Wednesday, November 14, 2012

Grrrr! - na Giúdaigh! - Grrr!

Seo alt (fada) an-mhaith faoin bhfáth go mbíonn lucht an eite clé chomh sásta bréagscéalta faoi Iosrael a alpadh siar. An-suimiúil ar fad. Is deacair an rud é an cás seo a mhíniú. Sceimhlitheoirí Muslamacha agus sóisialaithe aindiaga ar aon intinn faoi olcas Iosrael? Is an-ait sin, cé nach bfheicean na frith-Iosraelaigh Eorpacha agus a chomhghuaillithe é.

Ní ghlacaim go huile is go hiomlán lena bhfuil ráite san alt thuas faoi 'supersessionism' Chríostaí, mar ní fheictear a lán dá leithéid i Meiriceá (bíonn an chuid is mó de Chríostaithe Mheiriceá ag tacú le hIosrael), agus níl a lán Críostaithe ann níos mó san Eoraip. Ach luíonn sé le ciall nuair a ghlactar gur creideamh nua aindiach é an liobrálachas idirnáisiúnta.

Tá Iosrael bunaithe ar stór agus traidisiúin an iarthair (mar ba bhunaitheoirí iad féin de sin). As an Eoraip agus an Rúis a tháinig ar ais an chuid is mó díobh (ní cheaptar orthusan a díbríodh as na tíortha Arabacha srl.).

Iospartaigh san Eoraip ab ea iad. Is daoine cráifeach iad (mar dhea) - stát Giúdach atá ann. Ach don eite chlé aindiaga, is breá leo go bhfuil na Giúdaigh chomh dona (mar dhea) agus a bhí na Naitsithe. "Féach!" deir siad, "ní leor dóibh Dia, níl siad níos fearr mar gheall air!"

Creideann an eite chlé idirnáisiúnta go bhfuil siad níos cliste ná aon duine creidmheach, agus is breá leo lochtanna aon daoine creidmhacha a aithint is a cháineadh, chun sin a chruthú. Fiú más gá bréagscéalta a ghlacadh nó a chumadh. Tá siad níos mórálta ná éinne, dar leo féin (cé nach bhfuil aon bhunús don mhoráltacht gan Dia...).

Ach tá na Muslamaigh cráifeach freisin, cé go gcreideann mórán díobh i nDia ar maith leis na Giúdaigh a scriosadh ón talamh. Ní deirtear faic faoina gcreideamhsan.  Cén fáth? Ní hEorpaigh iad, ní sliocht an iarthair iad - is iadsan an 'Eile'. Ní féidir leis an Eile a bheith ciontach as a ndéanann siad, mar tá siad faoi chois. Agus nach níos morálta ná éinne aon duine a chabhraíonn leis na daoine atá faoi chois?  "Nuair a bheidh siad saor i measc na ndaoine cliste eile (mar sinne), gheobhaidh siad réidh lena nDia."  Diabhail seans, ach sin mar a shíleann na daoine 'cliste'.  Nach iar-Ghiúdaigh roinnt díobh féin?  Iar-Chríostaithe a lán díobh, ar aon nós.

Tá na Giúdaigh difriúil, ach níl siad difriúil go leor le bheith ina nEile. Tá siad difriúil go leor, ámh, nach bhfuil siad inghlactha mar dhea-liobrálaithe (cé go bhfuil mórán dá leithéid ina gcónaí in Iosrael). Is bruscar na hEorpa iad. Is sceilpín gabhair iad arís eile, faraor.

Cén fáth go gceaptar go mbíonn an Eile níos fearr?  Féin-fhuath atá i gceist, ar dóigh.  Is cosúil mar a bhíodh i rith an chogaidh fhuair.  Ba bhreá leis an eite chlé na cumannaithe (agus tá cion acu dóibh fós), cé gur fuath le haon duine a bhíodh ina gcónaí i dtír chumannach iad (agus tuigeann na daoine sin fós baol an sóisialachais - ach amháin na coirpigh féin, dar ndóigh).  Is fuath leo go raibh an lámh in uachtar riamh ag an Iarthar.  Bíonn aon rud eile níos fearr.  Fiú spioradáltacht ABC (anything but (Judeo-)Christian).  Ghlac siad le teagasc na gcumannaithe.  Bhíodh an Eoraip go holc.  Ciontach as an uile olc, beagnach.  Bíonn gá le slí eile.

