Friday, July 13, 2012

Earrach Arabach?

Bhuel, táim i mo thost le fada, agus bhí sé ar intinn agam an t-ábhar seo a phlé beagán.  Tá Samhradh Arabach ann anois, is dócha, agus tá sé níos léire go bhfuil cúrsaí ag dul in olcas, den chuid is mó.  Ní raibh aon bheochaint na saoirse ann, ach a mhalairt.  Sean-scéal na dtíortha seo, faraor - streachailt idir bocanna móra, idir treibheanna, agus idir seicteanna atá ar siúl.

San Éigipt, tá Comhaltas na Muslamach i réim, nó beidh, de réir dealraimh.  Tuigeann beagnach gach éinne gur eagraíocht atá bunaithe ar an sceimhle sin.  Ach amháin Obama...  Duine beag sa saol mór is ea é fós, faraor, gan a lán tuiscint ar chúrsaí.  Treisíonn sé leis an uachtarán nua dá gcuid, fiú.  Ceapann sé go bhfuil an Comhaltas tuata, den chuid is mó...  Dá mb'amhlaidh!  Ba mhaith leis an uachtarán tuata nua-tofa seo, Mohammed Morsi, saoirse a fháil don Síoc Dall, an sceimhlitheoir is mó dá bhfuil faoi ghlas ag Meiriceá.  Duine deas é, gan dabht.

Is maith leis na Rúisigh Assad sa tSiria.  Ní miste leo Acmadainiseab san Iaráin ach oiread.  Is breá leo méar a chur i súil Mheiriceá (Obama), le fírinne.  Sin toradh ar an 'Cnaipe Reset' a d'fhógair Obama ag tús a réime.  Cacamas.  Is léir nach dtuigeann sé Putin ar chor ar bith, agus go dtuigeann Putin eisean go smior.

Bhí drochscéal ann sa Libia, freisin.  B'fhiú do Mheiriceá buamaí a chaitheamh orthu ansin, dar le Obama - gan cead ó éinne, sa bhaile ná san NA.  Samhlaigh Bush ag déanamh a leithéid!  Bheadh an saol ar fad ag screadadh is ag caoineadh.  Bhuel, pé scéal, rinneadh.  Dóbair go raibh daoine níos measa ná Gadáfaí i mbun na tíre - ach d'éirigh le duine eile.  Fós féin, tá fadhbanna eile sa chomharsanacht sin.

Plus ça change, plus c'est la même chose ...

San Iaráic, tá seans acu.  Tugadh seans dóibh.  Feicfear conas a éireoidh leo, gan a lán tacaíochta míleata uainne as seo amach.  Tá súil agam nach gcaithfidh siad uathu an saoirse a fuair siad.  Bhí (agus tá) sé an-daor.

Ní bheidh réiteach éasca ann riamh sa Mheánoirthear.  Ach tá cúrsaí i bhfad níos deacra gan uachtarán ciallmhar ag na Stáit Aontaithe.  Go raibh ceann nua againn san athbhliain.