil. Ach níor chabhair sin leis an iarracht is déanaí chun síocháin a chothú (mar dhea) idir Iosrael is na hArabaigh, agus mar sin, ghabh Netanyahu a leithscéal. Ba chóir dá mbeadh deireadh leis an rud ina dhiaidh sin. Ach lean BHO, Biden agus Clinton ar aghaidh chun fadhb níos mó a dhéanamh de. Is maith liom an rud a dúirt an Seanadóir Sen. Brownback:
It's hard to see how spending a weekend condemning Israel for a zoning decision in its capital city amounts to a positive step towards peace."
Féachaint nach raibh Biden ann fós, ní dúradh faic faoin rud a rinne Fatah cúpla lá ar aghaidh. Níor bhain sin le haon rud dleathach, ná le tír ná le rialtas aitheanta. Bhain sin leis an olc. Mar sin féin, tá Biden feargach maidir le hIosrael as tithe a thógáil dá muintir ina ceannchathair féin, seachas maidir le sceimhlitheoirí ag ceiliúradh murdar.

Is olc an mhaise do na Stáit Aontaithe faoi láthair. Amaitéaraigh dhainséaracha atá i mbun na tíre, go sábhála Dia sinn (agus Iosrael).


2 comments:

Anonymous said...

Ni masla do Iosrael iarraidh ar rialtas na tire sin bheith sibhialta le na Pailistinigh. Anuas ar sin
ma dheineann SAM aontu le hIosrael agus ansan go mbriseann Iosrael an chomhaontu, is masla sin do SAM. An bhfuil tu sasta cur suas lena leitheid de mhasla dod' thir?
Concubhar

Séamas Poncán said...

Sílim go bhfuil siad an-sibhialta dóibh siúd a bhíonn ag iarraidh a mhuintir a mharú is a ghortú.
Maidir leis an rud eile, non sequitur. Ní mór duit na naisc a léamh chun brí mo chuid alt a thuiscint i gceart, is dócha. Níor thuig tú na maslaí a bhí i gceist.