Wednesday, January 12, 2005

Tús

Bhuel, tá blog agam anois. Tá ábhar léitheoireachta agam cheana féin ag http://www.scoilgaeilge.org/lasmuigh/caomhach/
Ach cé a bheidh á léamh?

1 comment:

Conn said...

Maith thú, a Shéamais! Ní bheadh 'fhios agat cé a léifeadh é. Ach measaim féin go bhfuil sé fíor-spéisiúil an beocht agus an idir-ghníomhaíocht a bhíonn i measc na mblaganna Béarla. Níl cúis ar bith ná féadfaí pobal gael-bhlaganna a fhorbairt chomh maith céanna.

Tá seo cuíosach éagsúil ó na cláracha plé, agus dár ndóigh tá lochtanna teicniúla chláir Bheo ar eolas go maith ag gach éinne. Níl tuiscint iomlán agam fós ar fhéidireachtaí na mblaganna, ach táim an-thógtha leo agus go deimhin tugtha dóibh le déanaí mar mhodh meilte ama! Cuirfidh mé nasc chuige seo ar mo liosta blaganna Gaeilge.