Thursday, December 21, 2006

Fadhb na hIaráice

Cad tá le déanamh san Iaráic? Tá a fhios ag gach éinne, nach bhfuil an dualgas air an fhadhb seo a réiteach, de réir dealraimh. Iadsan nach mbíonn ag súil go dteipeann orainn, sin a rá. Sea, ní mór dúinn níos mó saighdiúirí a sheoladh ann. Agus ní mór dúinn na saighdiúirí a thabhairt abhaile. Ní mór dúinn ionsaitheoirí ó na tíortha maguard a stadadh, agus ní mór dúinn caint leo mar chuiditheoirí. Thug Grúpa Staidéir na hIaráice (The Iraq Surrender Group) 79 moladh don uachtarán - roinnt díobh a thagann salach ar a chéile - agus dúradh leis a rogha díobh a dhéanamh. Sin plean. Ní raibh an móramh ar an gcomisiúin sin cáilithe chun treoir mhíleata a thabhairt d'éinne.

Ag tús bliana, beidh níos mó cumhachta ag an eite chlé sa rialtas. Níl siad ar aon intinn faoin gcogadh. Tá roinnt díobh ann agus galar intinne frith-Bush (Bush Derangement Syndrome) orthu, agus ba mhaith lena leithéid a gceann a shá sa talamh, na trúpaí a bhaint den Iaráic, agus síochán ar talamh a chumadh ar fud an domhain - beidh sí ann cionn is gur mhaith leo é. Ó, agus Bush is a chairde a chúiseamh mar choirpigh. Buíochas le Dia, is mionlach fós iadsan. Beidh comhairle an-thorthúil ón ndream nua seo, cinnte.

Is é an tUachtarán príomh-cheannaire an airm é. Agus tá a fhios aige, agus ag na daoine atá i dtreis san Iaráic, nach bhfuil réiteach simplí ann. Tá a fhios ag na daoine atá ann gur fiú an troid seo, freisin, agus go bhfuil dul chun cinn ann, d'ainneoin an fhoréigin.

Tá réiteach simplí ag gach éinne, dar leo, ach amháin na daoine a thuigeann an cás. Tá gá le hathruithe, agus tá mórán le déanamh, gan amhras. Ní raibh gach rud mícheart a rinneadh, agus ní raibh gach rud foirfe. Sin an cogadh. Sin mar a bhíonn. Is deacair a bheith foighneach. Ach bíonn na sceimhlitheoirí foighneach, go háirithe nuair a bhíonn an eite chlé ag soláthar dóchais dóibh i gcónaí. Bíodh ciall againn.

8 comments:

Caitríona said...

Scríobh tú,"Iadsan nach mbíonn ag súil go dteipeann orainn, sin a rá."

Theip oraibh nuair a chreid sibh san 'Pre-emptive stike doctrine,' go sábhála Dia sinn. Nó b'fhéidir go raibh sibh caillte roimhe sin. Theip ar réasún nuair a d'ionsaigh Meiriceá Iraq. Theip ar Mheiriceá nach rabhamar in ann an dictator Bush agus a lucht leanúna dall nó tinn sa chloigeann a stopadh. Theip ar Iraq nuair a d'iosaigh Meiriceá an tír, arís agus arís agus arís eile gan meas, gan smacht, gan plan ciallmhar, gan cead. Theip ar gach rud i bhfad ó shin cé go ndearnamar ár seacht ndícheall sibh a stopadh. Níl democracy againn i Meiriceá níos mó. Theip ar réasún nuair a shiúil Bush isteach i gcomhacht, (comhacht a ghoid sé). Bhí súil againn stopadh a chur libh ach níor éirigh linn. Sibhse a mhill gach rud. Dúisigh suas a Shéamais agus feicfidh tú toradh an oibre a mholann tusa, i sráideanna Iraq agus ins an chaoi a chaill na tíortha eile an meas a bhí acu ar Mheiriceá.

Séamas Poncán said...

Tá áthas orm go bhfuil tú ag léamh mo bhlag. Is féidir go bhfoghaimeoidh cúpla rud lá éigin. Ní mór duit gach alt a léamh, cúpla uair, sílim. Tá 'Bush Derangement Syndrome' ort, agus tá sé go dona. Guím feabhas ort.

