Tá drocheachtraí ar siúl sa Mheánoirthear. Ní nuacht sin, is dócha. Bíonn. Ach rinneadh ionsaithe ar ambasáidí Mheiriceá san Éigipt agus sa Libia, agus mharaigh siad ambasadóir agus triúr eile sa Libia. Ar dheis Dé go raibh siad.
Tá siad ag iompú bratach Al Cadhda sna háiteanna seo, is ag ceiliúradh 9/11 ó thaobh na sceimhlitheoirí. Agus bíonn na Stáite Aontaithe ag tabhairt na billiúin dollar dóibh! Ní mór sin a stopadh.
Níl rialtais na tíortha seo ag déanamh aon rud chun na hionsaitheoirí seo a stadadh ná píonós a chur orthu. Níl siad ag gabháil a leithscéal do Mheiriceá. Dúirt uachtarán na hÉigipte gur tharla drochrud - ach go bhfuil súil aige go gcoscfar na daoine i Meiriceá a rinne scannán faoi Mhohammad!
Nach cosúil le heachtraí 1979 san Iaráin seo? Agus bhí uachtarán chomh lag is chomh dona againn ag an am sin. Chomh holc maidir le hIosrael. Chomh trína chéile maidir le cúrsaí an tsaoil ar fad. Agus anois, an toradh céanna ar an lagaíocht sin.
Níl sé ceart aon leithscéal a thabhairt do sceimhlitheoirí mar seo. Cogaíocht atá ann nuair a ionsaítear ambasáid tíre. Mura bhfaightear ceart agus cúiseamh, éireoidh cúrsaí níos measa ar fad.
Dá mbeadh ceannaire againn.
Seans go gceapann na daoine seo go mbeidh, mí Shamhna, agus sin an fáth go bhfuil siad dár n-ionsaí anois. An mbeidh buama admhach ag an Iaráin roimhe sin? Tá an saol baolach, agus níos baolaí fós gan uachtarán inniúil ar Mheiriceá.
Wednesday, September 12, 2012
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
1 comment:
Tá trua agam do na daoine atá marbh agus dá muintir, go hairithe do na Marines atá caillte.
Is é Obama an t-uachtarán is measa agus is laige agus is amaidí agus is dallintinní a bhí againn aríamh. Dochreidte ach, buíochas le hObama, ní hé Carter an t-uachtarán ba mheasa níos mó.
Post a Comment