Leis sin, is frithcholínithe iad, dar ndóigh.  Ba é sin an choir ba mhó ag an Iarthar, dar lena leithéid - bhrúmar ár slí bheatha ar an Eile! Agus cé nach bhfuil na coiníolachtaí ann níos mó, seasann siad leis na daoine bochta a bhíodh faoi chois ag an Iarthar (ach amháin leis na Giúdaigh...).  Tugann siad cead a gcinn dá leithéid, mar bhí siad thíos le fada, agus ní mór dóibh a gcearta a bhaint amach.  Go díreach conas a dhéantar aon mhaith do na daoine bochta sna tíortha Arabacha, is cuma leo.  Níl sé riachtanach go bhfuil dul chun cinn ann le fírinne.  Is leor dóibh gur féidir leo a rá go bhfuil siad ar an 'taobh ceart'.  Cé chomh mícheart agus chomh holc is atá an taobh sin.  Is leosan an rogha.  Seasann na liobrálaithe leis an Eile, mar phátrúin fhlaithiúla.  As droch-choinsias ó oidhreacht.  As míthuiscint ar an stair...

Ní raibh an chuid ba mhó de mhuintir Iosrael ina gcónaí ann nuair a bhíodh an Phalaistín ina coiníolacht.  Ar a laghad, ní raibh siad ann le fada sular imigh na Sasanaigh (is cuma nach raibh na Sasanaigh féin ann le fada roimhe sin...).  Tugtar coiníligh orthu, mar sin ("tá na Giúdaigh chomh holc agus a bhíodh na hEorpaigh eile!").  Is cuma gur as an áit sin a sinsir, agus gur throid siad ina aghaidh na gcoiníolach chun a saoirse a bhaint amach.  Scéal eile ar fad atá ann, ach is cuma sin, mar is fearr leis an eite chlé na bréagscéalta i gcónaí (léigh an t-alt thuas...).  "Is ionann na Giúdaigh agus na hEorpaigh a bhí ann rompu!  Ach táimid ar an taobh ceart an uair seo!"  Ní féidir a bheith ar an taobh ceart mura bhfuil taobh mícheart agat.  Agus is léir go raibh na hArabaigh faoi chois ag na hEorpaigh.  Ní féidir gur iadsan an taobh mícheart!  Bhíodh na hArabaigh ní ba chairdiúla leis na Sóivéidigh, fiú...agus más in aghaidh an Iarthair thú, ní mór go bhfuil tú in aghaidh Mheiriceá, agus seasann an diabhal tír sin le hIosrael mar dhlúthchara.  Ní féidir le Meiriceá bheith ar an taobh ceart...

Má bhíonn an 'taobh ceart' ag insint drochséalta faoin taobh eile, ní mór go bhfuil siad fíor.  Seachas sin, b'fhéidir go mbeadh na liobrálaithe (lipéid mí-oiriúnach, dar ndóigh) mícheart.  Agus ní féidir leis na daoine is cliste dá raibh ann riamh bheith mícheart!

Bíonn liobrálaithe na heite clé aindiaga.  Tá Críostaithe i measc na liobrálach, cinnte, ach ní ghlacann siad le sean-mhoráltacht na Críostaíochta, de ghnáth... Cén fath go bhfuil an eite chlé aindiaga, den chuid is mó? I gcúpla focal, chun saol nua a chumadh, ní féidir go bhfuil bas eile ann seachas na daoine is cliste féin.  Bunchloch de shean-chultúr na hEorpa í an Chríostaíocht.  Is fuath leo í, mar sin.  Agus an Giúdachas léi, ar bunaithe air atá sí. Sin rud amháin. Agus leis sin, tar éis a leithéid de Nietsche a mhol gur fearr na rudaí atá in aghaidh na rialacha a dhéanamh ná aon rudaí eile, agus go bhfuil an (rogha) gnéas an rud is tábhachtaí ar domhain, feictear ar aon chreideamh mar namhaid. 

Ach amháin más an 'Eile' atá i gceist, dar ndóigh. Namhaid mo naimhde, sin mo chara, ceaptar. Ach ní fíor sin ar chor ar bith. Is truamhéalach go mbíonn siad chomh dall nach bhfeiceann siad gur mhaith leis na sceimhlitheiorí ceannann céanna iadsan a mharu, mura nglacfaidh siad lena gcreideamh féin. Níl na liobrálaithe ar bharr a liosta, sin uile.





