Tá oirthear na Gearmáine bán le fada. Bíonn mórán daoine ag imeacht ón Eoraip, fiú go mbíonn mórán ag teacht ón oirthear go dtí an iarthar (agus níos mó ag teacht ón Áise is ón Afraic). Ach an rud is tábhachtaí, níl siad ag déanamh leanaí! Na hEorpaigh, sin a rá. Tá daoine eile ann agus bíonn a lán páistí acusan. Tá seans mór ann go mbeidh Eorapastáin ann faoi cheann tamaill, mar a tharlaíonn.
Maraon leis an eapsa páistí, tá féinmharú na hEorpa acu mar aidhm pholaitiúil, is léir. Ní féidir leanúint ar aghaidh leis an euro mar airgeadas do gach tír mar atá. Agus ní mór go n-athraofar cúrsaí eacnamaíochta chun na billí a íoc is ciall a dhéanamh de pé airgeadais a bheidh ann. Ach is cosúil go mbíonn na daoine ag caitheamh a gcuid vótaí in aghaidh na matamaitice. Níl siad sásta an réaltacht a ghlacadh. Níl uatha ach gach compord a bhíonn acu a bheith ann fós - agus níos mó.
Tá súil agam go mbeidh deis agam roinnt den Eoraip a fheiscint sula mbeidh sé imithe go deo. Beidh rianta ann, is dócha. Ach an mbeidh siad bocht, briste, faoi smacht deachtóirí, easaontaithe, Moslamach, trína chéile ar fad - nó an uile rud sin, sul i bhfad? Is iomaí rud a bheidh ag athrú, go maith nó go holc. Go raibh ciall acu. Lá éigin. Feicfidh mé ar na pictiúir, idir an dá linn. Bíonn dóchas ann, is dócha...
Tá súil agam go mbeidh sibh ábalta bheith níos mó ná i bhur ndroch-shampla maith, a chairde san Eoraip.
Wednesday, May 09, 2012
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
6 comments:
"An Eoraip ar an Dé Deiridh?"
Arís? Beag an baol!!
Nuair a dhúisigh mé ar maidin bhí an bhean ramhar fós ag canadh.
Binneas a binnis mo bhinneas!
Tá níos mó imní orm faoin ár dtír féin ná atá orm faoi na tíreacha thall ansin.
Is fíor an seanfhocal a deir gur mór ag gach cearc a hál féin :-)
Bhuel, tá sí ag breith uibhe, cearc[sic] go leor...
D'ith damh dubh ubh amh ar neamh inniu(bh)!!
Troid choileach?
Fearn
Tá an deireadh seachtaine ag tosnú, is léir!
Post a Comment