Tuesday, March 17, 2015

Meon Eile agus Sainmhíniú Tearmaí (Mar Dhea)


Bhí alt an-suimiúil le Ciarán Dunbar, a foisíodh le déanaí ar meoneile.ie, a raibh mé páirteach ann.  San alt sin agus sna tráchtanna air, ardaíodh an cheist, cad is eite chlé agus cad is eite dheas?  Níl sin éasca a mhíniú.  Lipéidí gan mhaith iad, ar shlí, mar ní bhíonn daoine chomh simplí sin, minic go leor.  Ach tá tuiscintí áirithe orthu, mar sin féin.  Tá sainmhínaithe éagsúla ag an dá thaobh féin, más dhá thaobh amháin atá ann in aon chor.  Mar sin, seo m'iarracht chun beagán solais a chaitheamh ar an ábhar seo.

Dar liom, tá (ar a laghad) dhá shaghas duine ar thaobh na heite clé.  Duine díobh, creideann sé/sí gur duine fíor-mhorálta a leithéid, mar bíonn siad báúil leis na bochtáin is na daoine a bhíonn thíos nó faoi chois.  Ceapann an sampla seo go mbíonn gach polasaí na heite clé ann chun cabhrú leis an gcine daonna.  Glacann siad go mbíonn dea-thoil taobh thiar de gach dlí is go mbíonn an rialtas ann mar chara don duine beag.  Glacann siad gur fíor ainmneacha na ndlíthe a chuirtear i bhfeidhm, agus go ndéanann siad an mhaith a fhógraíonn siad go ndéanfaidh ina gcuid ainmneacha - an 'affordable care act,' mar shampla.  Daoine saonta iad, dar liom, ach le dea-thoil.  Ach glacann a leithéid de dhuine le bolscaireacht ar bith, chomh fada agus a mhaítear gur 'ar son na ndaoine beaga' é.

Ag an am céanna, ní shíleann siad go mbíonn siad ag brú aon mhoráltacht ar dhaoine.  Ní bhíonn siad ach ag nochtadh don saol cad atá ceart, dar leo. Dar leosan, is é lucht na heite dheas a bhíonn ag iarraidh a gcuid moráltachta (traidisiúnta) a bhrú ar an saol.  Cé gur leosan an núálaíocht, agus leis an taobh eile móráltacht atá ann leis na mílte bliain, atá bunaithe ar eagna Dé agus eagna is taithí saoil na ndaoine, seachas ar theoiricí nua-chumtha.  Ní mór go n-athraítear gach rud i gcónaí, chun an saol a fheabhsú is a fhoirfiú, dar leo.  Go ginearálta, is fearr leis an eite chlé an rud nua, seachas an rud seanbhunaithe.  Sin an fáth go dtugtar "coimeádach" nó "caomhach" ar an eite dheas.  Bíonn meas ag coimeádaigh ar an stair agus an traidisiún.  Bíonn an eite chlé ag gearán faoi is á maslú.  Bíonn siad níos cliste ná na glúinte a tháinig rompu.  Sin an fáth go dtugann siad "forásach" orthu féin.

Síleann mórán daoine ar an eite chlé go bhfuil siad sár-chliste, agus ní ghlacann siad le traidisiúin agus go háirithe le creidimh thraidisiúnta, mar ní ghlacann ach amadáin lena leithéid.  Níl gach éinne mar seo, ach tá sé an-choitianta.  Is fuath leo Críostaithe go háirithe, mar ní ghlacann Críostaithe traidisiúnta leis an réabhlóid ghnéasach, atá ina bhunchloch do "liobrálachas" an lae inniu.  Tugann sin saoirse do dhaoine, dar leis an eite chlé, cothromaíocht idir fir is mná, agus dul chun cinn don sochaí.  Déanann sin dochar don duine is don sochaí, dar leis an eite dheas.  Scriosann sin an teaghlach, atá ina bhunchloch don sochaí, dar leis an eite dheas.

