Bhí deis agam a bheith ag caint le TG4 faoin bpolaitíocht Mheiriceánach arís an tseachtain seo. Roinnt daoine eile i gCathair Nua-Eabhrac a bhí le caint le Donncha Ó Murchú freisin. Bhuail mé féin leis in aice le Droichead Brooklyn. Cuireadh agallamh orm ar feadh 15 nó 20 nóiméd, agus d'fhreagar mé na ceisteanna (nach raibh agam roimh ré) go smaointeach. Ní freagra "sea" nó "ní hea" a bhí de dhíth. Cúpla ceist, ba léir cad a bhí uathu, fiú sna focail a úsáideadh chun iad a chur.
Is duine lách é Donncha Ó Murchú, agus ní dóigh liom go bhfuil an locht airsean, ach ba léir go raibh plean ann agus scéal le hinsint sular chuir sé aon cheisteanna orm féin. Ní mór an difear idir TG4 agus an BBC agus CBS/NBC/ABC/CNN srl. sna Stáit. Thug Rush Limbaugh, duine mór le rá ar an raidió roinnt blianta ó shin, thug sé an "drive by media" orthu, agus bhí an ceart aige. Thug Trump "fake news" orthu. Agus an ceart aigesean chomh maith. I gclár le mion-phíosaí gan mórán chomhthéacs, gan am chun freagraí smaointeacha a chloisteáil, is é an teachtaireacht atá ann ná dearca agus meon na láithritheoirí, seachas an nuacht féin, le firinne. Dar liom, ba é sin go bhfuil Trump go dona, go bhfuil cúrsaí ag teip air, gur olc an rud é an cogadh san Iaráin, agus droch-iompar ar na Stáit (mar is iondúil), agus go mbeidh ag teip ar pháirtí Trump sa toghchán atá le teacht i mbliana. Sin an ton a bhí ann, dar liom. Mar shampla, ní raibh aon chaint ann faoi shaoirse mhuintir na hIaráine, ná an bhaol a bhí ann don domhan, nó cé chomh tapa agus atá ag éirí le fórsaí míleata na Stát (gan trácht ar bith ar Iosrael), ach amháin go bhfuil Pete Hegseth (rúnaí cogaidh, a thug siad rúnaí cosanta air fós) ag maoimh go caithréimeach (mar a dúirt siad) go bhfuil cúrsaí ag éirí go han-mhaith linn.
Chuir ósta an chláir (Christina Ní Dhonnacha) an sliocht seo nuachta i láthair ag rá go raibh amhras ar Mheiriceánaigh faoin gcogadh in éadan na hIaráine, ach go bhfuil cúpla duine ann atá ag tacú le Trump fós. Bhuel, déarfainnse go bhfuil níos mó ná leath na tíre ag tacú leis. Dúirt sí gur gheall sé síocháin faoina réim. Gheall sé gan cogaidh gan deireadh a thosnú (dírithe ar Bush). Agus gheall gach uachtarán le beagnach caoga bliain nach mbeadh buama adamhach ag an Iaráin (cé nach ndearna siad aon rud dáiríre chun sin a chosc orthu, agus chabhraigh Obama agus Biden leo)...
Ansin, cúpla duine eile ag caint ar feadh cúpla nóiméad. An chéad duine (Fran) ag rá nach raibh a pháirtí féin sásta le Trump (ní aontaím léi ar chor ar bith), agus nach bhfuil daoine sásta le cúrsaí eacnamaíochta faoi Trump (cé go bhfuil siad i bhfad níos fearr ná faoi Biden). An dara duine (David), bhí sé den tuairim go mbíonn Trump ag tiomáint daoine go dhá thaobh radacacha (gan fianaise). Déarfainn féin go bhfuil lucht na heite clé glan as a meabhair, agus go bhfuil roinnt amadán eile ag tacú leis an bpáirtí Poblachtánach cé nach nglacann an páirtí lena gcuid tuairimí, agus go bhfuil an chuid is mó den pháirtí Poblachtánach ciallmhar stuama. Agus b'fhéidir duine amháin den pháirtí Daonlaitheach...
