Wednesday, April 19, 2006

Laochra na hIaráice

Cé go mbíonn coirpigh agus sceimhlitheoirí ag iarraidh gach rud maith a scriosadh san Iaráic, tá mórán daoine maithe ann, freisin. Tá siad ag seasamh a bhfóid dá dtír-san, agus don sibhialtacht. Is brónach an fulaingt a bhíonn orthu, ach tá siad cróga, agus guím agus creidim go mbeidh an bua acu sul i bhfad. Is uafás é nach bhfuil an saol ar fad ag seasamh leo. Coir is ea é sin. Tá na daoine siúd ró-mhorálta chun seasamh lena leithéid, tá a fhios agat. Ach beidh an lá ag na laochra seo san Iaráic, pé rud a dhéanann na meáin, na polaiteoiraí coimhthíocha, agus na daoine 'morálta.' Agus tá bród orm go bhuil mo thírse ag cabhrú leo.

Seo scéal brónach ó dhuine díobh:
Iraq the Model, 19 Aibreán

1 comment:

Caitríona said...

Ag cabhrú leo? An bhfuil tú ag magadh?
Laochra na hIaráice - na daoine bochta atá ag teitheadh a dtír mar ba mhaith leo saol mhaith a thabhairt dá ngasúir. Mo náire gach duine a chreid Bush, mo náire na saighdiúirí nár smaoinigh agus nár cheistigh seafóid na daoine i gceannas. Mo náire éinne a ghlac páirt i ndúnmharú na hIaráicí bochta a bhí ag iarraidh saol slán a bheith acu agus nach raibh ag iarraidh cur isteach ar éinne nuair a thosaigh an "Shock and Awe."
Laochra??? Inis é sin don máthair atá ag cur a páistí beaga sa reilg.