Tuesday, December 30, 2008

Ionsaí Iosrael ar Ghása

Cá dTosóinn? B'fhéidir ba chóir dom tosú le moltaí faoi conas nuachtán a léamh.

Má bhíonn nuachtán (nó foinse nuachta ar bith eile) ag tagairt do Phalaistínigh a maraíodh, luaitear uimhir na sibhialtach sa chuntas sin i gcónaí. Is cuma gur maraíodh iad de thaisme, más sibhialtaigh i bhfírinne iad, agus gur maraíodh iad mar go raibh sceimhlitheoirí ag déanamh ionsaithe ón áit a gcónaidís... Ach ar aon nós, nuair a luaitear (má luaitear) Ioraelaigh a maraíodh, ní bhíonn iontusan ach Iosraelaigh. De ghnáth, dar ndóigh, ní maraítear ACH sibhialtaigh in Iosrael, mar ionsaíonn na sceimhlitheoirí na sibhialtaigh d'aon ghnó, agus bíonn targaidí fánacha ag a gcuid diúracán. Ní bhaineann Iosrael feidhm as a cuid sibhialtach mar sciatha, ach oiread, mar a dhéanann na sceimhlitheoirí. Na hIosraelaigh sin, is gnáthdhaoine neamhurchóideacha iad.

Má dhéanann Iosrael ionsaithe ar dhaoine a bhíonn ag seoladh diúracán agus ag marú a gcuid sibhialtach, chun a dtír a chosaint, deirtear sna nuachtáin go bhfuil drochbeart eile ar bun acu, mar is iondúil. Cé gur choimeád siad srian orthu féin ar feadh na míosa nó mblianta roimhe. Ní thosaíonn na Palaistínigh aon troid sna nuachtáin, ach uaireanta luaitear an fhíorchúis ag deireadh ailt nó ar leathanach eile. Má lorgaítear iad, uaireanta bíonn fíricí le fáil. Dá mbeadh suim ag éinne...

D'imigh Iosrael Gása in 2005. Moladh sin sna nuachtáin. Ach botún a bhí ann, mar déantar ionsaithe ar Iosrael gan stad gan staonadh ón limistéar sin. Mar is iondúil, bhí Iosrael flathúil agus foigneach, agus fuair siad diúracáin is sceimhlitheoireacht mar bhuíochas. Sna nuachtáin, bíonn an locht ar Iosrael, ach de ghnáth, bíonn an scéal faoi sceimhlitheoireacht na nArabach agus a hiarmhairtí, má léitear go cúramach é, agus má fhiosraítear an stair de. Is dóchúil go mbíonn botún Iosrael i gceist aon uair a bhíonn na nuachtáin á moladh.

Ní aon scéal nua claonadh seo na nuachtán. Rinneadh amhlaidh maidir le Hezboladh freisin. Léitear idir na línte má léitear gach a ndeirtear sna nuachtáin. Roghnaíonn duine scéalta, agus bíonn dearcadh ag duine. Go minic, bíonn an dearcadh sin chomh dian go gcumann an duine scéalta chun é a chur chun cinn. Sin 'iriseoireacht', mar a thuigtear é sa lá atá inniu ann, mo léan. Ní mór níos mó ná foinse amháin a scrúdú, agus, bhuel, an blag seo a léamh!

Maidir leis na scéalta faoi dhaoine a mhaíonn go bhfuil siad ar son chearta daonna srl, agus iad ag tacú leis na sceimhlitheoirí, bhuel, bíonn siad ag taispeáint rudaí eile fúthu féin dúinn, dar ndóigh. Is áis mhaith é a n-ainmneacha a chuimniú, mar gach uair a deir nó a dhéanann a leithéid rud, ní bhíonn i gceist acu ach bréagacha a scaipeadh faoi Iosrael, agus a gcairde, na sceimhlitheorí, a chabhrú. Ní bhíonn aon nuacht i scéal mar sin. Is fearr neamhaird a thabhairt dá leithéid, cé go mbíonn siad ann agus go mbíonn scéalta ann fútha, gach uair a bhíonn seans ag na nuachtáin (gach uair a bhíonn Iosrael sa nuacht).

1 comment:

aonghus said...

Bíonn sé i dtólamh deacair nuair a chasann rialtas daonlathach ar an lámh láidir i aghaidh sceimhlitheoirí. Ó thaobh gabháil na gcroíthe agus na haigne - agus is mar sin a bhuailtear lucht sceimhle - is olc an rud é an coibhneas idir deicheanna de Iosraelaigh marbh ag diúracáin Hamas i gcoibhneas leis na céadta marbh ag buamaí Iosrael.

Cinnte, tá sé deacair ag Iosrael gan páirtnéir iontaofa le plé leo ar thaobh na bPailistíneach. Ach is go mall a tógtar caisleáin mar sin, le caint, caint, seachas le cogadh cogadh.

Is eagal liom gur fiacla dragún atá á chur i dtalamh Gaza le gach buama.