23 comments:

Fearn said...

Grrrr! - an mí-eolas! - Grrr!

Séamas Poncán said...

Ó thús na bliana seo, scaoileadh 768 roicéad ó Gaza chuig Iosrael. Is eolas cruinn sin.

Séamas Poncán said...

Sampla eile ón nuacht inné.........

Fearn said...

Níor scríobh mé "mí-eolas".

Scríobh mé "an mí-eolas" .i. an coincheap.

Dála an scéil, cé a dhéanann cuntas ar na roicéid?

Séamas Poncán said...

Cé a thugann faoi deara iad in aon chor?

Fearn said...

Tusa, gan dabht.

Cá bhfuairis an cuntas?

Séamas Poncán said...

Ní cuimhin liom an suíomh, ach "The Government of Israel has noted that, since the beginning of 2012, more than 768 rockets have been fired into Israel from Gaza"

Séamas Poncán said...

Pallywood

Leanbh gortaithe

Séamas Poncán said...

An dlí, mar atá.

Fearn said...

@Ó thús na bliana seo, scaoileadh 768 roicéad ó Gaza chuig Iosrael. Is eolas cruinn sin


Mar sin, ba chóir a scríobh: Ó thús na bliana seo, scaoileadh 768 roicéad ó Gaza chuig Iosrael. Sin a dúirt Rialtas Iosrael de réir Ambasadóir SAM do na NA.


Grrrr! - an mí-eolas! - Grrr!

Séamas Poncán said...

Sea, is léir nach raibh aon roicéid ann. Níor tharla an tUileloscadh ach oiread, is dócha.

Fearn said...

@Sea, is léir nach raibh aon roicéid ann. Níor tharla an tUileloscadh ach oiread, is dócha


Ná bí amaideach. Ní oireann sé dhuit! Ná cuir focail im bhéal, nó bheifeá ag cumadh mí-eolais tú fhéin

Fearn said...

Dála an scéil, tá tú id shuí go moch ar maidin.
Ná déan dearmad do na paidreacha!

Anonymous said...

Mé ag scaradh libh, a mhuintir na cinnteachta. Sibh ró-shiúráilte, ró-intuartha agus gan imir de chaolchúis ag baint le bhur dtuairimí. Ní frithghiúdaí mé, arae tá beirt gharleanbh liom ar Giúdaigh iad. Sin ráite, áfach, ní féidir bheith dall faoina bhfuil ar siúl leis na blianta ag rialtas Iosrael agus ag sciar mhaith de na Giúdaigh Iosraelacha sa chríoch Phalaistíneach faoi forghabháil. Bí ag caint faoi phlandáil, coigistiú, coilíneachas agus imtheorannú. Chaith mé coicís in Iosrael tamall de bhlianta ó shin, in Tel Aviv, agus in Iarúsailéim. Thaitin Tel Aviv go mór liom, ach chuir a bhfaca mé in Iarúsailéim, in Oirthear Iarúsailéim ach go háirithe, déistin orm. Chuir sé línte as An Spailpín Fánach i gcuimhne dom; ‘bodairí na tíre ag tíocht ar a gcapall’, ach gurbh é ‘Fág an Bealach’ ba mhana do na bodairí Giúdacha agus gunna ar crochadh ag gach duine díobh. Cuireann a bhfuil fulaingthe agus atá fós le fulaingt ag na Palaistínigh dhá fhocal i gcuimhne dom, mar atá APARTHEID agus LEBENSRAUM agus rith Übermensch liom freisin.

Fearn said...

Níl fhios agam an bhfuil cealltar dofheicthe Harry Potter tarraingthe umat, nó caidé, ach seo cuntas spéisiúl i dtaobh bolscaireacht agus sílteagasc na nIosraelach, dírithe go háirithe ar SAM.
Tá an t-alt in Ollainnis:

http://www.nrc.nl/nieuws/2012/11/17/israel-under-attack-de-indrukwekkende-propaganda-van-het-israelische-leger/

Grrrr! - an mí-eolas! - Grrr!

Séamas Poncán said...

