Sunday, January 05, 2020

Cad is ANTIFA ann?


Is í an oirbheartaíocht is mó a bhíonn ag an eite chlé le fada an lá ná líomhaintí a dhéanamh i leith na heite deise, ag maíomh go ndéanann siad, a bhfreasúra, na rudaí a dhéanann siad féin.  Mar shampla, cuireann siad ciníoch ar aon duine nach n-aontaíonn leo go mba chóir déaláil le daoine de réir a gciní.  Deireann siad gur mí-úsáid chumhachta atá i gceist nuair nach mbíonn Trump, mar shampla, sásta géilleadh a thabhairt dá bhfíor-chuid mí-úsáide cumhachta, ag úsáid an táinseamh as cúiseanna polaitiúla amháin, srl.  Ach an ceann is mó a bhíonn ina mbéal ná gur faisistigh iad gach duine nach bhfuil ina shóisialach ná ina ainrialaí, nó, go háirithe, nach nglacann le soiscéal (mar dhea) na heite clé idirnáisiúnta agus gach a mbaineann lena gcreideamh, géarchéim an Téimh Dhomhanda,  deireadh le tíortha neamhspleácha le teoranna, srl.  I bhfocail eile, cuireann siad faisisteach ar aon duine nach n-aontaíonn leo.

Is fuath leis an saol faisistigh, gan amhras.  Cé hiad i ndáiríre, ámh?  Daoine ar mhaith leo gach cumhacht a bheith ag an rialtas is ea iad.  Ní cheadaíonn siad aon tuairimí ach a dteagasc féin.  Aon phobal amháin, aon mheon amháin.  Agus, go stairiúil, bíonn siad i bhfábhar náisiúnachais láidre.  Sin an t-aon difear idir iadsan agus na cumannaigh.  Is lucht idirnáisiúnta iad na cumannaigh, ar mhaith leo aon phobal, aon mheon amháin ar fud an domhain (agus iad féin i gceannas, dar ndóigh).

Tugann eagraíocht ANTIFA Frith-fhaisisteach orthu féin.  Agus déanann siad gach rud a dhéanann faisistigh.  Le fírinne, toisc gur feachtas idirnáisiúnta iad, tá siad i bhfad níos cosúla leis na cumannaigh (agus is cumannaigh amach is amach a lán dá mbaill).  Ach is beag an difear sin i ndearadh na dála.  Tá dea-ainm orthu, agus aon duine nach bhfuil aithne acu orthu, cheapfáidís gur eagraíocht mhaith atá iontu.  Tá siad ag seasamh in éadan an fhaisisticis, nach bhfuil?  Ach, mar a dúirt mé thuas, is annamh go mbíonn aon fhaisisteach ar bith ann sa saol seo le fada an lá.  Tá siad ann, ach bíonn siad ar nós cuma liom ag an saol, ach amháin sna tíortha mar a bhfuil cumhacht acu, mar an Iaráin agus an tSíria...  Agus is cuma le hANTIFA na tíortha siúd.  Bíonn siad ag díriú ar "fhaisistigh" i dtíortha an Iarthair.  Sin le rá, ar aon duine nach n-aontaíonn leis an eite chlé idirnáisiúnta (nach bhfuil ina dheachtóir cheana féin).

Sin an saghas ruda a dhéantar le reachtaíocht i gcónaí, dála an scéil.  Tugtar ainm deas ar an reachtaíocht, agus cuirtear gach aon saghas caca sna dlithe inti.  Ach sin scéal eile.  "Is minic a bhíonn duine agus a chosúlacht in aghaidh a chéile," agus is fíor sin faoi eagraíochtaí agus reachtaíocht freisin, gan dabht.

Cad a dhéanann ANTIFA, mar sin?  Bhuel, is iomaí samplá dá gcuid foréigin atá le feiceáil ar youtuble.  Seo cúpla sampla:

Dar ndóigh, is féidir le duine ar bith níos mó ná iad seo a fháil, agus is féidir go bhfuil samplaí níos fearr ann.  Is léir gur eagraíocht den eite chlé dhian iad agus go mbíonn an foréigean mar mhódh oibre acu.  Is olc an dream iad amach is amach.  Tá siad i dtíortha eile, freisin.  Agus tá iarracht ar bun le déanaí chun cóip díobhsan a bhunú in Éirinn, fiú sa Ghaeltacht!  Go sábhála Dia Éire - agus sinne go léir.  

Tá sé tábhachtach go dtuigeann gach duine cé hiad ANTIFA, agus nach nglactar leo mar dhaoine maithe, pé ainm atá orthu agus pé líomhaintí a dhéanann siad faoi dhaoine eile.  

Scaipigí an scéal!  Ná bacaigí leo!

Faisistigh - an eite dheis, nó an eite chlé?

5 comments:

aonghus said...

Tá cuid den fhírinne agat, gan amhras. Ach tá grúpaí foréigneacha den eite dheis ag eagrú freisin.

Séamas Poncán said...

Agus i Leipzig anois... https://www.breitbart.com/europe/2020/01/05/antifa-left-extremists-arrested-after-new-years-violence/

aonghus said...

Tá fadhb aitheanta le fada le foréigean pholaitiúil sa Ghearmáin.

Ach is minice íospartaigh an eite dheis marbh ina dhiaidh.

Séamas Poncán said...

An faide i dtreo na heite clé nó an eite deas a théitear, is amhlaidh is cosúla iad. Ba bheag an difear idir Stalin agus Hitler. Dar leis an alt seo, pobal amháin le meon amháin atá i gceist ag lucht an fhoréigin ar an dá thaobh. https://www.verfassungsschutz.de/en/fields-of-work/right-wing-extremism/what-is-right-wing-extremism
Níl baint ar baith ag a leithéidsean le coimeádaigh, ar fuath leo rialtas lárnach láidear, agus ar mhaith leo saoirse an duine aonar thar aon rud eile. Cuireann ANTIFA i gcéill gur ionann naitsithe agus coimeádaigh, agus is cacamas ar fad sin. Sin a mhínítear sa físeán deireanach ar an mír seo.

aonghus said...

Tá à cuid teip féin i ndul i ngleic le foréigean ar an eite dheis le caoineadh ag an Verfassungschutz ar an ndrochuair.

Mar a deirim, tá go leor den fhírinne agat. Ach tá réimse leathan daoine a thugann Antifa orthu féin, agus níl siad uilig antoisceach.

Agus ar an ndrochuair tá faisistigh atá sásta foréigean a úsáid agus a spreagadh ag eagrú in Éirinn. Forchíniochaithe geala.

Ní dóigh liom féin go bhfuil foréigean éifeachtach ina gcoinne - ba cheart don Stáit dul i ngleic leo. Ach is ann dóibh.