tag:blogger.com,1999:blog-10111122.post110571596630999222..comments2022-02-16T04:39:01.639-08:00Comments on An Caomhach: Na hAirm OllscriostaSéamas Poncánhttp://www.blogger.com/profile/17494376208367219789noreply@blogger.comBlogger2125tag:blogger.com,1999:blog-10111122.post-1106167928177505152005-01-19T12:52:00.000-08:002005-01-19T12:52:00.000-08:00Níl samhail an phóilín foirfe sa chás seo, dar ndó...Níl samhail an phóilín foirfe sa chás seo, dar ndóigh. Garda príobháideach, b'fhéidir? Ceapadh (agus an ceart ann, dar liom) go raibh baint ag an Iaráic leis an gcogadh i gcoinne na sceimhlitheoireachta. Tugadh gach seans do na NA seasamh lena bhfocail, ach theip orthu. Níos measa fós, bhí roinnt díobh ag taobhú le Saddam, mar gheall ar an airgead (agus a gcuid fuatha do Mheiriceá mar an t-aon ollchumhacht).<br />Scríobh mé cheana féin faoin NA, agus faoi dheathacht an chogaidh. Féach <A HREF="http://www.blogger.com/r?http%3A%2F%2Fwww.scoilgaeilge.org%2Flasmuigh%2Fcaomhach%2Fdleathach.htm">an seancheann seo</A>, mar shampla.Séamas Poncánhttps://www.blogger.com/profile/17494376208367219789noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-10111122.post-1105791211106334032005-01-15T04:13:00.000-08:002005-01-15T04:13:00.000-08:00Braithimse an-mhíshuaimhneasach i dtaobh an scéal ...Braithimse an-mhíshuaimhneasach i dtaobh an scéal seo ar fad. Maidir leis an bpóilín, ní féidir a shéanadh go bhfuil an ceart aige, i gcásanna áirithe, foréigean a úsáid. Ach is póilín aitheanta é, a bhfuil dualgas agus cumhachtaí ar leith aige de bharr na h-oifige a chomhlíonann sé. An cheist mhór i dtaobh Chogadh na h-Iaráice ná: an bhfuil an ceart ag rialtas, nó grúpa rialtaisí, ról an phóilín domhanda a ghlacadh chucu féin? B'fhéidir go bhfuil, mura bhfuil eagraíocht éifeachtach idirnáisiúnta a dhéanfadh an bheart. Ach, in ainneoinn go bhfuilimse (agus formhór mhuintir na h-Eorpa) báiúl le SAM, agus le prionsabail agus luachanna daonlathacha na tíre sin, is cúis imní do roinnt mhaith againn an neamh-áird a tugadh dos na Náisiúin Aontaithe sa chás seo.<br /><br />Go bunúsach, má thacaíonn tú, le gníomhartha an phóilín, tá sin go breá. Ach mura dtacaíonn tú leo, ar a laghad, is féidir leat glacadh leis ar an mbonn gur póilín oifigiúil é i mbun a dhualgais, agus gur lean sé módhanna aitheanta oifigiúla. Nílim a rá nach raibh an ceart ag SAM an Iaráic a ionsaí (cé nach gcreidim go raibh sna h-Airm Ollscriosta ach leithscéal), ach b'fhusa glacadh leis dá mbeadh dlithiúlacht na Náisiúin Aontaithe aige mar ghníomh.Connhttps://www.blogger.com/profile/16337133360007193922noreply@blogger.com