Wednesday, November 07, 2012

Fuair an Fhantaisíocht an Bua ar an Réaltacht


Tá an t-olltoghchán thart, agus rinne Meiriceá an rogha mhícheart, faraor.  Cad a tharla?

Is iomaí duine atá lán de dhóchas gan bhunús, ar cuma leo pé rud a rinne Obama sa réaltacht.  Is maith leo Obama mar choincheap, mar shamhail, mar ídéal.  Ní féidir leis aon rud olc a dhéanamh a chuireadh isteach ar thacaíocht a leithéid de dhuine.  Agus rinne sé a dhícheal!

Bíonn sé an-deacair uachtarán atá i réim a bhuachaint, mar tá buntáistí aige atá an-chumhachtach.  Ina measc, is iomaí duine a ghlacadh an daibhal a bhfuil aithne acu air, seachas ceann nua.

Bíonn an preas ag tacú le Obama, agus do aon duine nach n-éisteann le raidió cainte agus nach bhféachann ar Fox ar an teilifís, agus nach bhfaca na díospóireachtaí, níl aon fhios acu go ndearna Obama rudaí olca, nó go bhfuil droch-smaointe agus droch-iompar aige.  Ní bhíonn ach scéalta maithe faoi.  Agus scéalta olca faoi na Poblachtánaigh.  Nuair a insítear go bhfuil na Poblachtánaigh ag insint bréag, níl aon fhios acu nach fíor sin.

Bhí stoirm mhór in oirthear na tíre a chur isteach ar an toghchán.  Ní raibh teilifís ná peitreal ag a lán daoine, agus ní raibh na hiomaitheoirí críochnaithe ag caint leo.  Ní bhfuair siad an deis.

Ach thar aon rud eile, is léir go bhfuil níos mó daoine sásta le rialtas an-mhór, an-dhaor, agus an-chumhachtach, seachas bunreacht agus bun-phrionsabail na tíre.  Is fearr leo dea-chaint ná ciall cheannaithe.  Is fearr leo stuif a fháil ó Washington, cé go mbeidh fiacha ollmhóra ar a bpáistí, agus go mbeidh an tír ar fad bun os cionn sul i bhfad.  Is maith leo stuif.

Tá na ceathracha móra i mbun na tíre.  Fuair Obama an bua ar an dá chósta agus in áiteanna a bhfuil ceathracha móra.  Ní bhfuair sé faoin tuath.  Luíonn sin le ciall, mar bíonn Obama ag iarraidh airgead a thógáil ó mhuintir na tíre ar fad chun é a roinnt le muintir na gcathracha.

Tá beagán taithí ag Obama ar an bpost anois, ar a laghad, agus tá sé níos cáilithe ná a bhí in 2008.  Ach ní bheidh air toghchán eile a sheasamh, agus beidh sé ag iarraidh a rogha rud a dhéanamh as seo amach, níos mó ná riamh.  Tá ceannas an Tí ag na Poblachtánaigh go fóill, agus mar sin, tá bac éigin air.  Ach ní féidir linn na botúin a rinne sé go fóill a cheartú.  Tá an deis sin imithe.

Tá jab deacair os a chomhair, pé rudaí a dhéanann sé.  Tá súil agam nach ndéanann sé a lán dochair.  Ach tá imní orm go ndéanfaidh.  Tá Meiriceá níos lú, níos laige, níos faide i dtreo na heite clé, agus níos boichte anois.  Go ceann tamaill.  Beidh lá eile ag an bPaorach...

18 comments:

Anonymous said...