Caitríona said...

Is níl tada cearr leatsa nuair nach bhfeiceann aon rud cearr leis an gcogadh?

Séamas Poncán said...

Ná cuir focail i mo bhéal. Léigh a bhfuil scríofa agam, agus más maith leat, déan trácht air sin.

Caitríona said...

Scríobh tú, “Tá roinnt díobh ann agus galar intinne frith-Bush (Bush Derangement Syndrome) orthu, agus ba mhaith lena leithéid a gceann a shá sa talamh, na trúpaí a bhaint den Iaráic,…”
Tá tú ag caint faoi formhór na daoine sa tír seo agus sa domhan. Má fhéachann 90% ar an spéir agus deireann siad go bhfuil sé gorm agus deireann duine amháin atá ag féachaint ar an spéir céanna, ag an am céanna, san áit céanna go bhfuil sé bándearg, cé a chreideann tú? Cé duine atá ag fulaingt Syndrome de shaghas éiginnt? Ach led’ thoil, ná bí ag caitheamh amach ‘labels’ arís. Faigh amach céard atá daoine a rá agus ar son Dé agus do mhaithe féin, fan amach ó Fox:
An tuairim i Meiriceá: Ceist agus freagra ó Newsweek ". . . Do you approve or disapprove of the way Bush is handling the situation in Iraq?" 1/17-18/07 Approve 24% Disapprove 70% Unsure 6% http://www.pollingreport.com/iraq.htm
San Iraq: Seven out of ten Iraqis overall—including both the Shia majority (74%) and the Sunni minority (91%)—say they want the United States to leave within a year. http://www.worldpublicopinion.org/pipa/articles/home_page/275.php?nid=&id=&pnt=275&lb=hmpg1
Ach aontaíonn 10% le Bush. “about one in 10 wanted to send more troops.” “Sé sin le rá nach bhfuil 90% le Bush anseo.http://www.usatoday.com/news/washington/2005-11-15-poll-vietnam_x.htm

Séamas Poncán said...

Is féidir nach mionlach iad, ach nílim cinnte faoi vótaí mar seo. Má roghnaítear grúpa míle daoine nach gcloiseann ach droch-scéalta ar an nuacht agus má chuirtear an cheist orthu 'an bhfuil rudaí ag dul ar aghaidh go maith,' ní nach ionadh go ndeireann siad nach bhfuil. Agus fiú nach bhfuil, is cuma sin, más maith leo an rud ceart a dhéanamh. Agus vótálfainn féin ar son na trúpaí a ghlaoch abhaile má chuirtear an cheist orm 'ar mhaith leat na trúpaí a bheith sa bhaile?' Táim cinnte gurb fhearr le gach duine san Iaráic (na Meiriceánaigh go háirithe) dá rachadh na Meiriceánaigh abhaile - gan dochar. Ach deir siad sa tuairisc céanna sin go dtuigeann siad nach féidir faoi cheann sé mhí, agus is réasúnta cinnte, cé nach dtuigeann na daoine a raibh siad ag caint leo, nach féidir a leithéid a dhéanamh gan dochar le cúpla bliain eile.
Seasaim leis an rud a scríobh mé (ach fuair mé an botún céanna sa Gaeilge a rinne mé ar Daltaí le 'ionas,' agus dheisigh mé é), go háirithe an paragraf deireannach.

Caitríona said...

Tá dóchás ann mar sin. Fágfaidh mé thú, a Shéamais. Go n-éirí an t-ádh leat sa saol agus leis an scoil atá agaibh.
Le gach deaghuí,
(níl mé i gcoinne daoine, tá mé i gcoinne foréigean),
C

Séamas Poncán said...

"níl mé i gcoinne daoine, tá mé i gcoinne foréigean"

Mise freisin. Faraor, tá daoine sa saol seo na n-aontaíonn linn. Go raibh maith agat as do shuim sa bhlag agus tá súil agam go léifidh tú arís é, cé nach n-aontaíonn tú leis.