Monday, April 03, 2006

Trí Bliana san Iaráic

Rinneadh mór-ócáide de chothrom na dtrí bliana sna meáin, agus meon diúltach acu, dár ndóigh. Ach bhí rudaí dearfacha le rá ag daoine eile, agus ba chóir dúinn ceann a thógáil díobhsan. Leis sin, tá mórán eolais ag teacht chun solais mar gheall ar dhoiciméid atá ar fáil den chéad uair, ón Iaráic agus ón Afganastáin. Tugann siad le fios go raibh an ceart againn faoin mbaint idir Saddam agus an sceimhlitheoireacht, agus fiú faoi na hAirm Ollscriosta.

Seo alt an-mhaith faoi na doiciméid seo, agus na hairm. Cén baol a bhí i Saddam? Bhí sé ullamh chun mórán dochair a dhéanamh le hairm ollscriosta, chomh luatha agus a bheadh na smachtbhannaí as réim. Agus bhíomar ar an mbóthar sin, gan dabht.

Deirtear nach bhfuil baint ar bith idir an cogadh san Iaráic agus an cogadh i gcoinne na sceimhlitheoireacht. Níl áit ar domhan agus níos mó sceimhlitheoirí ann sa lá atá inniu ann, mar tháinig siad chun praiseach a dhéanamh den tír, inár gcoinne. Ach cé nach gcreideann na nuachtáin é, bhí baint láidir ag Saddam leis na sceimhlitheoirí, fiú le hAl Caighda, roimhe sin. Seo alt ar an ábhar seo. Agus bíonn níos mó ag teacht chun solais i gcónaí, cé gur scriosadh an chuid is mó den fhianaise, mar gheall ar an mhoill a chur na NA ar chúrsaí.

Maidir leis na daoine dearfacha, tá Donald Rumsfeld in a measc. Ní ionann na ceannteidil agus an réaltacht, a mhíníonn sé san alt seo.
Agus seo ráiteas an uachtaráin, ag caint faoin dul chun cinn san Iaráic. Agus ráiteas oifigiúil eile faoi.

Tá obair le déanamh go fóill, agus ní bheidh sé éasca. Ní minic a bhíonn síocháin ann sa Mheánoirthear, agus tá cogadh le troid, agus tábhacht ar leith aige dúinn agus do na sceimhlitheoirí. Tá an t-ualach ag méadú do na hIarácaigh, agus ag laghdú dúinne. Le cúnamh Dé, beidh siad in ann a dtír féin a chosaint sul i bhfad.

Is ait an rud é, ach tá William F. Buckley Jr. ag éirí diúltach maidir leis an Iaráic le tamall anuas. Ní aontaíonn gach aon duine go bhfuil sé ag éirí linn, agus go háirithe go bhfuil sé ag éirí leo chun an daonlathas a chur i bhfeidhm. Seo simpóisiam ar an ábhar seo.

Dár ndóigh, agus an t-eolas nua ar fáil, níl an freasúra (na meáin go háirithe) sásta a admháil nach raibh an ceart acu. Seo alt deas ar an ábhar sin.

Tá Lá Saoirse na hIaráice ag teacht, ar an 9ú Aibreáin. Bímis ag ceiliúradh, agus ag súil le feabhas sa tír bhocht sin. Is trua – agus is coir é - go mbíonn mórán daoine ag súil lena mhalairt go fóill.

5 comments:

Caitríona said...

http://www.nytimes.com/2007/04/18/world/middleeast/18cnd-baghdad.html?em&ex=1177128000&en=7818c2b639b3421e&ei=5087%0A
"Bombings Kill at Least 171 Iraqis in Baghdad" a dúirt an New York Times
inniu. Céard a déarfadh Rumsfeld? Tá gach rud ag dul "swimmingly" gan dabht.

Caitríona said...

"Almost 200 people were killed on one of the bloodiest days of the four-year-old war, when car bombs ripped through five neighbourhoods across the city, exposing the failure of the two-month-old US security plan." a dúirt an Irish Independent inniu. "Remarkable Progress Has Been Made In Iraq In The Last Three Years" a deireann an ráiteas oifigiúil atá agatsa, Ha!Ní dóigh liom go n-aontaíonn duine ar bith le cloigeann air leat ná le aon ráiteas oifigiúil ó na daoine a thosaigh an cogadh. Ní gá duit bheith san Iaráic chun an fhírinne a fheiceáil. Nach bhfuair tú an deprogramming fós?

Caitríona said...

http://antiwar.com/updates/?articleid=10837

Updated ag 11:29 p.m. EDT, Aibreán 18, 2007

Ar a laghad 312 daoine marbh agus 302 gortaithe san Iaráic inniu.

Baghdad: 140 daoine marbh is 150 gortaithe
Sadr City: 41 marbh is 76 gortaithe
Karrada: 11 marbh is 13 gortaithe
agus araile agus araile agus araile. Bhfuil tú ag ceiliúradh, a Shéamais?

Séamas Poncán said...

Agus ba mhaith leat an tír sin a thabhairt dá leithéid. Is trua liom do cheann.

Caitríona said...

?