tag:blogger.com,1999:blog-10111122.post3647921837844783038..comments2022-02-16T04:39:01.639-08:00Comments on An Caomhach: An Fhírinne Maidir le Sarah PalinSéamas Poncánhttp://www.blogger.com/profile/17494376208367219789noreply@blogger.comBlogger11125tag:blogger.com,1999:blog-10111122.post-11641148518340802932009-05-06T10:03:00.000-07:002009-05-06T10:03:00.000-07:00Seo duit caimiléireacht...Seo duit caimiléireacht...Séamas Poncánhttps://www.blogger.com/profile/17494376208367219789noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-10111122.post-72846371229285386822009-05-05T10:21:00.000-07:002009-05-05T10:21:00.000-07:00Ach má scrúdaíonn tú na naisc a thug mé thuas, is ...Ach má scrúdaíonn tú na naisc a thug mé thuas, is léir nach raibh aon rud thar fóir ar siúl aici, ná aon tábhacht sa scéal seo, le fírinne - ach bíonn na foinsí nuachta agus na blagadóirí craiceáite á tharraint anuas i gcónaí. Ní aon Charles Haughey í, muise!Séamas Poncánhttps://www.blogger.com/profile/17494376208367219789noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-10111122.post-17112115434733503932009-05-05T09:20:00.000-07:002009-05-05T09:20:00.000-07:00Ní déarfainn gur gadaí í - lúbaire, cheapfainn. Ao...Ní déarfainn gur gadaí í - lúbaire, cheapfainn. Aontaím leat gur mionsonra a tharraing mé anuas i gcomhthéacs buiséad bliantúil SAM, ach ní hé an costas do stát Alasca a tharraing m'aird ar an scéal, ach an meon a bhí taobh thiar de. Tá sé an-chosúil leis an meon a bhí ag príomhfheidhmeanach na háisínteachta Stáit abhus anseo, Fás. Tháinig sé chun solais go raibh na mílte caite aige ag eitilt anonn is anall go Florida, first class, ar chúiseanna nár chuir go mór leis an obair a bhí ceaptha a bheith ar siúl aige. An freagra a bhí aige ná "I was entitled to it!". Bheifeá ag súil le léargas níos leithne ná sin ó dhuine i ról ceannaireachta. Is léiriú é ar laige carachtair, dar liom.Tadhg Mac Dhonnagáinhttps://www.blogger.com/profile/09235559281819521161noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-10111122.post-26103600568733578912009-05-05T08:44:00.000-07:002009-05-05T08:44:00.000-07:00Bhí mé fiosrach, agus chuir mé 'obama children tra...Bhí mé fiosrach, agus chuir mé 'obama children travel expenses' in Google, agus fuair mé...

scéalta faoi Sarah Palin.

