Wednesday, February 07, 2007

Cad is Fox News Ann?

Dar leis an ngnáth-Éireannach, is púca éigin nó staic mhagaidh atá i gceist, dar le gach a léim ar an idirlíon. Ach níl a fhios ag mórán daoine lasmuigh de na Stáit Aontaithe (agus fiú ar an eite clé laistigh den tír) cad atá ann in aon chor. Is iomaí tuairim a bhíonn ag daoine faoi, cé nach bhfuil aithne ar bith acu ar an mbealach seo. Bhuel, is é an t-aon tuairim amháin a bhíonn ag daoine, dar ndóigh, go rí-mhinic.

Ach tá suíomh idirlíon acu, agus is féidir le gach éinne sin a scrúdú. Tá eolas ann faoi na bealaigh atá ar fáil ar fud an domhain chun a gcuid clár a fháil. Agus má tá leathan-bhanda agat, tá siad ar fáil ar an idirlíon, freisin. D’inis Mick Rua dom go bhfuil sé“…le fáil anseo san Eoraip ar BSKYB,” pé rud sin.

Bunaíodh Fox News sna nóchaidí, agus is bealach cábla atá ann. Nuair a thosaigh teilifís cábla a bheith coitianta, is iomaí bealach nua a tosaíodh. Leis na cianta, ní bhíodh deis ag aon choimeádach a thuairimí a nochtadh ar na príomh-bhealaigh. Ní raibh ann ach Firing Line, a bhíodh ar an mbealach poiblí (clár iontach aighnis a bhíodh ag William F. Buckley Jr.). Le blianta fada, bhíodh riail ann faoin ‘gcothromaíocht’ a rinne sé riachtanach malairt tuairime a bheith ann don mhéid ama céanna aon uair a nochtadh tuairim ar bith ar raidió nó teilifís. Cuireadh an riail sin ar ceal faoin uachtarán Reagan. Sin an fáth gurbh fhéidir do leithéid do Rush Limbaugh (púca eile don lucht aineolach céanna) cláir thuairimíochta a thosnú, beag beann ar mhalairt tuairimí. Tá éileamh mór ar a leithéid ó shin i leith. Mar a deir Rush, níl a leithéid ann chun tuairimí na heite clé a dhíbirt, ach chun cothromaíocht a dhéanamh (beagáinín) ar an síor-bholscaireacht a dhéanann beagnach gach bealach agus clár eile. Tá claonadh láidir i bhfabhar na heite clé sna meáin, mar a dúirt mé, leis na cianta. Ach scríobh mé ar an ábhar seo cheana, cúpla uair, is dócha.

Cuireann sé isteach ar mórán Eorpaigh go bhfuil guth ag an eite dheas ar chor ar bith. Níl siad sásta nach mbíonn gach duine ar aon fhocal lena chéile ag caint faoi chúrsaí reatha. Is dócha nach bhfuil aon taithí acu ar a leithéid, mar níor tharla athruithe sna meáin san Eoraip mar a tharla anseo – fós – go bhfios dom.

Tá bealaigh eile ag Fox, agus ní mar an gcéanna iad ar chor ar bith. Is mó clár siamsaíochta atá ar an bpríomh-bhealach atá acu, American Idol agus The Simpsons san áireamh.

Ach ar ais go Fox News. Cad a bhíonn ann? Tá cláir nuachta ann, cinnte. Tá mana acu, ‘Fair and Balanced,’ agus ní bhíonn claonadh acusan nuair a thuairiscítear scéal nuachta. Insítear faoin scéal féin. Tá cláir eile acu, agus is cláir phlé iad. Bíonn daoine ann ón dá thaobh, de ghnáth. Tá cláir thuairimíochta eile ann, mar The O'Reilly Factor, agus aíonna ann ón dá thaobh. Nochtann O’Reilly a thuairim féin ar dtús agus amanna áirithe i rith a chláir. Agus ní bhíonn sé ar aon intinn leis an móramh coimeádach i gcónaí.

Mar sin, cé go mbíonn seans ag coimeádaithe a gcuid tuairimí a nochtadh ar an mbealach seo, níl sin an t-aon rud atá ann ná baol air. Ach bíonn eagla ar an eite chlé go bhfuil bealach ann d’aon duine chun na rudaí a deir siadsan a bhréagnú. Sin an fáth gur fuath leo Fox News agus raidió cainte. Foghlaimíonn daoine an fhírinne ó na foinsí sin. Cloistear rudaí seachas ráitis oifigiúla na liobrálaithe (an Liberal Party Line) ann, agus níl aon fhreagra acu, ach chun a bheith ag magadh is ag díspeagadh is ag scaipeadh scéalta bréagacha faoi Fox News agus a leithéid. Sin an nós a bhíonn ag daoine nach féidir leo argóint a bhuachan, agus nach mian leo fiú a gcuid tuairimí a chosaint. Is daoine frith-intleachtúil iad na liobrálaithe, go mion minic, mar ní maith leo plé ná aighneas. Ní maith lena leithéid má tá éinne dá gceistiú, má tá éinne ann nach nglacann lena gcreidimh. Sea, gach rud a thugann siad orainne mar mhaslaí. Ach tá lucht an easaontais neamhbhalbh, buíochas le Dia. Seo daoibh saoirse cainte.

2 comments:

Séamas Poncán said...

Naisc faoi "Outfoxed", foinse aineolais don eachtránach:

http://www.themediareport.com/jul2004/outfoxed.htm

Fox News responds

Fox reports on the movie

Washington Post on the movie

Séamas Poncán said...

An chéad cheann sin mar nasc beo:
The media report