Tuesday, January 02, 2007

Teachtaireacht do na hArabaigh san Iaráic

Mharaigh sibh Saddam, agus níl na liobrálaithe i Nua-Eabhrac sásta leis sin. Ná na daoine bien pensant san Eoraip ach oiread. Ná fiú an Vatacáin, de réir dealraimh. Ba mhaith leo bhur mbéasa - agus cleachtaithe bhur gcreidimh - a mhúneadh daoibh. Ná bígí ag cur olldhunmharfóirí chun báis! Níl sé go deas.

Ar an lámh eile, is cuma leis na daoine céanna (ach amháin b'fhéidir an Vatacáin) an sceimhlitheoireacht, agus buamadóirí féin-mharaithe, airm ollscriosta, agus dochar ar bith do Iosrael. Mar sin, ná bígí buartha. Níl uathu ach bhur leas. Ná bígí buartha go mbíonn siad ag súil le cogadh cathartha agus briseadh na Meiriceánach i bhur dtír. Is cairde daoibh an lucht seo.

Cad é sin? Tá tacaíocht uaibh? Cabhair do bhur rialtas? Seasamh i gcoinne bhur naimhde? Och, ach, thabharfadh sin cabhair don diabhal féin Bush! C'est ridicule!

14 comments:

aonghus said...

N'fheadar cad tá riducule anois, tar éis an giota fón taiféidthe a bheith scaipthe.

Cad a cheapfá dá gcuirfí ceannaire Críostaí - Pinochet, abair, chun bás oíche Nollaig?

Tá ciall leis an meid a scríobh an Vatacáin

Séamas Poncán said...

http://news.yahoo.com/s/ap/20070103/ap_on_re_mi_ea/iraq_saddam_video

Nós atá acu sa chúinne sin den domhan staic mhagiadh a dhéanamh don té atá le cur chun báis. Ní cheapann mórán daoin gur roghnaigh siad dáta maith, ach cá bhfios? Níl a fhios agam. Ní dóigh liom go bhfuil lá chomh tábhachtach leis an Nollaig i gceist. Agus tugadh bronntanas dóibh, pé scéal. Ní athraíonn na rudaí seo aon rud, ach go dtugann siad leithscéalta eile do lucht a cháinte.

Is tragóid é anam ar bith a sheoladh go hIfeann. Ach amháin sin, ní aontaím le ráiteas an Vatacáin ar chor ar bith.

Séamas Poncán said...

Seo an nasc sin

aonghus said...

Feictear dom gurbh lá tabhachtach atá ann

Eid al Adha

Séamas Poncán said...

Seo alt gearr faoin difear idir Shia agus Sunni. Tá sé suimiúil.
alt

Agus alt faoi dhearcadh na Stáit ar an eachtra seo.
An gcreideann an Vatacáin gur cearta daonna é bheith maraithe gan mhagadh? Nach an-aisteach sin?

aonghus said...

Tá's agat go maith seasamh na hEaglaise ar seo

Féach an Caiticiosma, uimhir 2267

Botún a bhí ann ligeann do dream dá namhaid é chuir chun bás; chruthaigh sé mairttíreach. Tá Saddam marbh níos contúirtí don saol mór ná mar a bhí Saddam beo agus i ngeibheann.

aonghus said...

Féach freisin CCC 2298-2300.

Tá cearta agus dinít fiú ag coirpeach cosúil le Saddam. Agus laghdaíonn muid ár dinít fhéin nuair a dheanann muid neamhaird ar sin.

Séamas Poncán said...

Cás annamh a bhí ann, dar liom, a bhí riachtannach. Agus ní dóigh liom go bhfuil aon dinít tuilte ag an té a chuirtear chun báis. Ag tugtar dóibh as carthanacht - i dtíortha Chríostaithe. Tuigim cás na hEaglaise. Ní aontaím go mbaineann na rudaí seo le Saddam. Ach pé scéal, rinne rialtas Moslamach é seo. Bhí imní ar an bPápa agus an Vatacáin faoi thrácht ón stair, mar chuir sé isteach ar chreideamh na ndaoine céanna. Ach tá an ceart acu insint dóibh conas a dtír a rialú? Ní fheictear eagna na hEaglaise ina cuid taidhleoireachta go minic, faraor.
Tá áthas ar an móramh san Iaráic faoin eachtra seo. Féach Celebrating Justice...

aonghus said...

Bhí imní ar an bPápa agus an Vatacáin faoi thrácht ón stair, mar chuir sé isteach ar chreideamh na ndaoine céanna.

Míleamh atá ansin agat, dar liom. Agus is dóigh liom go bhfuil tú ag braith ar scéalta dara lámh chun taidhleoireacht na Vatacáine a mheas. Ba cheart duit Zenit a cheadú ar dtús, agus an méid iomlán a dúirt siad a léamh, seachas claoninsint dhaoine eile!

Séamas Poncán said...

Is dócha nach raibh imní air. Tá tuairimí éagsúla ann an raibh sé cliste an trácht sin a dhéanamh. Míléamh ar na Moslamaigh radacacha a bhí ann, nó cuspóir eile a bhí aige leis, b'fhéidir. Ar aon nós, níl siad gan locht, mar a fheictear anseo.

aonghus said...

Bheadh léamh eile agamsa ar an scéal úd chomh maith.

Féach mo bhlag.

Tá an Vatacáin i gcoinne pionós an bháis le blianta anois, ar chúiseanna maithe.

Agus i gcás Saddam, ní dóigh liom gur chun leasa an cogadh rí thabhachtach i gcoinne na sceimlitheoireachta a bhás - cogadh le haghaidh croíthe agus inntiní atá ann, agus buile trom a bhí sna pictiuirí de siúd ag dul chun bás le dinít agus cóip na sráide shíteach ag magadh faoi, iad in éide mílíste Sadrach.

Bhí cuma díoltas seachas cóir air.

Séamas Poncán said...

Aontaím leat nach ndearnadh sa dóigh a b'fhearr é. Ach bhí sé an-tábhachtach dóchas lucht tacaíochta Shaddam a mhúchadh, dar liom.
Léigh mé an rud a scríobh tú ar do bhlag, agus bhí sé go maith.

aonghus said...

Ní dóigh liom go dtuigeann tú an meon.

Is tabachtaí do ghluaiseacht na Poblachta in éirinn Bobby Sands marbh ná dá mbeadh sé tar éis éirí as an stailc ocrais.

is eagal liom go mbeadh an feidhm chéanna ag Saddam "mairtíreach" don ghluaiseacht Baath.

Ní cloítear sceimhle le sceimhle.

Séamas Poncán said...

Ní bhainneann bás Shaddaim leis an sceimhle. Tá an ceart ann, agus ní miste liom é sin. Sin an rud a úsáitdear i gcónaí chun coireanna a stadadh/cur ina n-aghaidh.