Thursday, April 02, 2009

Léigh Maidhc Ó Cathail leabhar!

Gach uair a smaoiním nach féidir leis na meáin Ghaeilge a bheith níos measa maidir le hIosrael agus na Stáit Aontaithe, faighim sampla níos measa fós. Cheap mé go ndearna an t-eagarthóir nua ar Beo! droch-chinneadh an mhí seo caite. Ach is léir gur polasaí é anois, alt maslach amaideach maidir le hIosrael a fhoilsiú gach mí le mo dhuine thuas. Mo náire iad.

Tá an t-alt seo lán de leithéid Noam Chomsky, Daily Kos agus uisce faoi thalamh na nGiúdach srl. Ní fiú mórán a rá faoin gcacamas atá ann ach gur náireach é go gceaptar gur iriseoireacht a leithéid. An nuacht is déanaí ó chorcracha an fhiabhrais (the fever swamps) atá ann. Ach má tá sé i gcló, ní hamhlaidh nach fíor é! Go díreach mar an Davinci Code, Protocols of the Elders of Zion, Mein Kampf agus Das Kapital!

Leabhar a scríobhach i gcoinne John McCain i rith an fheachtais uachtaránaigh is ea an píosa caca seo, agus ionsaítear McCain tríd síos, de réir dealraimh. Ach ní leor sin. Ní mór dó a insint do gach éinne conas a tharlaíonn go bhfuil sindeacáit choiriúil Shíónach taobh thiar de gach polasaí Meiriceánach, srl. Níl a fhios agam an séanann sé gur tharla an tUileloscadh, ach ní chuireadh sin aon ionadh orm, mar is ón dream siúd atá mo dhuine. Ach ní frith-Ghiúdach é, an dtuigeann tú.

"Noam Chomsky says: Breathless Just Reading It" Muise, sin "guilt by association."
Nach leor sin ina aghaidh, d'aon duine ciallmhar? An bhfuil aon daoine ciallmhara ann fós?

2 comments:

Unknown said...

Tá sé dochréidte conas is feidir linn na teoiricí conspiracy direach as na leathanaigh Protocols a leamh sna h-altanna agus leabhair (amharc ar an "Israel Lobby" nó daoine mar Finkelstein) agus síleann siad go bhfuil an balach smaoineamh sin "progressive"?
Grmma as ucht an alt sin.
Cáit

Séamas Poncán said...

D'aimsigh mé duine ciallmhar! Tá dóchas ann don chine daonna fós... ;-)