Friday, May 01, 2009

An Fhírinne Maidir le Sarah Palin

Tá sé chomh deacair rud maith faoi Sarah Palin a fháil ar an idirlín agus atá sé chun rud maith a fháil faoi Iosrael nó George W. Bush - níos deacra, fiú. Níl mórán daoine ann agus an eite chlé ar buile fúthu níos mó ná í. Is uafásach an nimh a bhíonn ann, agus an mí-thuiscint agus an t-aineolas forleathan dá bharr. Cén fáth?

Bean ar éirigh léi ina saol, bean dea-chuma, chumhachtach, ábalta, dhea-mhúinte is dheaslabhartha. Ba bhreá leis an eite chlé í, cheapfá - ach is Poblachtach í, agus, och, an t-uamhan - Críostaí! Agus tá sí ar son beatha gach duine, fiú i mbroinn a máithreacha. Dar ndóigh, is fuath leis an eite chlé aon duine mar sin. Mar sin, rinne siad gach iarracht chun í a scriosadh. Bíonn siad á maslú agus ag tabhairt gach droch-ainm gur féidir leo uirthi. Tá an t-idirlíon lán le nimh is bréaga. Cé go bhfuil an feachtas uachtaránach thart, níl siad ag stadadh - mar tá imní orthu go roghnófar í mar iarrthóir ar oifig an uachtaráin an chéad uair eile. Ní mór dóibh í a scriosadh. Tá eagla orthu roimpi (fiú an bheirt nó triúir a chreideann aon rud fíor fúithi).

Gobharnóir Alaska í. Bhí sí ina méara roimhe sin. Roghnaigh John McCain í mar leas-uachtarán, ach níor éirigh leo san fheachtas. Ní raibh a páirtí féin cúramach chun í a ullmhú do gach ocáid, mar a céad agallamh ar an teilifís le duine den eite chlé, Katie Couric. Agus b'éasca do Tina Fey aithris a dhéanamh uirthi ar Saturday Night Live, agus mar ní bhíonn mórán daoine (óga?) sásta chun an fhírinne a lorg, cheaptar gur ionann an magadh sin agus an duine féin - cé go raibh sí sásta páirt a ghlacadh sa spraoi, agus an-mhisneach aici chun sin a dhéanamh. Ní fiú mórán an clár sin gan í, mar a tharlaíonn...cé go raibh sé greannmhar tráth dá raibh.

Tá daoine ann a sheasann léi, dar ndóigh. Is breá leis an móramh í in Alaska, agus is iomaí duine sa phartaí Poblachtach a bheadh sásta í a chur suas chun bheith ina huachtarán. Má tá naimhde agat mar atá aicise, is léir go bhfuil tú ar an taobh ceart. Is maith liom í, agus is maith liom í níos mó gach uair a dhéantar ionsaí amaideach nimhneach eile uirthi.

Seo alt eile a chuireann síos ar an bhfáth gur fuath leo í. Sílim féin go bhfuil gach rud is fearr faoi Mheiriceá le feiscint inti. Dar ndóigh, is fuath leo siúd gur fuath leo Meiriceá í go háirithe...

Seo a beathaisnéis oifigiúil, má tá suim ag éinne sa bhfíordhuine...

Agus cad é sin a dúirt sí faoin Rúis? Níl aon fhios agat, táim a ghealladh (mura léigh tú an nasc sin).

11 comments:

chouchou said...

"Sílim féin go bhfuil gach rud is fearr faoi Mheiriceá le feiscint inti. Dar ndóigh, is fuath leo siúd gur fuath leo Meiriceá í go háirithe..."


Eh...Maraíonn sí ainmhithe, mar spórt.

Céard a cheapfadh ár gcruthaitheoir faoi sin, meastú? An gceapann tú gur maith lenár gcruthaitheoir spórt fola?

Séamas Poncán said...

Ní miste Leis, muna n-itear an fhuil...agus tá sin ceadaithe anois, fiú.

Leviticus 17

Cá bhfuair Dia an tseithe a thug Sé do Adamh, dar leat?

Genesis 3

Tadhg Mac Dhonnagáin said...

