Tuesday, May 12, 2009

Aon Uair a Cheaptar Nach Féidir le Daoine a Bheith Níos Measa...

Tarlaíonn a leithéid seo chun cur in iúl gur féidir. Cheapfaí go ndéanfadh gach éinne trócaire ar mharthanóirí an uileloiscthe. Ach tá daoine ann fós gurb fhearr leo iad a mhárú.

Ní bhaineann an saghas seo barbarthachta leis na Giúdaigh amháin, dar ndóigh.

San Ostair, níl ann sa lá atá inniu ann ach buíon bheag dá leithéid sin. Níl sé amhlaidh i dtíortha eile.

Nuair a ciontaíodh Adolf Eichman in 1962, bhí ceannteidil i nuachtán san Araib Shádach a dúirt "Ciontaíodh Eichman, a raibh sé d'onóir aige sé mhilliún Giúdach a mhárú"*. Ní fhoilsítear aon rud sa tír sin gan cead ón rialtas.

Tá a leithéid ann i Meiriceá, freisin. Mar a deitear sa scannán The Blues Brothers, "I hate Illinois Nazis." Faraor, ní scéal grinn amháin a leithéid de amadáin. Tá a leithéid fós ann (cé go bhfuil feabhas ar Skokie).




*nó sin an scéal - ní raibh mé ábalta sin a chinntiú.

3 comments:

aonghus said...

ÚAfásach. Gránna. Tá súil agam go mbeireann na péas ar na cladhairí.

Jennifer said...

Is fuath liom peaca. Tá an domhain lán leis, agus is fuath liom gach aon áit a bhfuil sé. Dairire. Amadain. Beidh breith ann!

Ar nóta i bhfad níos éadroma, go raibh maith agat as do cúnamh. Caithfidh mé leabhar gramadach a thógáil amach 's léamh arís. Ní dhearna mé ceacht Gaeilge ar bith le bliana anois. Tá sé in am!
an tisceal ginideach, go mór mór, nach bhfuil?

Tá mé beannaithe do chúnamh a fháil.

Séamas Poncán said...

Go dtaga A ríocht, cinnte.

Maidir leis an gcúnamh - am ar bith.