Sea, níl aon chlaonadh ann.Séamas Poncánhttps://www.blogger.com/profile/17494376208367219789noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-10111122.post-55734372246367810482009-05-05T08:24:00.000-07:002009-05-05T08:24:00.000-07:00Cén fhoinse atá agat maidir le mionsonraí mar seo?...Cén fhoinse atá agat maidir le mionsonraí mar seo? Tá sé míchruinn. Is dócha gurb é seo atá i gceist agat. An gcreideann tú gur gadaí í?
Is dócha go bhfuil a leithéid coitianta go leor. Ach nuair a chuirtear 'per diem' agus 'governor' in Google, ní fhaightear ach scéalta faoi Sarah Palin...
Seo an ceann is fearr.
Nach iontach go bhfuil suim ag Éireannaigh i mionsonraí mar seo!Séamas Poncánhttps://www.blogger.com/profile/17494376208367219789noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-10111122.post-70068187170548341642009-05-05T07:15:00.000-07:002009-05-05T07:15:00.000-07:00Mar sin, an gnáthrud ag poliateoirí Meiriceánacha ...Mar sin, an gnáthrud ag poliateoirí Meiriceánacha costaisí lóistín agus cothabhála a fháil nuair a bhíonn siad sa mbaile? Bhí an scéal ar fud na bhfud nuair a tháinig sé chun solais i gcaitheamh na dtoghchán. Níl ann ach go bhfuil mé fiosrach!Tadhg Mac Dhonnagáinhttps://www.blogger.com/profile/09235559281819521161noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-10111122.post-54413611650575390782009-05-05T07:08:00.000-07:002009-05-05T07:08:00.000-07:00...costais......costais...Séamas Poncánhttps://www.blogger.com/profile/17494376208367219789noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-10111122.post-24669190408338569622009-05-05T07:05:00.000-07:002009-05-05T07:05:00.000-07:00Is fíor gur spreag tú an mhír seo, ach 'you probly...Is fíor gur spreag tú an mhír seo, ach 'you probly think this song is about you, don't you?' ;-) Ní bhíonn gach rud a scríobhaim faoi aon duine amháin. Is iomaí duine ar fuath leo Meiriceá, go háirithe in Éirinn, faraor. Níl tusa ina measc, buíochas le Dia.
Ní thuigim do dhearca faoi Sarah, go háirithe as an sampla a thug tú anseo. Rinne sí an-jab in Alaska chun costasaí a ísliú - agus nach tráthúil an bua sin? Más é féin-ghrá a chuireann isteach ort go mór, is dócha gur fuath leat Obama! Ach le fírinne, an féidir le duine bheith ina pholaiteoir gan beagán de, ar a laghad?Séamas Poncánhttps://www.blogger.com/profile/17494376208367219789noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-10111122.post-71073794734879723422009-05-05T04:08:00.000-07:002009-05-05T04:08:00.000-07:00A Shéamais, an ag iarraidh muid a spreagadh a bhío...A Shéamais, an ag iarraidh muid a spreagadh a bhíonn tú le ráitéisí OTT ar nós "Ar ndóigh, is fuath leo siud í gur fuath leo Meiriceá go háirithe"? Is breá le mo chroíse Meiriceá - tír atá chomh lán de cheol agus ealaín agus daoine breátha agus radharcanna agus chuile mhíle ní. Ní fuath liom Sarah Palin, ach (agus is dóigh liom gurb é mo phíosa-sa ar am bhlag féin a spreag tú leis an méíd seo a scríobh anois) ach dhéanfadh sí an-mhíshuaimhneach mé mar leas-uachtarán ar SAM. Sílim gur léirigh sí ina meon gur duine í atá ar mhaithe léi féin - duine a bhí ag gearradh costaisí ar Stát Alasca aon uair go raibh sí sa mbaile ina teach príobháideach féin, cuir i gcás, mar go raibh sí ar shiúl ó ionad oibre an Ghobharnróra? Níl ansin ach sampla beag amháinTadhg Mac Dhonnagáinhttps://www.blogger.com/profile/09235559281819521161noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-10111122.post-84260822837663766612009-05-04T12:54:00.000-07:002009-05-04T12:54:00.000-07:00Ní miste Leis, muna n-itear an fhuil...agus tá sin...Ní miste Leis, muna n-itear an fhuil...agus tá sin ceadaithe anois, fiú.

Leviticus 17

Cá bhfuair Dia an tseithe a thug Sé do Adamh, dar leat?

Genesis 3Séamas Poncánhttps://www.blogger.com/profile/17494376208367219789noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-10111122.post-2729790073760661842009-05-02T17:01:00.000-07:002009-05-02T17:01:00.000-07:00"Sílim féin go bhfuil gach rud is fearr faoi Mheir..."Sílim féin go bhfuil gach rud is fearr faoi Mheiriceá le feiscint inti. Dar ndóigh, is fuath leo siúd gur fuath leo Meiriceá í go háirithe..."

Eh...Maraíonn sí ainmhithe, mar spórt.

Céard a cheapfadh ár gcruthaitheoir faoi sin, meastú? An gceapann tú gur maith lenár gcruthaitheoir spórt fola?chouchounoreply@blogger.com