Agus ansin mise, a cuireadh i láthair mar dhuine (an duine?) a thacaíonn fós le Trump. Ní chloistear aon cheist sna hagallaimh seo, agus is dóchúil go raibh i bhfad níos mó le rá ag gach duine dínn. Ceist faoin síocháin agus gealladh Trump a bhí ann, agus dúirt nárbh fhéidir cogaidh a sheachaint i gcónaí srl., agus nach ionann an tsíocháin agus easpa cogaidh. (Mí-litríodh m'ainm, Séamus, seachas Séamas, DAS). Ansin cuireadh i láthair mar dhuine ag tacú le polasaithe Trump maidir leis an inimirce mé - agus is fíor sin freisin. Cuireadh ceist orm agus luadh go raibh Trump ag úsáid an lámh láidir i Minnesota. Cloistear i m'fhreagra go bhfuilim ag tagairt dó sin, mar deirim nach ndéarfainn lámh láidir, ach go bhfuil sé ag cur an dlí i bhfeidhm. Agus faoi Christie Noem, dúirt mé gurbh fhéidir go raibh cúrsaí ag éirí ró-chonspóideach ansin, agus go ndearna sí cúpla rud eile nár thaitin le Trump, agus thug sé deis do dhuine eile. Sin an méid a bhí ar an aer. Ach ina dhiaidh sin, dúirt mé gur thug sé post eile di, agus go raibh na rudaí céanna ag tarlú fós i Minnesota, ach (ar nós) níos ciúine. Dúirt mé cúpla rud faoi lucht na Somáile ansin agus go mbíonn siad ag breith ar na coirpigh agus á gciceáil amach fós. Ach ní raibh ach an chuid cuibhiseach diúlatach faoi Noem ar an gclár.
Sílim gurbh é an dara ceist a cuireadh orm ná ceann faoi scoil na gcailíní san Iaráin agus an líomhain go ndearna na Stáit é (á pléascadh) - agus é intuigthe go ndearnadh d'aon ghnó é. Níor thug mé an freagra a bhí siad a lorg, is dócha, mar níl a fhios ag éinne cad a tharla (má tharla in aon chor). Ní dúirt ag an am, ach níl sa cheist sin ach iarracht ar shlat a fháil chun Trump a bhualadh. Dúirt mé, má tharla gur léir gur tharla de thimpiste é, agus níorbh fhéidir le héinne na cailíní a dhéanamh beo arís, srl. Dar ndóigh, is cuma leis na meáin na deicheanna de mhílte daoine neamhurchóideacha, saoránaigh na hIaráine, a mharaigh a rialtas féin d'aon ghnó ag tús na bliana...
I mo dhiaidh, thaispeáin siad duine amháin eile (Séamus), agus é ag freagairt na ceiste faoin scoil sin. Ní léir ón méid a taispeánadh an raibh sé sásta leis an gcogadh seo nó nach raibh, ach dúirt gurb é a leithéid an fáth go mbíonn sé an-tábhachtach cogaidh a sheachaint murach go bhfuil siad riachtanach. Iar-shaighdiúr is ea Séamas (agus cara do Pete Hegseth), DAS. Chonaic sé an eilifint san Afghanastáin. Bheadh a fhios aige an bhaint a bhí ag an Iaráin leis na cogaidh san Iaráic agus san Afghanastáin. Rinne siad an chuid is mó de na buamaí cois bóthair, mar shampla. Ach níor chualamar aon rud faoi sin.
Críochnaíodh an tuairisc le trácht ar an toghchán lár-téarmach atá le teacht agus impleachtaí an chogaidh chuige sin (nár luadh). Labhair mé le Donncha ar an ábhar sin, ach níor chloiseadh an píosa sin (ró-dhearfach, is dócha)...
Bhí radharcanna deasa ar Dhroichead Brooklyn agus ar an gcathair ón taobh sin mar gheall ormsa, ámh. :-)
An féidir é nár scríobh mé aon rud anseo le sé bliana anuas?! Muise. An léann aon duine blaganna níos mó? Is seanduine mé.
