Wednesday, September 23, 2009

Saonta, Nó Níos Measa?

Thug An Té (BHO) oráid ag club na ndeachtóirí (na NA) inniú (mar a rinne Khadafi...).
Raiméis faoin téamh domhanda, maslaí do Iosrael (agus do Mheiriceá), agus praiseach eile a bhí ann.
Seo léirmheas iontach air.
Níor thug sé bláthanna do chuile dhuine ina dhiaidh (ach amháin na hIosraelaigh), ámh, cé go mbeifí ag súil lena leithéid.

Sampla foirfe dá bhfuil ann in BHO - caint dheas gan substaint, moltaí dár naimhde agus maslaí dár gcairde (n-iarchairde?). Caint faoi chearta daonna gan a bheith i ndáiríre faoi, gan díriú ar na fadhbanna is mó is na tíortha is measa. Dar leisean, is sinne an tír is measa agus is sinne atá ciontach as fadhbanna an domhain. An t-amadán.

Thug John Bolton "Óráid iar-Mheiriceánach ónár gcéad uachtarán iar-Mheiriceánach" air. Náireach ar fad. Agus dar ndóigh, fuair sé bualadh bos nach beag.

4 comments:

aonghus said...

Dá mbeadh mise tar éis rud leath chomh géar a scríobh faoi Bush, bheadh tusa ar an duine is tuisce ar cur frith Mhéirchánachas i mo leith!

Agus, dar ndóigh, tá an MSM agus an eite clé thall ar a ndícheall ag cuir ciníochas in bhur leith toisc go bhfuil sibh in aghaidh Obama.

Gaoth ghéar sa bpolaitíocht thall. Tuairim faoi sin nach dócha go mbeidh tú iomlán sásta leis san Irish Times inniu.

Séamas Poncán said...

Cé go raibh Garrison Keillor greannmhar fadó, níl ann ach liobrálach atá as a mheabhair anois. Is léir sin óna chéad abairt. Bhíodh cumas aige mar scríbhneoir, mo léan. Ní thuigeann sé gnáthfhocail anois. Fiú Teppichfresser.
Níl aon chosúlacht idir an mhír a scríobh mé agus na rudaí fíochmhara marfacha a scríobhadh faoi GWB. Agus níor labhair GWB i gcaoinne a thíre ag na NA riamh, ná baol air.

Séamas Poncán said...

Seo tuairisc mhaith eile air. Mo léan.

Séamas Poncán said...

Ceann eile