Tuesday, March 28, 2006

An Inimirce

Le fada an lá, thugtaí ‘inimircigh mhídhleathacha’ ar inimircigh mhídhleathacha, sna Stáit. Le déanaí cloistear ‘inimircigh gan doiciméid’ nó fiú ‘oibrithe gan doiciméid’ orthu. Iarracht eile ag an lucht ceartchreidmheach polaitiúil (PC) é seo chun dea-fhocail a chur ar dhrochrud. Is sofhriotail iad, na nathanna cainte seo.

Ceist mhór í seo i Meiriceá le déanaí, mar tá polaiteoirí áirithe (agus fiú Easpaig agus sagairt áirithe) ag baint adhmaid aisti, agus tá conspóid ann maidir le dlí nua atá idir lámha ag an rialtas. Is ceist mhór í in Éirinn, chomh maith, mar gheall ar an méid daoine a bhíonn ag cur fúthu sa tír le déanaí.

Is ceart bunúsach do thír ar bith é go bhfuil teorainneacha aici, agus go bhfuil daoine áirithe, seachas daoine eile, ina saoránaigh inti. Ní féidir le tír nó eagras ar bith cur isteach ar na cearta seo, gan chogadh. Deir sóisialaithe áirithe gur cóir do thír shaibhir a saibhreas a roinnt le daoine ó thíortha bochta. Ach déantar sin i gcónaí. Deir na daoine céanna go bhfuil cearta ag gach eachtrannach seilbh a ghlacadh ar shaibhreas ár dtíre. Bhuel, íocaimid as gach seirbhís agus tuillimid gach a bhfuil againn mar thír. Ní íocann inimircigh mhídhleathacha cáin ar bith. Úsáideann siad mórán seirbhísí poiblí. Is gadaithe iad, i bhfírinne. Níl ceart ag éinne bheith ina ghadaí. Sílim go bhfuil an rud sin sa Bhíobla, a Easpaig Mahoney.

Tá fadhb ar leith ag Meiriceá, mar go bhfuil tír bhocht ar an teorann againn, agus bíonn rialtas na tíre sin ag gréasú a saoránaigh dul ar imirce trasna an teorainn. Dá ndéanfadh an rialtas sin iarracht chun cúrsaí a fheabhsú i Meicsiceo féin, bheadh saol níos fearr ag gach saoránach inti. Ach is fearr leo fanacht chomh truaillithe agus a bhíodh siad riamh, agus diúl ar chíoch Mheiriceá.

Níl an fhadhb chéanna ag Éire, ach tá mórán daoine in ann teacht i dtír mar gheall ar a ballraíocht san Aontas Eorpach. Doras oscailte nua is ea é seo. Mar atá, tá a ndorais oscailte ag tíortha eile san Aontas, agus tagann daoine ó gach cearn den domhan isteach. Is fiú machnamh a dhéanamh ar na rialacha, dar liom. Ní mór do gach tír a féiniúlacht a chaomhnú. Ní ionann gach saoránach, dar ndóigh, ach bíonn cultúr agus teanga(cha) coitianta ann, agus fealsúnacht rialtais i gcoitinne ag an chuid is mó díobh. Uaireanta bíonn creideamh amháin mar chreideamh oifigiúil tíre. Uaireanta bíonn saoirse chreidimh ann. Nach difear mór sin? Sin fadhb mhór atá ag brú ar na hEorpaigh faoi láthair, mar gheall ar na Moslamaigh. Ach bíodh a réiteach féin ar na ceisteanna seo ag gach tír. Má tá Béarla riachtanach chun bheith i do shaoránach i Meiriceá, bíodh. Tá a dlíthe féin ag gach aon tír. Tá cinn áirithe níos fearr ná cinn eile. Ach is rogha na ndaoine iad sna tíortha is fearr. Sna tíortha (agus tá mórán díobh ann) faoi dheachtóirí, tá srian ar a gcumhacht mar gheall ar theorainneacha. Tá teorainneacha agus dlíthe inimirce tábhachtach chun saoránaigh na tíre a chosaint ó thíortha eile. Agus is é príomhdhualgas d’aon rialtas ná a saoránaigh a chosaint.

Anois, an bhfuil tú i do shuí? Tá an tUachtarán Bush mícheart amach is amach maidir leis an inimirce. Ba bhreá leis pardún ginearálta eile a dhéanamh, seachas dlíthe na tíre a chur i bhfeidhm. Gach uair a dhéantar pardún ginearálta, tugann sé misneach don chéad ghlúin eile teacht isteach go mídhleathach, agus fanacht ar phardún. Is masla agus éagóir do gach aon inimirceach dleathach a leithéid a dhéanamh. Tá cearta ag na daoine sin, i bhfírinne, mar atá. Déanann sé dochar do mheas ar an ndlí aon uair a sháraítear an dlí gan pionós. Níl aon mhaith le teacht as pardún ginearálta, pé sofhriotal a thugtar air.

Go minic, is rud maith an inimirce, agus bíonn feabhas ar chúrsaí mar gheall ar thallanna agus díograis an inimirceach. Ach ní mór go mbíonn smacht ar an inimirce. Ní féidir Meiriceánaigh a dhéanamh as daoine mura bhfuil an móramh ina dtimpeall ina Meiriceánaigh, mar shampla. Fiú nuair a bhí Meiriceá ag mealladh na mílte daoine chuici, tugadh sos de ó am go chéile. Tá am de dhíth chun comhphobal a chruthú, agus leanúnachas agus féiniúlacht a chosaint is a chaomhnú.

Ní ionann daoine eile a ghlacadh mar shaoránaigh, agus an tír a ghéilleadh do dhaoine eile. Is cuma le cuid díobh faoin tír agus a traidisiúin agus a hoidhreacht, agus is fuath le cuid eile díobh í. Is bás lena lámh féin d’aon tír an inimirce gan chosc. Agus is maith an rud é an tírghrá. Fós.

Tuilleadh eolais:

Thomas Sowell
The Corner
National Review
Americans for Legal Immigration
Kathryn Lopez

No comments: