Friday, January 14, 2005

Na hAirm Ollscriosta

Fadó, scríobh mé ailt fúthu seo. Stadadh a lorg le déanaí, agus de réir gach dealraimh, níl raibh siad ann san Iaráic. Tá seans ann fós go raibh, agus gur imigh a raibh ann go dtí an tSíria agus b'fhéidir an Iaráin.
Cuireann sé isteach go mór ar na frithBhuisí, dar ndóigh. Níl éinne an-sásta leis. Ach cheap mé ar íomhá chun an rud a thuiscint i gceart:
Tá coirpeach ann os do chomhar, agus is poilín tú. Tá an-aithne agat ar an gcoirpeach seo, agus is dúnmharfóir é. Tá coirpigh eile ina thimpeall ag féachaint air mar threoraí. Agus tá a fhios agat go raibh gunnaí aige.
Tá a lámh i bhfolach in a chóta. Deir tú, taispeán dom do lámh, go mbeinn in ann feiscint nach bhfuil gunna agat. Diúltaíonn sé. Tugann tú am go leor dó. Deir tú arís is arís eile go mbeidh iarmhairtí dáiríre dó mura ndéanfaidh sé mar a deir tú. Ach cuireann sé dealramh air go bhfuil gunna aige, agus diúltaíonn sé. Ba bhreá le póilíní eile imeacht agus cead a cheann a thabhairt dó, cé go bhfuil a lán fhios agat go mbeidh sé chun daoine a mharú dá ndéanfar amhlaidh.
Ní mór duit rud éigin a dhéanamh. Tá gá le foréigean ann. Agus bheadh an ceart agat mar phóilín má dhéanann tú rud; ní bheadh mura ndéanann.
Sin an scéal mar a bhí. Is cuma, i ndáiríre, pé acu go raibh gunna aige nó nach raibh.

2 comments:

Conn said...

Braithimse an-mhíshuaimhneasach i dtaobh an scéal seo ar fad. Maidir leis an bpóilín, ní féidir a shéanadh go bhfuil an ceart aige, i gcásanna áirithe, foréigean a úsáid. Ach is póilín aitheanta é, a bhfuil dualgas agus cumhachtaí ar leith aige de bharr na h-oifige a chomhlíonann sé. An cheist mhór i dtaobh Chogadh na h-Iaráice ná: an bhfuil an ceart ag rialtas, nó grúpa rialtaisí, ról an phóilín domhanda a ghlacadh chucu féin? B'fhéidir go bhfuil, mura bhfuil eagraíocht éifeachtach idirnáisiúnta a dhéanfadh an bheart. Ach, in ainneoinn go bhfuilimse (agus formhór mhuintir na h-Eorpa) báiúl le SAM, agus le prionsabail agus luachanna daonlathacha na tíre sin, is cúis imní do roinnt mhaith againn an neamh-áird a tugadh dos na Náisiúin Aontaithe sa chás seo.

Go bunúsach, má thacaíonn tú, le gníomhartha an phóilín, tá sin go breá. Ach mura dtacaíonn tú leo, ar a laghad, is féidir leat glacadh leis ar an mbonn gur póilín oifigiúil é i mbun a dhualgais, agus gur lean sé módhanna aitheanta oifigiúla. Nílim a rá nach raibh an ceart ag SAM an Iaráic a ionsaí (cé nach gcreidim go raibh sna h-Airm Ollscriosta ach leithscéal), ach b'fhusa glacadh leis dá mbeadh dlithiúlacht na Náisiúin Aontaithe aige mar ghníomh.

Séamas Poncán said...

Níl samhail an phóilín foirfe sa chás seo, dar ndóigh. Garda príobháideach, b'fhéidir? Ceapadh (agus an ceart ann, dar liom) go raibh baint ag an Iaráic leis an gcogadh i gcoinne na sceimhlitheoireachta. Tugadh gach seans do na NA seasamh lena bhfocail, ach theip orthu. Níos measa fós, bhí roinnt díobh ag taobhú le Saddam, mar gheall ar an airgead (agus a gcuid fuatha do Mheiriceá mar an t-aon ollchumhacht).
Scríobh mé cheana féin faoin NA, agus faoi dheathacht an chogaidh. Féach an seancheann seo, mar shampla.