Chaith mise mo vóta arson Romney, ainneoin nár aontaigh mé le mórchuid dá pholasaithe, na cinn geilleagracha ach go háirithe. Ar a shon san is uile, caithim mo ladar a shá isteach i bhlagmhír Séamas Poncán. Sea, is cinnte go ndearna na vótóirí cinneadh gurbh fhearr leo Obama go ceann 4 bliana eile ná Romney. Ach is dána an rud é a rá go raibh breall ar an móramh agus gur mealladh iad le fantaisíocht agus clúmhilleadh, gan trácht ar na geáitsí eile a d’imir an dá thaobh ar an chéile le breis is bliana anuas. Ní fios domsa an mbeidh ar chumas an Uachtaráin déileáil go héifeachtach le fadhbanna na tíre, ach tá sé in am do lucht fríth-Obama a admháil gurbh é “W” a charn orainn mórchuid de na fiacha atá orainn anois, cé gurbh é ‘Slick-Willy’ a thug cead a gcinn do na bancanna agus na tithe infheistíochta roimh theacht i gcumhacht do “W”.
Tuige, mar sin ar chaith mé mo vóta ar son Romney? Toisc nach gcreidim i mbun-pholasaí na Dems; go bhfuil na freagraí agus an t-eolas is fearr ag an Rialtas Feidearálach; go bhfuil an sochaí seo ‘gainne in-foirfithe.
Agus cad a creidim faoi na ceisteanna sin? Creidim gur fearr gach is féidir a fhágáil faoi na Stáit indibhidiúla. Mura ngnóthaíonn Stát ar bith chun sochair an phobail, fágfaidh na daoine an Stát sin agus rachaidh siad, diaidh ar ndiaidh, go dtí Stát níos cothroime. Creidim nach ceadmhach na mídhleathaigh a dhíbirt as an tír ná leatrom a imirt orthu mar gur de thoradh mí-éifeacht an tír seo i gcás na teorainneacha a chosaint agus a sleamchúis i bhforfheidhmiú na ndlíthe a choisceann fostú oibrithe mídhleathacha. Is dá bharr sin a deirim “A chonách sin oraibh, a chomhshaoránaigh.”
Creidim go gcaithfear na rátaí cánach a athrú i dtreo go ndíolann lucht an rachmais (ar a bhfuil mé féin) ráta níos airde ná daoine nach bhfuil chomh ‘compordach’ linne. Agus thar gach rud eile, i bhfianaise an bhreis atá tagtha le glún anuas ar ionchas saoil, creidim go gcaithfear athruithe nach beag a theacht ar mhaoiniú Social Security agus Medicare, agus arís, ba chóir go n-iompródh muidne, lucht an rachmais méid féireáilte den ualach.
Is nós dom gan bheith páirteach i mblagmhíreanna a bhfuil baint acu le coimhlint pholaitíochta nó le ceisteanna reiligiúin nó creidimh, ach amháin nuair a mheasaim go bhfuil blagaire ag dul thar fóir leis an maslú. Ach bhí blag Séamas Poncán chomh claon sin, go ndearna eisceacht an uair seo amháin.

Séamas Poncán said...

Tá fáilte roimh do thuairim, cé nach n-aontaím leis.
Dá dtógfaí rachmas an uile dhuine saibhir go léir uathu, ní dhéanfadh si faic in aghaigh na bhfiacha atá ann.
Chaith Bush an iomarca airgid. Ach bhí she ina amaitéar i gcodarsnacht le Obama.
Thsaigh fadhbanna faoi Bush, agus rinne Obama ní ba mheasa iad.
Téim "tha fóir " i gcónaí anseo. Tar ar ais!

April said...

Ní bhfuair an fantasaíocht bua ar an réaltacht, agus na baol air!

Ní athraíonn an fhírinne mar gheall ar nach n-aithnítear é.

Bhí an ceart ag Ayn Rand nuair a dúirt sí "Más mian leat smacht a chur ar nádúr nó feidhm a bhaint as, i dtosach báire, beidh ort géilleadh do nádúr.''

An réaltacht.

Is é an réaltacht é go bhfuil téadaí an sparán ag an gComhdháil. Is é an réaltacht é nach raibh polasaí Obama agus na Daonlathaigh taobh thiar d'aon fheabhas ar bith ar chursaí. Bhí Republicans ag léibheal an Stáit agus dóchas go mbeidh athrú i ndiaidh an toghcháin i 2010 taobh thiar daoibh.

Maidin i ndiaidh an toghcháin thit an dollar agus an Dow. Thug Boeing na Pink Slips amach a choinnigh siad siar ar son Obama roimh an toghchán.

Sin é an tús á riaracháin.

Na daoine a chaith a chuid vótaí ar son Obama as éad agus as aineolas agus as meon entitlement agus díoltas mar gur theip ar á nídé-eolaíocht, rinne siad neamhaird ar an réaltacht. Beidh aiféal orthu.

Agus ní bheidh mórán trua agam dóibh.

(Sábhálfaidh mé a leithéid de mhothúchán do na daoine neamhchiontacha sa bpraiseach seo agus iad ag fulaingt mar gheall air roghanna nach ndearna siad féin.)

DAS, a Shéamais, an bhfaca tú an físeán seo?
http://www.youtube.com/watch?v=cH7EQs4kzpA

Is féidir le daoine níos mó airgid a thabhairt don IRS am ar bith de dheontas, má shíleann siad go bhfuil an iomarca airgid acu agus nach mbíonn siad ag íoc á gcoda.
Iontas na niontas, nach ndéanann siad é aríamh.

Séamas Poncán said...

Maith thú, April. Fuair an fhantaisíocht an bua sa toghchán (amháin), sin a bhí i gceist agam.

Maithigí dom mo bhotúin chló - bhí mé ag scríobh ar an bhfón...

Físeán iontach sin.

Fearn said...

