Wednesday, November 25, 2009

Téamh Domhanda Antrapaigineach = Bréag

Is iomaí rud atá scríofa agam ar an ábhar seo cheana. Ach tharla conspóid (mar dhea) le déanaí a thacaíonn lena bhfuil ráite agam le fada. Nochtadh r-phoist de chuid an Climate Research Unit ag Ollscoil Anglia Thoir, foinse thábhachtach den 'eolaíocht' a bhaineann le histéire an TD (An bhfuil TD ort? Labhair le do dhochtúir. Nó an bhfuil tú i do TD?). Dúradh sna r-phoist seo go raibh siad ag ceilt eolais chun a gcuid polataíochta a chur chun cinn (tá ola go holc, tá gach rud 'glas' go maith...) agus is léir ón eolas go bhfuil sé an-amhrasach go bhfuil aon TD ann, agus go raibh a fhios sin acu!

Is maith an rud é nach bhfuil na frith-eolaithe i gcumhacht go fóill, agus go bhfuil uachtarán a chuireann gach iontaobh san eolaíocht i réim sna Stáit... Is maith an rud é go bhfuil Al Gore ("who left the vice presidency in 2001 worth under $5 million and is now said to be a magnate with a net fortune of over $100 million") ina dhia fós...nach bhfuil duais eile fágtha le tabhairt dó?

Mura n-ólann tú an Kool-Aid fós, b'fhéidir gur mhaith leat an t-léine nó ábhar mar sin a cheannach? Nárbh fhearr sin ná gealleagar an domhain a scriosadh mar gheall ar eolaíocht bhréige? Creideann cúpla duine de mo leithéid (táimid ann) gurb fhearr. Ach nílimid ceartchreidmheach...

Hmmm. Féinmhárú eacnamaíochta bunaithe ar bhréagacha, nó leas na ndaoine a chothú? Ná hinis dom - táim ag déanamh mo mhachnaimh air fós.... Muise, nach deacair an cheist í? Is deacair a bheith ag smaoineamh as do stuaim féin!

Nach méanar dúinn go bhfuil daoine stuama chun na socruithe go léir a dhéanamh dúinn thall in Copenhagan go luath.... Táim cinnte go bhfuil gach eolas acusan.

11 comments:

Séamas Poncán said...

Tá sé níos measa fós...

Fearn said...

mar is dúchas duit, ní théann do chuid taighde i bhfad.



http://www.economist.com/sciencetechnology/displaystory.cfm?story_id=14960149

Séamas Poncán said...

Déan trócaire orm. Is fearr Nature ná The Economist mar iris na heolaíochta, déarfainn. Ach braitheann tú ar an bhfoinse sin i gcónaí...
Buailte le do hockey stick féin...

Séamas Poncán said...

The science is settled...

Séamas Poncán said...

Ceann eile ón Wall Street Journal.

Fearn said...

“Déan trócaire orm. Is fearr Nature ná The Economist mar iris na heolaíochta, déarfainn”

Sílim gur ríomhphoist a bhí tú chuige mar “fhianaise”.

Is beag trócaire atá agam do bhreitheamh na haon súile .

Seo leaganacha eile duit nach gcreidfaidh tú.




http://www.guardian.co.uk/environment/2009/nov/20/climate-sceptics-email-hacking

http://www.guardian.co.uk/environment/2009/nov/27/climate-email-hackers-access-month

Séamas Poncán said...

Is fearr súil amháin (mar dhea) ná an dá shúil dúnta. Is dócha nár léigh tú na naisc eile. Ní bhíonn

éinne chomh dall agus a bhíonn an té a dhiúltaíonn féachaint...

Is léir ón nGuardian cad é a ndearcadh féin ón gceannteideal:
"...between scientists and so-called sceptics"
Bíonn 'sceptics' idir uaschamóga tríd síos. Cén fáth nach mbíonn 'climate scientists'? DAS, is eolaithe eile atá i gceist.
"...they called into question the evidence for human-driven global warming.

Leading scientific bodies and governments have dismissed the charges, insisting there is clear evidence that humans are to blame for global warming."

Sin an fhadhb, dar ndóigh.
"...the science of global warming is only a tool of ideology."

Fearn said...

Oidh bhé! a Mhic.
Fóill ort! Ná maraigh na teachtairí agus seachain na seoraithe.

"Na Ríomhphoist úd" atá mé chuige. Abair leat cad é mar a scriosann siad argóint

Séamas Poncán said...

Seo alt breá eile.

Fearn said...

Is trua nach bhfuil freagairt bhreá (eile?) agat.

Fearn said...

Is trua nach bhfuil freagairt bhreá (eile?) agat ar mo cheist.