A Shéamais, an ag iarraidh muid a spreagadh a bhíonn tú le ráitéisí OTT ar nós "Ar ndóigh, is fuath leo siud í gur fuath leo Meiriceá go háirithe"? Is breá le mo chroíse Meiriceá - tír atá chomh lán de cheol agus ealaín agus daoine breátha agus radharcanna agus chuile mhíle ní. Ní fuath liom Sarah Palin, ach (agus is dóigh liom gurb é mo phíosa-sa ar am bhlag féin a spreag tú leis an méíd seo a scríobh anois) ach dhéanfadh sí an-mhíshuaimhneach mé mar leas-uachtarán ar SAM. Sílim gur léirigh sí ina meon gur duine í atá ar mhaithe léi féin - duine a bhí ag gearradh costaisí ar Stát Alasca aon uair go raibh sí sa mbaile ina teach príobháideach féin, cuir i gcás, mar go raibh sí ar shiúl ó ionad oibre an Ghobharnróra? Níl ansin ach sampla beag amháin

Séamas Poncán said...

Is fíor gur spreag tú an mhír seo, ach 'you probly think this song is about you, don't you?' ;-) Ní bhíonn gach rud a scríobhaim faoi aon duine amháin. Is iomaí duine ar fuath leo Meiriceá, go háirithe in Éirinn, faraor. Níl tusa ina measc, buíochas le Dia.
Ní thuigim do dhearca faoi Sarah, go háirithe as an sampla a thug tú anseo. Rinne sí an-jab in Alaska chun costasaí a ísliú - agus nach tráthúil an bua sin? Más é féin-ghrá a chuireann isteach ort go mór, is dócha gur fuath leat Obama! Ach le fírinne, an féidir le duine bheith ina pholaiteoir gan beagán de, ar a laghad?

Séamas Poncán said...

...costais...

Tadhg Mac Dhonnagáin said...

Mar sin, an gnáthrud ag poliateoirí Meiriceánacha costaisí lóistín agus cothabhála a fháil nuair a bhíonn siad sa mbaile? Bhí an scéal ar fud na bhfud nuair a tháinig sé chun solais i gcaitheamh na dtoghchán. Níl ann ach go bhfuil mé fiosrach!

Séamas Poncán said...

Cén fhoinse atá agat maidir le mionsonraí mar seo? Tá sé míchruinn. Is dócha gurb é seo atá i gceist agat. An gcreideann tú gur gadaí í?
Is dócha go bhfuil a leithéid coitianta go leor. Ach nuair a chuirtear 'per diem' agus 'governor' in Google, ní fhaightear ach scéalta faoi Sarah Palin...
Seo an ceann is fearr.
Nach iontach go bhfuil suim ag Éireannaigh i mionsonraí mar seo!

Séamas Poncán said...

Bhí mé fiosrach, agus chuir mé 'obama children travel expenses' in Google, agus fuair mé...

scéalta faoi Sarah Palin.

Sea, níl aon chlaonadh ann.

Tadhg Mac Dhonnagáin said...

Ní déarfainn gur gadaí í - lúbaire, cheapfainn. Aontaím leat gur mionsonra a tharraing mé anuas i gcomhthéacs buiséad bliantúil SAM, ach ní hé an costas do stát Alasca a tharraing m'aird ar an scéal, ach an meon a bhí taobh thiar de. Tá sé an-chosúil leis an meon a bhí ag príomhfheidhmeanach na háisínteachta Stáit abhus anseo, Fás. Tháinig sé chun solais go raibh na mílte caite aige ag eitilt anonn is anall go Florida, first class, ar chúiseanna nár chuir go mór leis an obair a bhí ceaptha a bheith ar siúl aige. An freagra a bhí aige ná "I was entitled to it!". Bheifeá ag súil le léargas níos leithne ná sin ó dhuine i ról ceannaireachta. Is léiriú é ar laige carachtair, dar liom.

Séamas Poncán said...

Ach má scrúdaíonn tú na naisc a thug mé thuas, is léir nach raibh aon rud thar fóir ar siúl aici, ná aon tábhacht sa scéal seo, le fírinne - ach bíonn na foinsí nuachta agus na blagadóirí craiceáite á tharraint anuas i gcónaí. Ní aon Charles Haughey í, muise!

Séamas Poncán said...

Seo duit caimiléireacht...