"Tá an t-olltoghchán thart, agus rinne Meiriceá an rogha mhícheart, faraor"

Fuair an Daonlathas an Bua ar an Thuairimíocht, b'fhéidir.(scathamh).

Ar scor ar bith, is beag difir a dhéanann sé don dream daoine a gheobhaidh bás de dhroim ionsaí dróin sa Phacastán nó sa Eimin an mhí seo chionn is go raibh amhrásán éigin i bhfoisceacht cúig chéad míotar díobh.

Séamas Poncán said...

Tá do Obama agat agus do frith-Mheiriceánachas araon - cáca ite agus i do láimh. Comhghairdeas.

Is ait do léamh ar thoghchán. Bíonn gach vóta bunaithe ar thuairim, dar ndóigh, gan tuiscint, agus mar a dúirt, nach bhfuil bunaithe ar fhíricí an tsaoil.

Cad é do réiteach ar an scéal sa Phacastáin, dála an scéil? Níl siad ag éisteacht le Obama naofa.

Fearn said...

Bhfuil tú a rá gur Meiriceánachas an chogaíocht?

Sin admháil nach raibh mé ag súil uaitsa

Séamas Poncán said...

Ah, tuigim anois. Ní miste leat Meiriceá chomh fada agus nach gcosain sí í féin.

Le fírinne, ní leor a leithéid de chogaíocht. Mar a dúirt Romney, ní féidir linn "marú ár slí amach" den choimhlint seo idir an sibhialtacht agus na sceimhlitheoirí radacacha.

Ní féidir cogadh a fhearadh gan daoine neamhurchóideacha a mharú ó am go chéile. Is drochrud sin, gan dabht. Ach má bhíonn sceimhlitheoirí ina measc, sin an baol. An bhfuil réiteach ann? Ní fheicim ceann ar bith, go háirithe le huachtarán lag againn. Ach ní féidir linn cead a gcinn a thabhairt dóibh siúd a bhíonn ag troid inár n-éadan ach oiread. Droch-chaoi ar fad.

Fearn said...

@"Ah, tuigim anois"

Tá súil ag Dia gurb ea.

@"Le fírinne, ní leor a leithéid de chogaíocht"

Bíodh do chuid Meiriceánachais agus do chuid cogaíochta agat. Más iadsan do phaidreacha, is bocht an Dia atá agat

@"Tá do Obama agat"

Scríobh mé " is beag difir a dhéanann sé". Cruthaíonn Ó Buama frasa drón, nó nach raibh fhios agat

Séamas Poncán said...

Ní dúirt nach leor an méid cogaíochta!

Marbh le hObama, agus marbh gan é, faraor.

Fearn said...

Marbh le SAM, faraor. Is cuma leo má ordaíonn Ó Buama gach ionsaí dróin ar leith nó "Ardcheannaire i gceannas" eile.

Agus cad a cheannaíonn siad as Pacastanaigh agus Eiminigh a mharú?
Ní léir dom dada ach díoltas amach anseo.

Marbh le SAM agus Marbh sna SAM

Séamas Poncán said...

Táthar ag súil nach bagairt sin, meine ferne Geliebte...

April said...

Thig mé, a Shéamais, ceard a bhí tú ag rá. : ) Ní raibh mé ach ag iarraidh a rá nach bhfuil a fhios acu fós cé aige a bheas an schadenfreude. Tá siad ro-ghnóthach ag damhsa agus ag ceiliúradh. Creideann siad fós gurb é Obama an duine a theastaíonn agus beidh 'chuile rud ceart go leor mar go mbeidh níos mó ama aige anois chun á pholasaithe a chur i gcrích.

Níor thug siad faoi deara ceard a tharla i ndiaidh an toghcháin.

Tá siad i ndoo doo domhain. : )

Níos mó ná daoine eile a bheas ag fulaingt sa bpraiseach a rinne siad, mar nach bhfuil siad ag súil leis.

Fiú na daoine san earnáil phoiblí.

Níltear mar a shíltear.

Fearn said...

@Táthar ag súil nach bagairt sin, meine ferne Geliebte.

Táthar. Réasúnaíocht : bun agus iarmhairt! Le gach buille théid a athbhuaille. A ChaoinChaomhach!

Séamas Poncán said...

Abair é, a chara.

Fearn said...

@Téim "thar fóir" i gcónaí anseo
@Abair é, a chara

Súil ar shúil agus fiacail ar fhiacail?

Saol dall mantach ba chríoch na bpaidreacha agat, a mhic!

Séamas Poncán said...

Cá bhfuair tú an nóisean sin thuas? Ní dóigh liom go bhfuil sé ann, ach amháin i do chuid bagartha féin.

Fearn said...

@Cá bhfuair tú an nóisean sin thuas?

an nóisean sin leis an comhartha ceiste?

Tugaim ceist ar a leithéid