Friday, November 28, 2008

Ciúnas

Muise, is fada an lá ón chéad uair roimhe seo gur scríobh mé anseo. Is iomaí leithscéal atá agam, ach le fírinne, ba é bás Kinja a chur isteach orm ní ba mhó ná aon rud eile. Foinse chun gach blag Gaeilge a fheiscint ab ea é, a bhíodh ar fáil do gach éinne, agus gan é sin, braithimid ar a chéile chun naisc a choimeád idir na blaganna go léir. I gcúpla focal, níor scríobh mé mar bhí mé amhrasach go mbeadh éinne á léamh! Táim fós, ach ag dul sa tseans...
Leithscéal eile a bhí agam ná nach raibh post agam (d'aon ghnó ar dtús, ach sin scéal fada eile), agus fuair mé nach raibh sé de mhisneach agam díriú ar aon rud i gceart, agus an imní sin orm faoi mo chuid oibre/airgid (titim tubaisteach an mhargaidh san áireamh). Tuigim an fáth níos fearr anois gur cóir díriú ar phostanna sa Ghaeltacht roimh aon tacaíocht eile don teanga, más mian le héinne go mbeidh rud mar chainteoir dúchais ann as seo amach. Mura bhfuil saol duine diongbháilte, ní bheidh suim dá laghad aige i gcúrsaí cultúrtha nó cúrsaí teangan.
Agus leithscéal eile, tá mé tar éis úrscéal a scríobh, atá foilsithe anois ag Coiscéim. Cogadh Dearg an teidil atá air. Níor scríobh mé mórán áit ar bith ach sin ar feadh i bhfad.
Leithscéal eile ná an ghruaim a bhí orm mar gheall ar an dtoghchán is déanaí a bhí againn anseo i Meiriceá. Ní raibh mé an-tógtha le McCain, le fírinne, ach b'eisean an rogha ab fhearr a bhí againn. Táim an-sásta le Sarah Palin, agus tiocfaidh a lá am éigin amach anseo, b'fhéidir. Ar aon nós, seo mar atá, agus Barack Uasal Ó Bama againn. Thuas seal agus thíos seal, mar a deirtear. Cúis bhróid é do lucht na gcluas mór, ar aon nós...
Agus post agam arís, agus an leabhar críochnaithe (nach mbaineann leis an bpolaitíocht nua-aimeartha ar chor ar bith), agus Ó Bama ag coimeáid oifigeach agus polasaithe áirithe a bhí ag Bush, tá fonn ag teacht ar ais orm cúpla focal a scríobh anseo arís. Go raibh léitheoirí agam!