An dara saghas duine ar an eite chlé, sin an té a thuigeann nach bhfuil ann ach cur i gcéill, agus nach mbíonn siad ach chun cumhacht a bhailiú don rialtas, agus mar sin, dóibh féin.  Baineann siad úsáid as na daoine saonta a thacaíonn leo.  Creideann siad, b'fhéidir, nach féidir aon rud a dhéanamh ar son na ndaoine beaga gan an rialtas a chur i mbun an uile ruda i saol an duine sin.  Is breá leo a bheith ábalta ordaithe a thábhairt amach agus rialacha a dhéanamh (ná caitear tobac, ná hitear feoil, srl. - agus an ceartchreidmheachas polaitiúil nó political correctness).  Idir an dá linn, éiríonn siad an-saibhir agus an-chumhachtach.  Seo mar a d'éirigh le Stalin, Castro, Mao, srl.  Féach freisin ar an méid airgid a fuair daoine mar na Clintons agus Al Gore, agus an chumhacht atá ag na ranna sóisialta i rialtas na Stát, nó an Aontas Eorpach.  Bailíonn siad cumhacht agus airgead i gcónaí.  Ar do shonsa, dar ndóigh... 

Creideann lucht na heite clé go mbíonn siad níos mórálta ná aon duine eile, nó níos cliste, nó an dá rud.  Bíonn an freagra acu, agus brúnn siad ar gach éinne é, toisc go mbíonn siad chomh cinnte go mbíonn an ceart acu, agus gur daoine maithe iad.  Creideann na daoine seo gur duine olc é aon duine nach n-aontaíonn leo, aon duine nach nglacann gur le dea-thoil agus ar son na ndaoine beaga a dhéanann siad gach a ndéanann.  Creideann siad gur fuath leis an eite dheas na bochtáin, mionlaigh, oibrithe, srl.  Creideann siad nach mbíonn an eite dheas ach ag lorg airgid is cumhachta...  Tugtar 'projection' ar a leithéid sa Bhéarla.  Cinnte, is maith leis an eite dheas an lucht gnó, agus an caipitleachas, agus ní bhíonn gach duine gnó flaithiúil ná go deas.  Ach ní chreideann siad gurb amhlaidh an scéal.  Creideann an eite dheas gur fearr gnó agus an caipilteachas a chothú chun gach duine a chabhrú, agus dar leis an taithí atá acu ar an saol, déanann sin an gnó níos fearr ná aon rud eile.  Ní fheiceann an eite chlé ach saint ann, ámh.

Ceapann an eite dheas gur daoine saonta maraon le daoine ar mhaith leo an rialtas is cumhachtaí - faoina smacht féin, dar ndóigh - iad lucht na heite clé.  Bíonn siad ag caint faoi rudaí deasa mar chearta daonna srl., ach is cuma leo má chabhraíonn a gcuid polasaithe leis na daoine beaga nó nach gcabhraíonn, i ndáiríre.  Chomh fada agus a shíltear go gcabhraíonn, go dtugtar ainmneacha deasa orthu, agus gur daoine maithe iad (ina dtuairim féin), bíonn siad sásta.  Is cuma leo fíricí is fianaise, den chuid is mó.  Dea-ainmneacha ar na dlithe is na teoiricí, agus dea-thoil na ndaoine maithe mar iadsan (mar dhea), sin na rudaí atá tábhachtach.  Níorbh fhéidir le daoine nach n-aontaíonn leo, agus atá go holc mar sin, aon rud maith a dhéanamh ar son na ndaoine beaga, dar leo. 

Cuirtear i gcás lucht na síochána (mar a thugann siad orthu féin).  Tá gach cogadh go holc, dar leo.  Is cuma leo nach ionann síochán agus easpa cogaidh.  Tá an cogadh go holc mar rud.  Deir siad gur maith leis an eite dheas cogaí (mar is daoine olca iad).  Ach ní fíor sin.  Tuigeann lucht na heite dheas go bhfuil rudaí ann atá níos measa ná cogaí.  Agus go spreagann lagaíocht fadhbanna i bhfad níos measa ná cogadh ceart ag an am ceart.  Fiú nach raibh cogaí maithe iad na cogaí i Vítneam nó san Iaráic, bhí siad riachtanach dar le mórán daoine.  Agus pé scéal, tharla siad, agus rinneadh an-dochar nuair a d'éirigh na Stáit Aontaith astu gan bheann ar na daoine a fágadh ina ndiaidh.  Ní raibh síochán ann (agus níl fós san Iaráic) mar gheall ar pholasaithe lucht na síochána.  Ach is daoine maithe iad mar bíonn siad i gcoinne aon chogadh.

