Friday, September 18, 2009

Abraigí Arís É! Ní Ghlactar le Conradh Liospóin

Ní Éireannach mé, agus níl vóta agam. Ach tuigim go bhfuil droch scéal ann do mhuintir na hÉireann. Is í Éire an t-aon tír amháin san Eoraip a bhfuil vóta ag na daoine inti maidir leis an gconradh seo. An t-aon tír amháin! Tá imní ar gach éinne faoin easpa cumhachta atá ag Éirinn - ach tá an vóta is tábhachtaí aici!
Ach níl meas ag mórán daoine ar ghuth an phobail.

Mr Cowen said: "The government accepts and respects the verdict of the Irish people."

Mar dhea.

On 12 December 2008 the Taoiseach, Brian Cowen confirmed that a second referendum would be held

Is iomaí duine mór le rá atá ar son an chonartha seo. Ach an bhfuil sé difiriúil nó níos fearr an uair seo? Ní cheaptar go bhfuil. Cheap na daoine nach raibh sé go maith dá dtír. Cén fáth go bhfuil sé tábhachtach éisteacht leis na daoine? Cén fáth go bhfuil gá le reifreann ann? Níl aon bhaol ann do daonlathas, deir daoine áirithe. Ach nach é sin an fáth?
...significant changes to national sovereignty included in the Single European Act require the permission from the Irish voters in the form of a referendum. The Treaty seeks to amend the Single European Act. A part of the Supreme Court decision is that the State's power to determine its foreign relations is held in trust from the people and may not be alienated by the government without their approval.

Más fearr libh cumhacht eile a thabhairt do dhaoine anaithnid thar sáile ná meas a thabhairt do vótaí bhúr saoránach féin, tá an seans ann chun sin a chur in iúl. Ach ón taobh amuigh, molaimse go n-aibraigí arís nár mhaith libh sin.

23 comments:

aonghus said...

Daoine anaithnid?
Sin brilléis, i gcead duit.

Ní cumann Masúin atá i gceist. Ceannairí Rialtas na mBallstáit a thógann na cinntí san AE, daoine tofa, daoine atá freagrach dá gcuid pobail.

aonghus said...

Eolas ar an gcóras anseo

aonghus said...

Cheap na daoine nach raibh sé go maith dá dtír.

Bheadh sé níos cruinne a rá nár thuig na daoine an Chonradh, de bharr teip an Rialtas agus na páirtithe eile a bhí ar a shon é a mhiniú i gceart dóibh.

D'fhág siad an blár catha sin ag "the hard left and the disreputable right" mar a thug duine éigin ar Slugger ar na daoine sin atá in aghaidh an Chonartha.

B'éigean barántais a fháil le dul i ngleic lena mbréaga siúd - níl athraíonn na barántais an Chonradh, toisc nach raibh na taibhsí a bhí á bhrú orainn ag lucht NÍL ann pé scéal é.

Má tá tú ag caint ar chuir isteach ón dtaobh amuigh, cén fáth go bhfuil tú ag fáil do chuid eolas ó dream san Ríocht Aontaithe, atá in aghaidh an tAE?

Seo foinse níos fearr!

Séamas Poncán said...

Is dócha go bhfuil a n-ainmneacha ar bharr do theanga.
Alt maith anseo.

As the Former President of Germany Roman Herzog put it:
“People have an ever increasing feeling that something is going wrong; that an
untransparent, complex, mammoth institution has evolved: divorced from
practical problems and national traditions; grabbing ever greater competences and
areas of power; that the democratic control mechanisms are failing - in brief, that
it cannot go on like this.” (Die Welt, March 2007)

Séamas Poncán said...

Dímheas ar mhuintir do thíre a rá nach bhfuil siad cliste go leor chun an scéal a thuiscint i gceart.

aonghus said...

Ní shin a dúirt mé.

Ach nuair a scaiptear scéalta bréagacha le cuma na fírinne orthu, agus má theipeann orthu siúd atá an son an Chonradh agus an Aontais dul i ngleic leis sin i gceart, bíonn mearbhall ann.

Tabhair faoi ndeara go bhfuil Roman Herzog ag caint ar an mothúchán atá ag daoine, ní ar an fhírinne!

I gcead duit, bheadh an amhras orm faoi eolas ó dream Eurosceipteach san RA. Ag tochas ar a gceirtlíní féin atá siad siúd, agus níl leas na hÉireann ar a bpaidrín in aon chor.

Séamas Poncán said...

"Bheadh sé níos cruinne a rá nár thuig na daoine an Chonradh, de bharr teip an Rialtas agus na páirtithe eile a bhí ar a shon é a mhiniú i gceart dóibh."
Tá cuma 'condescending' air, pé scéal.
Ní miste leat rialacha agus polasaithe ón taobh amuigh, ach ní maith leat tuairimí ón taobh amuigh?

aonghus said...

Tá mé bréan de bheith á rá - ní dlí ón taobh amuigh é más dlí é a ghlac mo Rialtas leis i gcinneadh daonlathach, tar éis idirbheartaíocht. Níos fearr fós má ghlac an Parlaimint Eorpach leis.

Ní "ón taobh amuigh" na rudaí seo!

Agus ní dúirt mé nár ghlac mé leis na tuairimí ag "Open Europe" [sic] - ach go mbeadh amhras orm fúthu. Seana chleas atá ann cúpla nath a thógadh as alt ag duine mór le rá agus casadh a chuir ann. faraor, níl mé in ann teacht ar an agallamh seo le Herzog sa bhunleagan.

aonghus said...

