Thursday, March 12, 2009

Folús na Gaeilge



Ré, sin focal eile ar 'gealach,' nach ea? Cad is ré nua ann, mar sin? An uair nach bhfuil an ré le feiceáil.

Is iomaí rud atá os comhair an tsaoil anois maidir le Comhar agus iompar an Fhorais ina leith. Agus níor cheap siad gurb fhiú don teanga go mbeadh nuachtán laethúil ann (rud atá tabhachtach do beagnach gach teanga eile). Cé hiad, is cad a dhéanann siad in aon chor? Dar leo féin, is iad "an comhlacht atá freagrach as an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann" iad. Muise, is trua liom iad an fhreagracht sin! Is minic a magtar fúthu, agus is minic nach mbíonn daoine sásta leo.

Is iomaí rud fiúntach a dhéanann siad nó, is dócha, a n-íocann siad as (le hairgead mhuintir na hÉireann), mar focal.ie, an tOireachtas, foisiúcháin agus eagraíochtaí a bhraitheann ar an airgead seo, srl.

An féidir mórán a dhéanamh ar son na Gaeilge gan an t-airgead seo? Cinnte. An bhfuil sé níos éasca leis an airgead? Ar shlí, cinnte, is féidir i bhfad níos mó a dhéanamh. Ach ar shlí eile, is féidir go bhfuil sé níos deacra. Aon uair a ghlactar airgead, glactar le húdarás agus cur isteach uathu siúd a bhronn an t-airgead sin ort. Téada a bhíonn ann. Agus má thagann malairt intinne ar an bhForas, titeann gach a bhfuil idir lámha agat as a chéile (féach Lá Nua). Má ghlacann duine airgead ón bhForas, tá an duine sin sa 'cheardchumann,' mar atá. An mbíonn na deiseanna is na cearta céanna ann don té nach bhfuil sa chearchumann sin? Thug Concubhar an Ciorcal Órga ar an gclub seo. Cloistear 'Tionscal na Gaeilge' go minic, freisin. Tá tú istigh nó amuigh, sin a bhfuil. An bhfuil sé sin sláintiúil don teanga?

An é an dóigh is fearr é gach cumhacht maidir le maoiniú thionscadail na Gaeilge a chur faoi chúram boird amháin? An bhfuil aon ghuth ag lucht labhartha na Gaeilge ina gcuid socruithe? Tá siad freagrach as an nGaeilge, ach an bhfuil siad freagrach d'éinne ag a bhfuil an teanga? D'éinne ar chor ar bith?

Cé hiad baill bhoird an Fhorais? Níl an t-eolas sin ar a suíomh idirlín. Cad a dhéanann siad, nó fiú cad a rinne siad anuraidh? Níl eolas ann ach ó 2004 agus níos faide siar. Nach gcaitheann siad mórán airgid phoiblí? Nach bhfuil suim ag éinne sa dóigh a gcaitear sin? Nár chóir go bpléití go poiblí a leithéid, agus go mbeadh fáilte roimh iochur ón bpobal? (Nó an smaointí aisteacha Meiriceánacha iad seo?)

Cloistear go minic faoi na Béarlóirí a bhíonn ag caitheamh anuas ar an teanga sna nuachtáin (IT), agus cén chúis leis sin, de ghnáth? Airgead caite amú. Cá bhfuil an fhianaise nach bhfuil an ceart acu? Airgead poiblí caite ag daoine anaithnid ar rudaí nach bhfeictear, le torthaí amhrasacha. An córas iontaofa sin?

1 comment:

Concubhar said...

Cloistear go minic faoi na Béarlóirí a bhíonn ag caitheamh anuas ar an teanga sna nuachtáin (IT), agus cén chúis leis sin, de ghnáth? Airgead caite amú. Cá bhfuil an fhianaise nach bhfuil an ceart acu? Airgead poiblí caite ag daoine anaithnid ar rudaí nach bhfeictear, le torthaí amhrasacha. An córas iontaofa sin?

Anois tá sé ráite agat - agus níos fearr ná mar a dhéarfainn féin....