Ach le fírinne, ní cheapann an eite chlé go mbíonn gach cogadh go holc.  Fíor-chogaí, cinnte.  Ach is breá leo an t-ainm 'cogadh' a chur ar rudaí eile.  Cogadh in éadan an bhochtanais, mar shampla.  Nó, más bolscaireacht i gcoinne na ndaoine olca (daoine nach nglacann le gach rud ar mhaith leo), tugann siad 'cogadh in éadan na mban' ar aon iarracht chun an ginmhilleadh a chosc, nó pé rud eile nach n-aontaíonn siad leis.  Is breá leo focail gan a mbrí nadúrtha, agus sofhriotail, mar 'rogha na mná' in ionad 'bású linbh'.

Le bheith cothrom, bhí cogaí bréaga ag an eite dheas, freisin, mar an cogadh in éadan drugaí.  Níor éirigh leis an gcogadh sin aon phioc ní ba mhó ná an bréagchogadh in éadan an bhochtanais.  Ach is breá le gach saghas polaitiúra focail dheasa.  Agus tá difear ann idir iarracht ar coireanna a stadadh agus iarracht ar an saol a fhoirfiú.

Glacann an eite chlé le teoiricí faoin duine.  Glacann an eite dheas leis an saol mar atá.  Sa sóisialachas, ceaptar go mbeidh gach duine sásta a bheith chomh bocht le haon duine eile.  Tuigtear ar an eite dheas nach amhlaidh an cine daonna.  Ceaptar ar an eite chlé gurb fhéidir an saol seo a dhéanamh foirfe.  Tuigtear ar an taobh eile nach féidir a leithéid ar chor ar bith.  Déanaimid ár ndícheall agus glacamaid nach mbíonn gach duine go deas agus sásta daoine eile a chur roimh a chuid buntáistí féin.  Síleann roinnt den eite ché gur fiú gach saghas uafás más ar son an tsaoil fhoirfe a dhéantar é.  Níor éirigh riamh leis an gcumannachas, ach creidtear nach ndearna i gceart go fóill é, agus sin an fáth.  Tuigtear ar an taobh eile gur amaideach sin.  Feictear go mbíonn an capaitleachas ábalta saibhreas gach duine a mhéadú thar aon chóras eile.  Ach is fearr leis an eite chlé na teoiricí deasa, seachas an saol casta crua mar atá.

Tugtar 'eite dheas' ar a ríthe agus deachtóirí, freisin.  Ní cheadaíonn a leithéid aon rud ach rialacha dochta dá gcuid féin.  Ní féidir aon rud a athrú (gan cead uathu).  Deirtear, agus is fíor seo, dar liom, go mbíonn an dá thaobh níos cosúla lena chéile a fhaide is a théann siad ina dtreo féin.  Sin mar a raibh a leithéid de Sóisialacha Náisiúnta ann sa Ghearmáin.

Tá dearach an-difriúil ag an dá thaobh ar an saol, go ginearálta.  Is bán agus dubh don duine seo, an rud atá dubh agus bán don duine eile.  Agus nuair nach mbíonn siad sásta meas ar bith a thabhairt dóibh siúd nach n-aontaíonn leo (mar is nós le Obama, mar shampla), ní bhíonn aon chomhghéilleadh ann.  Ní féidir comhghéilleadh a dhéanamh mura mbíonn an dá thaobh araon ábalta aon rud a ghéilleadh, dar ndóigh.  Ní mór go nglacann siad go léir leis na rialacha céanna, i gcúrsaí rialtais ar a laghad, chun a bheith ábalta aon obair a dhéanamh lena chéile.  Ní hamhlaidh a bhíonn le déanaí, faraor.

Ní bhíonn gach athrú go dona, ná go maith.  Is féidir fíricí is fianaise an tsaoil a phlé.  Is féidir trialacha a dhéanamh de rudaí, agus rudaí a dheisiú de réir a chéile.  Sin an plean a bhí ag bunaitheoirí na Stát Aontaithe, agus ba phlean maith é.  Ach ní bhíonn daoine an lae inniu ábalta fiú na fíricí céanna a ghlacadh maidir le rud ar bith, minic go leor.

Táthar ag súil go mbeidh feabhas ar an scéal ar ball.  Ach idir an dá linn, níl againn ach an vóta.  Buíochas le Dia go bhfuil sé againn fós!