Tá an cuma air gurbh é seo an píosa atá i gceist.

De réir mo thuiscint, tá feabhas tagtha ar roinnt de na pointí luaite. Go deimhin, chinn Cúirt Uachtarach na Gearmáine gurbh gá an dlí ag tabhairt feidhm do Chonradh Liospóin sa Ghearmáin a neartú, sa chaoi is go mbeadh ról cinnte ag Bundestag agus Bundesrat - ach chinn siad freisin nár tháinig aon rud sa Chonradh salach ar Bhunreacht na Gearmáine.

Séamas Poncán said...

"Tá mé bréan de bheith á rá - ní dlí ón taobh amuigh é más dlí é a ghlac mo Rialtas leis i gcinneadh daonlathach, tar éis idirbheartaíocht. Níos fearr fós má ghlac an Parlaimint Eorpach leis."
Tá Éire báite san Eoraip cheana féin, dar leat.

aonghus said...

Níl muid báite ann! Is amhlaidh nach mian leat a thuiscint nach Stáit Cónaidhmeach - ná Stát in aon chor - an tAE.

An bhfuil SAM báite i NAFTA? Nó i NATO?

Séamas Poncán said...

Níl bunreacht againn le NATO. Ní eagraíocht NAFTA. Is conradh trádála sin.

aonghus said...

Níl bunreacht ag an AE ach oiread.

Conradh idir stáit neamhspleácha atá ann, mar atá i gceist le NATO - ach go bhfuil réimse níos leithne comhoibrithe idir na Stáit.

Saghas cumasc de NAFTA agus NATO.

Ba cheart duit féachaint ar an bunleagan seachas a bheith ag braith ar tuairimí dara láimhe claonta! Tá an t-eolas ann.

Ach is mithid domhsa dul a luí anois.

aonghus said...

Dála an scéil, maidir le haineolas an bpobal sa chéad reifreann - féach an litir seo san Irish times inniu

Séamas Poncán said...

"Madam, – Perhaps the holding of a second referendum on the Lisbon Treaty could be best described by quoting an eminent Northern Ireland politician. It’s “for slow learners.” – Yours, etc."

An-mheasúil, gan aon agó.

Níl aon difear ann sa chonradh seo ná sa phobal seo.

Agus tá an-chosúlacht aige leis an mbunreacht. Dá mb'fhéidir le haon duine é a thuiscint. Ach níl sé dírithe ar chosmhuintir bhocht aineolach na hÉireann, an bhfuil?

Is iomaí cúis a bhí ag na daoine chun vótáil in aghaidh an chonartha seo. Ba chóir éisteacht leo.

Dá mbeadh vóta ag na daoine féin sna tíortha eile, seans go mbeadh scéal eile ann.

aonghus said...

Tá tú fós ag fáil an chuid is mó de'd eolas ó thaobh amháin, a Shéamais, taobh atá gníomhach sa bhfeachtas.

Tá sé sin baolach! Plé eile ar fad atá ar siúl san RA, a bhfuil a gcuid fadhbanna fhéin acu, ach is beag baint atá acu lenár bhfadhbanna.

Séamas Poncán said...

Is deacair aon rud eile neamhspleách a fháil. Gach aon rud eile, is le rialtas nó grúpa atá ag brú an chonartha ar aghaidh. Agus níl aon bhaol ann, má luann siad na bunfhoinsí in gach aon rud a chuireann siad ar fáil, feictear dom.

aonghus said...

Bhuel, an mothú a bhí agamsa ná gur bhain siad - mar shampla - casadh as an méid iomlán a dúirt Herzog chun a gcríche féin a chuir in iúl.

Tá's agat féin gur féidir focail á thogaint as comhthéacs chun rudaí nach raibh i gceist a chuir in iúl.

Séamas Poncán said...

An mothú a bhí agat?
"Tabhair faoi ndeara go bhfuil Roman Herzog ag caint ar an mothúchán atá ag daoine, ní ar an fhírinne!"

aonghus said...

Sea. Mothú!
Tá mothúcháin tábhachtach i gcás mar seo.

Léigh mé an rud iomlán a dúirt Herzog, agus thug an sliocht a thug siadsan dearcadh eile seachas a dhearcadh seisean.

Bhí seisean ag maíomh nach ndeachaigh Conradh Liospóin fada a dhóthain i dtreo na Coimhdeachta. (Aontaím leis!).

Séamas Poncán said...

"...(chun plean a fhorbairt)wie es mit der europäischen Integration weitergehen soll, weitergehen kann." Weiter und weiter, und so weiter. Sin an fath go bhfuil imní ar mórán daoine.

aonghus said...

Ní ionann Weiter agus Tiefer, a Shéamais.

Téitear Weiter i gcónaí, go dtí go dteipeann ar rud!

Séamas Poncán said...

Rinne mé an pobalbhreith ar an leathanach sin (www.welt.de). Seo an toradh:

Umfrage
Was meinen Sie: Hat die Europäische Union zu viel Macht?
...
Ergebnis
62% Ja, denn immer mehr Regeln werden von Brüssel und nicht von Berlin aufgestellt
15% Ja, denn die EU entscheidet ja sogar schon wie lange Bananen und Gurken sein dürfen
12% Ja, denn dass Sie mich das allein schon fragen, zeigt dass die EU zu viel Macht hat
10% Nein, die EU müsste noch viel mächtiger sein
0% Nein, die EU müsste noch viel mächtiger sein
0% Nein, die EU ist schließlich die europäische Superregierung

3234 abgegebene Stimmen