Tuesday, July 25, 2006

Bolscaireacht

Ar chuala tú go n-ólann na Giúdaigh fuil a naimhde? Dóbair gur chuala. Tá fiabhras ann ar fud an idirlín le déanaí mar gheall ar ghrianghraf ina bhfuil páistí ag scríobh ar bhuamaí. Deirtear gur páistí Iosraelacha iad, agus, tuigtear gur mar sin gach páiste in Iosrael, agus gur polasaí an Stáit a leithéid. Agus go bhfuil rud mícheart leis go bunúsach. Agus tá - bhí sé baolach do na páistí. Ach is cuma le gach éinne iadsan. Fáth eile is ea í do lucht an fhuatha ("síochánaithe") a nimh a thabhairt do Iosrael.
Seo píosa beag faoi

Botúin a bhí ann, má tharla ar chor ar bith mar a deirtear, mar is bolsaireacht le héifeacht í do naimhde Iosrael (atá ann go flúirseach, sna meáin go háirithe). Ach is cuma le lucht an fhuatha go mbíonn Hiosboladh ag seoladh buamaí mar sin go hIosrael chun na páistí seo a mharú - d'aon ghnó. Is cuma leo go bhfuil an ceart ag Iosrael í féin a chosaint, agus gur cóir do gach éinne in Iosrael tacaíocht a thabhairt dá harm. Is cuma leo go bhfuil sceimhlitheoirí ann mar arm i gcuid mhór den Liobáin, le tacaíocht ón Siria agus ón Iaráin (agus uathusan), agus nach bhfuil ann mar chuid de rialtas na Liobáine ar chor ar bith - lonnaitheoirí cearta iadsan - agus go bhfuil siad ann chun Iosraeligh a mharú - fir, mná is páistí.
Is cuma leo go bhfuil fadhbanna i bhfad níos mó ag páistí eile an Mheánoirthir. Mar an duine seo.

Mura fuath leo Iosrael ó bhun, is lucht saonta an chuid is mó de na daoine a bhíonn ag gearán faoin gcogadh seo i gcoinne na sceimhlitheoirí Hiosboladh. Tá gá le cogadh uaireanta.

Síochánaithe vs. an tSíocháin

7 comments:

Dubhaltach said...

Creidim go n-éireofá go maith leis mo dhuine Richard Waghorne le tuairimí mar seo taispeánta thuas a Shéamas.

Níl aoinne ag rá go bhfuil gach rud déanta ag na Hiosbolaigh ceart agus cóir, ach nuair a bhrúnn tú daoine scoiltfidh siad agus ansin beidh cogadh agatsa.

bíonn a lán tuairisciú ar rudaí mar chailíní ag scríobh nótaí ar bhuamaí le haghaidh na gcailíní eile, thar an imeallchríoch, toisc go raibh sé déistineach agus masmasach agus taispeánann sé an meon ag muintir an Iosrael chuig a gcomharsana

Dubhaltach said...

roinnt ailt a bheith ag léamh

http://news.bbc.co.uk/2/hi/middle_east/5215366.stm

http://www.irishexaminer.com/breaking/story.asp?j=190242996&p=y9xz437xz&n=190243756

Séamas Poncán said...

Nach é Richard Waghorne an t-aon coimeádach beo in Éirinn?

Bhí mé ag tnúth le naisc mar fhianaise go dhéanann cailíní a leithéid i gcónaí. Ach ní raibh ann ach go raibh tú ag tapú do dheise chun Iosrael a bhualadh le bata eile.

Tá níos mó sa scéal faoin NA, gan dabht. Fanfimis.

Níl an BBC ná na NA iontaofa maidir le hIosrael, dála an scéil.

Séamas Poncán said...

D'éist mé leis an Imeall inniu agus tuigim anois nach duine stuama Richard Waghorne. Is mór an trua sin.
Cad a bhí i gceist agatsa, mar sin?

Dubhaltach said...

Ní raibh sé ar intinn agam aon mhasla a thabhairt do ach bhí na tuairimí céanna aigese mar atá agatsa maidir le George Bush, Iosrael, agus a leithéid. ar ndóigh ní aontódh sibh ar cheist na Gaeilge ar aon nós!

Dubhaltach said...

Ní raibh sé ar intinn agam aon mhasla a thabhairt duit.. (a bhí i gceist agam)

Caitríona said...

Bolscaireacht: Féach Fox, O'Reilly, Lou Dobbs , An Caomhach, Limbaugh, Coulter, Glenn Beck...
Tuilleadh eolas: http://www.freepress.net/fakenews/ agus
http://mediamatters.org/ (comhrá spéisiúil idir O' Reilly agus Pat Kenny)