A Sheáin, "Cén fáth a bhfeiceann tú an cáithnín i súil do bhráthar agus nach n-airíonn tú an tsail
i do shúil féin?"
Bíonn gunnaí á n-iompar acu mar bíonn na Palaistínigh ag iarraidh iad a mharú.
A Fhirn,
Bhí mé ar saoire ar feadh lae agus sofheicthe ar fad!
Níl Ollainnis agam, cé gur féidir liom tátal a bhaint as uaireanta. Ní bolscaireacht é an fhírinne a insint, agus na fógraí ar an leathanach sin, is fíor iad.
Féach ar seo (tá súil agam go n-oibríonn an nasc sin - Prager University: The Middle East Problem, ar Youtube.

Fearn said...

Grrrr! - an mí-eolas! - Grrr!

@Níl Ollainnis agam
Aistrigh le Google?

@Ní bolscaireacht é an fhírinne a insint, agus na fógraí ar an leathanach sin, is fíor iad.
Is bolscaireacht áibhéil,bogadh, cruadh,aibhsiú, diomaibhsú,cur le, baint de, cur as a riocht, fágail as cuid nó mór de, ceileadh, 7rl. Amhail Prager.


Deamhan fírinne le fáil anseo gan treabhadh thrí bolscaireacht, taighde, cur is cúiteamh.

Monuar, a Shéamais, níl caill ar do chuid Gaeilge, bail ó Dhia ort, ach bíonn d'altanna ar easpa taighde, scagtha, cíortha, slámtha.
Sílim, an galar a leagann tú ar dhaoine eile : Grrrr! - an mí-eolas! - Grrr! go mbíonn sé ina orlaí trí do rillimintí.

Cuir cluas le héisteacht ort, téigh stráice den bhothar le bróga an fhir thall agus daingnigh do thuairimí le comhbhá agus atrua. Scaoil leat an chinntacht, mar a mhaíonn Seán, agus féach le gan an gráin fheiceáil i ngach ceann nach bhfuil ar aon smaoineamh leat.

Beir bua

Séamas Poncán said...

Bhuel, tá do thuairim agatsa, agus dealraíonn sé dom nach bhfuil aon bhunús leis. Tá an-eolas agam ar na cúrsaí seo. Éistim le mórán daoine agus léim ábhar go leor. Nuair a fheicim dubh, feiceann tú bán agus a mhalairt sin. Níl aon leaghas air, mo léan.

Fearn said...

I gcead duit, a mhic, de réir na freagraí a lig tú liom, agus na ceisteanna ar éalaigh tú uathu; ar a mhéad, ní ligeann tú leat ach bolscaireacht bhoird.

Ach tú súil agam go ndíol tú d'ionracas ar cheint ard, agus ná habair liom go shlogann tú a chaitear leat!

Séamas Poncán said...

Éiríonn do chuid tráchtanna níos aistí i gcónaí, a Fhirn. Ach is tusa an t-aon duine a léann an blag seo fós, sílim...
Ach le haghaidh an spraoi, cén cheist go díreach nár fhreagair mé?
Más mian leat comhionnanas idir Éire agus na daoine a phléascann busanna is a scaoileann diúracán ó mhoscanna agus otharlainne a mhaíomh, sin do rogha. Is trua liom do choinsias.

Séamas Poncán said...

Rinne mé an Google Translate ar an alt sin. Níl sé go dona. Ach amháin go dtugann sé bolscaireacht ar an bhfeachtas atá ar bun ag na hIosraelaigh chun a scéal a chur os comhair na ndaoine. Bíonn na Palaistínigh ag baint feidhm as na meáin uile i gcónaí mar arm eile dá gcuid cogaíochta. Cad tá cearr leis an iarracht seo chun sin a fhreagairt (leis an bhfírinne)?

Fearn said...

Ní dúirt mé go raibh aon rud cearr. Bhí mé ag cur ar do shúile go bhfuil bolscaireacht ann, agus caithfear dul thart. Fanann tú i gceann na bolscaireachta bunús an ama.


Grrrr! - an mí-eolas! - Grrr!

Fearn said...

@ Ach le haghaidh an spraoi, cén cheist go díreach nár fhreagair mé?

M'anam, ach ní thig liom teacht ar cheann, muna ceann bídeach é. Níl tú chomh éalaitheach agus a mheas mé thú, bail ó Dhia ort.